YouVersion Logo
Search Icon

2 Samúéil 13

13
Éigníonn Amnón Támár
1Mar seo a bhí ina dhiaidh sin. Bhí deirfiúr álainn ag Aibseálóm mac Dháiví darbh ainm Támár. Thit Amnón mac Dháiví i ngrá léi. 2Bhí Amnón chomh cráite faoina dheirfiúr Támár gur éirigh sé tinn; ba mhaighdean í agus shíl Amnón nárbh fhéidir dó aon ní a dhéanamh léi. 3Ach bhí cara ag Amnón, darbh ainm Iónádáb, mac Shimeá, deartháir Dháiví. Fear an-chliste a ba ea Iónádáb. 4“A mhic an rí,” ar sé leis, “cén fáth a mbíonn tú caite maidin i ndiaidh na maidine? Nach n‑inseoidh tú dom?” Dúirt Amnón leis: “Táim i ngrá le Támár, deirfiúr Aibseálóm, mo dheartháir.” 5Dúirt Iónádáb leis: “Luigh síos ar do leaba agus lig ort go bhfuil tú tinn. Nuair a thiocfaidh dʼathair ar cuairt chugat abair: ‘Tagadh mo dheirfiúr Támár agus tugadh sí rud éigin le hithe dom, déanadh sí an bia a ullmhú os comhair mo shúl le go bhfeicfinn é, agus go n‑íosfainn é as a láimh.’ ” 6Luigh Amnón síos dá bhrí sin agus lig sé air a bheith tinn. Nuair a tháinig an rí ar a thuairisc, dúirt Amnón leis an rí: “Tagadh mo dheirfiúr Támár agus déanadh sí cáca nó dhó os mo chomhair le go n‑íosfainn as a láimh.” 7Chuir Dáiví teachtaireacht go Támár: “Téigh go teach do dhearthár Amnón, agus ullmhaigh bia dó.” 8Chuaigh Támár dá bhrí sin go teach a dearthár Amnón, mar a raibh sé ina luí. Fuair sí taos, dʼfhuin é, agus rinne cácaí os comhair a shúl, agus bhruith sí na cácaí. 9Ansin thóg sí an t‑oigheann, agus scaoil amach os a chomhair iad, ach dhiúltaigh sé greim a ithe. “Imíodh gach aon duine amach uaim,” arsa Amnón, agus dʼimíodar. 10Ansin dúirt Amnón le Támár: “Tabhair an bia isteach sa seomra laistigh le go n‑íosfainn as do láimh.” Rug Támár ar na cácaí a bhruith sí agus thug léi isteach iad go dtí a deartháir Amnón sa seomra laistigh. 11Agus í ag tabhairt an bhia ina chóngar, rug sé greim uirthi agus dúirt léi: “Tair agus luigh liom, a shiúr.” 12“Stad, a bhráthair liom,” ar sí, “ná héignigh mé! Ní dhéantar a leithéid in Iosrael. Ná déan an choir ghránna sin. 13Cá rachainn ag iompar mʼaithise? Agus maidir leat féin, bheifeá i dʼóinmid gan náire in Iosrael. Imigh leat, impím ort, agus labhair leis an rí; ní dhiúltóidh sé mé a thabhairt duit.” 14Ach ní éistfeadh sé léi; fuair sé an lámh in uachtar uirthi; dʼéignigh sé í, agus luigh léi.
15Tháinig gráin mhór ag Amnón ansin di; an ghráin a bhí aige di, ba thréine í ná an grá a bhí aige roimhe sin di. Dúirt Amnón léi: “Bí i do shuí agus imigh leat.” 16“Ní dhéanfaidh mé, a dheartháir,” ar sí, “ba mhó de choir mé a chur chun siúil ná an ceann eile a rinne tú i mʼaghaidh.” Ach ní thabharfadh sé cluas di. 17Ghlaoigh sé ar an óglach a bhí ag freastal air: “Cuir an bhean seo amach as mo radharc uaim,” ar sé, “agus cuir an bolta ar an doras ina diaidh.” 18(Bhí fallaing le muinchillí fada á caitheamh aici, mar sin é a chaitheadh iníonacha an rí sa seansaol roimh phósadh dóibh.) Chuir an t‑óglach amach í agus chuir an bolta ar an doras ina diaidh. 19Chuir Támár luaithreach ar a ceann, stróic sí an fhallaing fhada a bhí uirthi, agus dʼimigh léi ag gol in ard a cinn ar an tslí di.
