YouVersion Logo
Search Icon

2 Samúéil 24

24
Daonáireamh
1Las fearg an Tiarna arís in aghaidh Iosrael agus spreag sé Dáiví ina n‑aghaidh. “Téigh,” ar sé, “agus déan daonáireamh ar Iosrael agus ar Iúdá.” 2Dúirt an rí le Ióáb agus leis na hoifigigh shinsir den arm a bhí in éineacht leis: “Imígí libh anois i measc treibheanna Iosrael ó Dhán go Béar Seaba agus déanaigí daonáireamh; is mian liom a fhios a bheith agam cad é líon an phobail.” 3Dúirt Ióáb leis an rí: “Go gcuire an Tiarna, do Dhia, an rath faoi chéad ar do phobal fad tá súile ag an rí fós chun iad a fheiceáil. Ach cad ab áil le mo thiarna an rí a bheith chomh tógtha leis seo?” 4Ach chuir an rí a ordú i bhfeidhm ar Ióáb agus na hoifigigh shinsir, agus dʼimigh Ióáb agus na hoifigigh shinsir leo ó láthair an rí chun daonáireamh a dhéanamh ar phobal Iosrael.
5Ghabhadar thar Iordáin agus thosaíodar le hAroéir agus leis an gcathair atá i lár an ghleanna, agus ar aghaidh go Gád agus Iazaer. 6Chuadar as sin go Gileád agus go Cáidéis i dtír na Hiteach; ansin chuadar go Dán, agus ó Dhán timpeall go Síodón. 7Thángadar ansin go daingean na Tuíre agus go cathracha uile na Hiveach agus na gCanánach, agus ag sroicheadh ceann cúrsa i Neigib Iúdá ag Béar Seaba. 8Tar éis dóibh gabháil tríd an tír go léir dʼfhilleadar ar Iarúsailéim faoi cheann naoi mí agus fiche lá. 9Thug Ióáb figiúir an daonáirimh don rí: ocht gcéad míle fear troda, lucht claíomh a tharraingt, a bhí in Iosrael agus cúig céad míle in Iúdá.
10Ach tháinig aiféala ar Dháiví ina chroí istigh ar ball cionn is go ndearna sé daonáireamh ar an bpobal. “Tá peaca trom déanta agam,” ar sé leis an Tiarna. “Ach anois, a Thiarna, impím ort an cion seo a mhaitheamh do do sheirbhíseach. Ba an-amaideach an rud dom é.” 11Nuair a dʼéirigh Dáiví an mhaidin ina dhiaidh sin, bhí teachtaireacht ón Tiarna go dtí Gád fáidh, fear feasa Dháiví, á rá: 12“Téigh agus abair le Dáiví: seo mar a deir an Tiarna: ‘Tairgim trí rud duit; bíodh do rogha agat astu agus déanfaidh mé duit é.’ ”
13Chuaigh Gád chuig Dáiví mar sin agus dʼinis sé sin dó. “Cé acu is fearr leat,” ar seisean, “trí bliana de ghorta a theacht ort i do thír féin, nó thú a bheith trí mhí ar do sheachaint agus do namhaid sa tóir ort, nó plá a bheith ar do thír ar feadh trí lá? Déan do mhachnamh air anois agus socraigh cad é an freagra a thabharfaidh mé don té a chuir uaidh mé.” 14Dúirt Dáiví le Gád: “Is é rogha na ndíogha agam é! Ach is fearr go dtitimis i láimh an Tiarna, óir is mór é a thrócaire, agus gan mé a thitim i lámha daoine.” 15Mar sin thogh Dáiví an phlá.
Aimsir fhómhar na cruithneachta a bhí ann. Chuir an Tiarna plá ar Iosrael ón maidin go dtí an uair a bhí leagtha amach agus rinne aicíd léirscrios ar an bpobal, agus ó Dhán go Béar Seaba fuair seachtó míle acu bás. 16Shín an t‑aingeal a lámh amach ionsar Iarúsailéim lena scrios, ach rinne an Tiarna athsmaoineamh faoin olc seo agus dúirt sé leis an aingeal a bhí ag scrios an phobail: “Is leor sin! Fóill ar do láimh!” Bhí aingeal an Tiarna le hais urlár buailte Arauná an Iabúsach. 17Nuair a chonaic Dáiví an t‑aingeal a bhí ag scrios an phobail, labhair sé leis an Tiarna: “Is mise a pheacaigh,” ar sé, “is mise a rinne an drochrud seo. Ach an tréad seo, cad atá déanta acusan? Luíodh do lámh go trom ormsa mar sin, impím ort, agus ar mo chlann.”
18Chuaigh Gád go Dáiví an lá sin agus dúirt leis: “Gabh suas agus tóg altóir don Tiarna ar urlár buailte Arauná an Iabúsach.” 19Ar fhocal Ghád, ghabh Dáiví suas ar ordú an Tiarna. 20Nuair a dʼfhéach Arauná síos agus go bhfaca sé an rí agus a oifigigh ag céimniú ina threo, chuaigh sé ar aghaidh agus chrom chun talún in ómós don rí. 21“Cén fáth ar tháinig mo thiarna an rí chun a shearbhónta?” a dʼfhiafraigh Arauná. Dʼfhreagair Dáiví: “Chun an t‑urlár buailte a cheannach uait le haltóir a thógáil don Tiarna ionas go staonfadh an phlá den phobal.” 22Dúirt Arauná le Dáiví: “Tógadh mo thiarna an rí é, agus íobraíodh sé a rogha. Seo iad na daimh don íobairt uileloiscthe, na súistí agus na cuingeacha mar adhmad. 23Tugann Arauná iad sin go léir don rí. Agus go nglaca an Tiarna, do Dhia, leat,” arsa Arauná. 24Ach dúirt an rí le hArauná: “Ní dhéanfaidh mé amhlaidh, ach díolfaidh mé as le hairgead. Ní dhéanfaidh mé íobairtí uileloiscthe nár chosain aon ní orm a ofráil don Tiarna mo Dhia.” Thug Dáiví dá bhrí sin caoga seicil airgid ar an urlár buailte agus ar na daimh. 25Thóg Dáiví altóir ansiúd don Tiarna agus dʼofráil sé íobairtí uileloiscthe agus íobairtí comaoineach. Ansin dʼéist an Tiarna leis na hachainíocha ar son na tíre agus casadh an phlá ar shiúl ó Iosrael.

Currently Selected:

2 Samúéil 24: ABN

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in