YouVersion Logo
Search Icon

2 Samúéil 22

22
Laoi Dháiví
1Dúirt Dáiví focail na laoi seo leis an Tiarna nuair a shaor an Tiarna é as láimh a naimhde go léir agus as láimh Shóil. 2Is é a dúirt sé:
An Tiarna mo charraig, mo dhaingean;
3Sé mo Dhia mʼfhuasclóir.
Téim ar a choimirce, ós é mo charraig é,
mo sciath, agus adharc mo shlánaithe,
mo dhún, mo dhídean, mo shlánaitheoir.
Déanann tú mé a fhuascailt ón éigean.
4Glaoim ar an Tiarna, moladh go deo leis,
agus fuasclaítear mé ó mo naimhde.
5Ghabh tonnta an bháis i mo thimpeall,
agus bhris tuilte urchóide i mʼaghaidh.
6Cuireadh téada Sheól mar chuibhreach orm
agus gaistí an bháis ar tinneall romham.
7Ghlaoigh mé ar an Tiarna as mo ghátar;
dʼéigh mé chun mo Dhé.
Chuala sé mo ghlór óna theampall,
agus thug sé cluas do mo ghlao.
8Luaisc agus chrith an talamh;
tháinig creathán ar mháithreacha na spéire–
tháinig creathán orthu de bharr a chuid feirge.
9Ghabh gal suas ó pholláirí a shróine,
agus óna bhéal tine íditheach
a las sméaróidí dearga.
10Chlaon sé na spéartha agus thuirling sé,
agus scamall dubh faoina chosa.
11In airde ar cheirib leis agus dʼeitil,
agus bhí ar foluain ar sciatháin na gaoithe.
12Rinne sé forscáth ina thimpeall den dorchadas.
Agus both de na huiscí dubha, na scamaill thiubha.
13Roimhe amach dʼadhain splanc,
casair agus caora tintí.
14Rinne an Tiarna toirneach ó na spéartha
agus ba chlos glór an té is airde.
15Theilg sé a shaigheada agus scaip iad;
scaoil leis an tintreach agus chuir an teitheadh orthu.
16Nochtadh grinneall an bhfarraigí,
agus bhí radharc ar mháithreacha na cruinne,
de bharr bhagairt an Tiarna
agus borradh ghal a pholláirí.
17Shín sé a lámh chugam ó na harda
agus sciob sé mé as na huiscí doimhne.
18Dʼfhuascail sé mé ó mo namhaid tréan,
uathu siúd a thug fuath dom,
mar go raibh siad róláidir dom.
19Thángadar sa mhullach orm lá mo thubaiste,
ach ba é an Tiarna mo thaca;
20dʼfhuascail sé mé agus scaoil sé saor mé;
tháinig sé i gcabhair orm, mar tá grá aige dom.
21Déanann an Tiarna cúiteamh liom de réir mʼfhíréantachta;
déanann sé díolaíocht liom de réir ghlaine mo lámh,
22mar choinnigh mé slite an Tiarna,
agus níor thug mé cúl go mailíseach le mo Dhia.
23Tá a bhreitheanna go léir os comhair mo shúl,
ná níor chuir mé a reachtanna i leataobh uaim.
24Táim gan choir ina fhianaise
agus sheachain mé an peaca.
25Déanann an Tiarna cúiteamh liom de réir mʼfhíréantachta,
de réir mʼionracais ina láthair.
26Is dílis tú le lucht na dílseachta
agus is neamhurchóideach thú leis an muintir gan urchóid.
27Is glan tú le lucht na glaine croí,
ach cuireann tú cor in aghaidh an chaim.
28Fuasclaíonn tú an mhuintir umhal,
ach tá do shúile ar lucht an uabhair lena n‑ísliú.
29Is tú féin, a Thiarna, mo lóchrann,
agus soilsíonn mo Dhia mo dhorchadas.
30Brúchtaim thar an mbarbacán le do chabhair,
agus le cabhair Dé léimim thar balla.
31Dia seo againn, tá a shlí gan cháim;
níl fochall i bhfocal an Tiarna;
is sciath é don mhuintir go léir
a théann faoina dhídean.
32Cé eile is Dia ann ach an Tiarna?
Cé eile is carraig ach Dia seo againne?
33Sé an Dia seo crios mo nirt,
a dʼfhág mo chosán gan bhaol.
34Rinne sé mo chosa mar chosa an fhia,
agus dhaingnigh mo bhoinn ar na harda.
35Oileann sé mo lámha don chath,
i dtreo go lúbfadh mo ghéaga bogha cré-umha.
36Thug tú dom do sciath fuascailte,
agus is díon agam do chathéide.
37Rinne tú réiteach fairsing do mo bhoinn fúm
agus níor shleamhnaigh mo chosa.
38Téim sa tóir ar mo naimhde agus scriosaim iad,
gan filleadh ar ais go mbíonn siad ídithe.
39Leagaim ar lár iad agus ní éiríonn siad;
titeann siad agus bíonn siad faoi mo chosa.
40Óir chuir tú neart mar chrios fúm don chath,
agus lúb tú lucht mʼionsaithe síos fúm.
41Chuir tú dʼiallach ar mo naimhde a gcúl a thabhairt liom;
an mhuintir arbh fhuath leo mé, scrios mé iad.
42Dʼfhéach siad ach ní raibh fear a dtarrthála ann;
ghlaoigh siad chun an Tiarna, ach fágadh iad gan freagra.
43Meilim iad chomh mín le smúit na talún,
pasálaim is brúim iad mar a bheadh láib na sráideanna.
44Déanann tú mé a fhuascailt ó chine na ceannairce
agus mé a chur ar cheann na náisiún.
Pobal nárbh eol dom, tá siad anois ag seirbhís dom.
45Tagann eachtrannaigh ag lútáil chugam.
A luaithe a chluineann siad mo ghlór, géilleann siad dom.
46Cailleann eachtrannaigh a misneach
agus tagann siad amach as a ndaingin ar ballchrith.
47Dé bheatha, a Thiarna. Gura beannaithe mo charraig.
Go mórtar mo Dhia, carraig mo shlánaithe,
48Dia a rinne díoltas dom,
a threascair ciníocha fúm,
49a shaor mé ó mo naimhde,
a dʼardaigh mé os cionn lucht mʼionsaithe,
a dʼfhuascail mé ó fhear an éigin.
50Dá bharr sin déanfaidh mé thú a mhóradh, a Thiarna,
i measc na gciníocha,
agus moladh a chanadh do dʼainm.
51Tugann sé an bua go raidhsiúil dá rí;
taispeánann a bhuanghrá dá ungthach,
do Dháiví agus dá chomharbaí go brách.

Currently Selected:

2 Samúéil 22: ABN

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in