20Dúirt a deartháir Aibseálóm léi: “An raibh do dheartháir Amnón ina luí leat? Socair anois, a dheirfiúr; sé do dheartháir é. Ná cuireadh sé seo buairt ar do chroí.” Ach dʼfhan Támár go dubhach brónach i dteach a dearthár, Aibseálóm. 21Nuair a chuala Dáiví rí an scéal go léir, tháinig an-fhearg air; [ach ní raibh aon fhonn air díobháil a dhéanamh dá mhac Amnón mar go raibh cion aige air; ba é a chéadghin é]. 22Ach ní raibh focal maith ná drochfhocal ag Aibseálóm le hAmnón; mar bhí an ghráin ag Aibseálóm ar Amnón mar gur éignigh sé a dheirfiúr Támár.
Maraíonn Aibseálóm Amnón agus Teitheann
23Dhá bhliain ina dhiaidh sin, nuair a bhí a mheitheal bearrthóirí ag Aibseálóm ag Bál Házór atá láimh le hEafráim, thug Aibseálóm cuireadh do chlann mhac an rí go léir. 24Tháinig Aibseálóm chuig an rí agus dúirt: “Tá an mheitheal bhearrtha ag do shearbhónta; an mbeadh an rí agus a fheidhmeannaigh sásta teacht le do shearbhónta?” 25Dʼfhreagair an rí agus dúirt le hAibsealóm: “Ní dhéanfaimid, a mhic; níor chóir dúinn go léir teacht agus bheith inár n‑ualach ort.” Cé go raibh Aibseálóm ag tathant air, ní rachadh sé ach chuir a bheannacht leis. 26Lean Aibseálóm air: “Mura dtiocfaidh tusa, lig do mo dheartháir Amnón dul linn ar a laghad.” “Cén fáth,” arsa an rí leis, “a rachadh seisean leat?” 27Ach lean Aibseálóm air ag tathant air go dtí gur lig sé dʼAmnón agus do chlann mhac an rí go léir dul leis. Dʼullmhaigh Aibseálóm fleá ríoga, 28agus ansin thug sé ordú dá ghiollaí: “Cuirigí cluas oraibh féin! Nuair a bheidh Amnón súgach ón bhfíon, agus go ndéarfaidh mise: ‘Buailigí Amnón,’ maraígí ansin é. Ná bíodh eagla oraibh! Nár thug mé ordú daoibh? Bíodh misneach agaibh agus bígí calma!” 29Thug giollaí Aibseálóm an íde a dʼordaigh Aibseálóm ar Amnón. Phreab clann mhac an rí go léir ina suí ansin agus léim ar a miúileanna agus theith leo.
30Fad a bhíodar ar an mbóthar chuala Dáiví an ráfla: “Mharaigh Aibseálóm clann mhac an rí gan fear inste scéil a theacht slán.” 31Dʼéirigh an rí, stróic a chuid éadaigh, agus luigh ar an talamh. Stróic a raibh dá fheidhmeannaigh ag freastal air a gcuid éadaigh chomh maith. 32Ach labhair Iónádáb mac Shimeá, deartháir Dháiví: “Ná síleadh mo thiarna,” ar sé, “gur mharaigh siad na fir óga go léir, clann mhac an rí. Níl marbh ach Amnón amháin, mar bhí an bhagairt sin le léamh ar aghaidh Aibseálóm ón lá a dʼéignigh Amnón a dheirfiúr Támár. 33Ná bíodh sé á thaibhreamh do mo thiarna an rí go bhfuil clann mhac an rí go léir marbh. Níl marbh ach Amnón amháin.” 34Agus theith Aibseálóm.
Dʼardaigh an fear faire a shúile agus chonaic díorma mór chuige le fána bhóthar Bhachúraím. [Tháinig sé lena rá leis an rí: “Chonaic mé fir chugainn le fána bhóthar Bhachúraím] ar thaobh an tsléibhe.” 35Dúirt Iónádáb leis an rí: “Seo chugainn clann mhac an rí; tá críoch an scéil faoi mar a dúirt do shearbhónta.” 36Ní raibh na focail ach as a bhéal nuair a tháinig clann mhac an rí agus rinneadar caoineadh agus olagón in ard a ngutha; ghoil an rí agus a fheidhmeannaigh go géar chomh maith. 37Theith Aibseálóm, ámh, agus tháinig go Talmai, mac Aimíohúd, rí Ghisiúr, agus dʼfhan sé ansiúd ar feadh trí bliana. 38Bhí an rí ag caoineadh a mhic i gcaitheamh an ama sin go léir.
39Ní raibh olc ina chroí ag an rí in aghaidh Aibseálóm a thuilleadh nuair a tháinig sé chuige féin tar éis bhás Amnón.

Currently Selected:

2 Samúéil 13: ABN

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in