2 Samúéil 23
23
1Seo iad briathra deireanacha Dháiví:
Oracal Dháiví, mac Ieise,
oracal an fhir a ardaíodh go hard,
ungthach Dhia Iacóib,
cantaire duanta Iosrael.
2Labhraíonn Spiorad an Tiarna tríomsa,
tá a bhriathar ar mo theanga.
3Labhair Dia Iacóib
agus dúirt Carraig Iosrael liom:
An té a rialaíonn daoine leis an gceart,
agus a bhfuil eagla Dé air ag rialú dó,
4is cuma é nó gile na maidine le héirí gréine–
agus an spéir gan scamall–
ag glioscarnach ar fhéar an bháin tar éis báistí.
5Seasann mo theach daingean i láthair Dé,
mar rinne sé conradh síoraí liom,
agus dʼfhág gach ní in eagar go teann.
Nach gcuireann sé bláth ar gach ní a shlánaíonn mé
gach ní is mian liom?
6An mhuintir aindiaga is cuma iad nó deilgneach an fhásaigh,
nach mbailítear choíche le láimh duine:
7ach an té a bhaineann leo,
gabhann sé chuige iarann nó crann sleá
agus ansin dóitear ar fad iad sa tine.
Gaiscígh Dháiví
8Seo iad ainmneacha na ngaiscíoch a bhí ag Dáiví: Ís Bál an Hacmonach, ceannaire an triúir; dʼimir sé a thua chatha ar ocht gcéad agus mharaigh sé iad le chéile. 9Ina dhiaidh sin, ar an triúr gaiscíoch, bhí Eileázár mac Dhodó mac Achochaí. Bhí seisean le Dáiví [ag Pas Damaín] nuair a thionóil na Filistínigh chun catha ansiúd agus a chúlaigh clann Iosrael rompu. 10Sheas seisean an fód agus bhí sé ag treascairt na bhFilistíneach go dtí gur éirigh a lámh chomh curtha sin gur cheangail sé í den chlaíomh. Thug an Tiarna bua mór chun críche an lá sin; dʼfhill an t‑arm i ndiaidh Eileázár, ach ba chun creiche amháin a rinneadar sin. 11Ina dhiaidh sin bhí Seamá mac Áigé an Harárach. Thionóil na Filistínigh ag Leichí mar a raibh gort lán de lintilí. Theith an t‑arm roimh na Filistínigh. 12Ach sheas seisean an fód i lár an ghoirt, chosain é, agus mharaigh na Filistínigh. Chuir an Tiarna bua mór i gcrích ar an gcuma sin.
13Ghabh triúr den tríocha taoiseach síos agus thángadar timpeall aimsir an fhómhair go Dáiví san uaimh in Adulám nuair a bhí longfort ag buíon Filistíneach i nGleann Rafáím. 14Bhí Dáiví ansin sa dún, agus bhí garastún Filistíneach an uair sin i mBeithil. 15Agus dúirt Dáiví le tnúth: “Uch, nár bhreá liom dá dtabharfadh duine éigin deoch uisce dom as tobar Bheithile atá le taobh an gheata!” 16Ansin bhrúigh an triúr gaiscíoch trí longfort na bhFilistíneach agus tharraing siad uisce as an tobar ag geata Bheithile agus thug siad leo é agus thug siad do Dháiví é. Ach ní ólfadh sé é ach é a dhoirteadh mar ofráil don Tiarna. 17“Gura fada uaim, a Thiarna,” ar sé, “é seo a ól! An ólfainn fuil na ndaoine a chuir a n‑anam i mbaol ar eachtra?” Ní ólfadh sé é dá bhrí sin. Sin iad bearta an triúr gaiscíoch.
18Ba é Aibísí deartháir Ióáb agus mac Zarúá ceannaire an tríochad. Eisean a dʼimir a shleá ar an trí chéad fear agus a mharaigh iad, agus a thuill cáil i measc an tríochad. 19Ba mhó cáil é ná an tríocha, agus rinneadh captaen orthu de, ach ní raibh dul aige ar an triúr.
20Banáiá mac Iahóideá, laoch ó Chabzael, fear déanta mórghníomh, threascair sé dhá churadh Mhóáb. Agus lá sneachta chuaigh sé síos isteach in uaimh agus mharaigh leon ann. 21Agus mharaigh sé Éigipteach, fear dealraitheach; bhí sleá ina láimh ag an Éigipteach, ach ghabh Banáiá síos chuige agus bata ina láimh, sciob an tsleá as láimh an Éigiptigh agus mharaigh é lena shleá féin. 22Ba shin iad bearta Bhanáiá mac Iahóideá a thuill cáil dó féin i measc an tríochad. 23Ba mhó cáil é na an tríocha, ach ní raibh dul aige ar an triúr. Chuir Dáiví é i gceannas ar a gharda féin.
24Duine den tríocha ab ea Asáhael deartháir Ióáb.
Ealchánán mac Dhodó ó Bheithil.
25Seamá ó Harod.
Eilíceá ó Harod.
26Heiliz ó Phalat.
Íorá mac Icéis ó Theacóá.
27Aibíeizir ó Anatót.
Sibeacaí ó Huiseá.
28Zalmón ó Achot.
Maharaí ó Natofá.
29Héilib mae Bháná ó Natofá.
Iotaí mac Ríbí ó Ghibeá de threibh Bhiniáimin.
30Banáiá ó Phioráton.
Hidí ó ghleannta Gháis.
31Aibíalbón ó Bhéit Arabá.
Azmávat ó Bhachúraím.
32Eiliachbá ó Shálbón.
Clann Iáiséin Iónátán.
33Seamá ó Harar.
Aichíám mac Sheárár ó Harár.
34Eilífilit mac Achasbaí ó Bhéit Mácá.
Eilíám mac Aichítifeil ó Ghíolo.
35Heazro ó Chairmeil.
Páraí ó Arab.
36Igeál mac Nátán ó Zóbá.
Bánaí an Giteach.
37Zeilic an tAmónach.
Nacharaí ó Bhaerót a dʼiompar airm Ióáb mac Zarúá.
38Íreá ó Iaitir.
Gáraeb ó Iaitir.
39Úiríá an Hiteach–
Seachtar agus tríocha ar fad.
Currently Selected:
2 Samúéil 23: ABN
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 1981
Úsáidtear le cead. Used by permission.