YouVersion Logo
Search Icon

2 Samúéil 14

14
Filleann Aibseálóm
1Thug Ióáb mac Zarúá faoi deara go raibh croí an rí ag caitheamh i ndiaidh Aibseálóm arís. 2Chuir Ióáb fios go Teacóá dá bhrí sin ar bhean chliste, agus dúirt sé léi: “Lig ort a bheith ag caoineadh; cuir éadach caointe ort; ná cuir ola ort féin; agus iompair thú féin mar bhean a bheadh ag caoineadh an mhairbh le fada an lá; 3téigh go dtí an rí agus abair a leithéid seo leis,” agus chuir Ióáb a raibh le rá aici ina béal.
4Tháinig an bhean ó Theacóá chun an rí, agus chaith sí í féin ar a béal ina láthair, agus thug ómós dó, agus dúirt: “Fóir orm, a rí!” 5“Cad tá ort?” arsa an rí léi. “Mo chreach, is baintreach mé; tá mo chéile tar éis bháis. 6Bhí beirt mhac ag dʼionailt, agus dʼéirigh eatarthu amuigh sa ghort gan fear a n‑idirghabhála ann. Bhuail duine díobh an duine eile agus mharaigh é. 7Anois tá an fine go léir éirithe i gcoinne dʼionailte: ‘Tabhair ar láimh an fear a mharaigh a dheartháir,’ a deir siad; ‘beidh a anam againn in éiric anam an té a mharaigh sé, agus millfimid an t‑oidhre chomh maith.’ Múchfaidh siad ar an gcuma sin cibé síol atá fágtha ar mo theallach agus ní fhágfaidh siad ainm ná sliocht ag mʼfhear céile ar chlár na cruinne.” 8“Téigh abhaile,” arsa an rí ansin leis an mbean, “agus tabharfaidh mé féin orduithe i dtaobh do cháis.” 9Dúirt an bhean ó Theacóá leis an rí: “A thiarna rí! Go raibh an chiontacht ormsa agus ar mo mhuintir! Go raibh an rí agus a ríchathaoir gan locht!” 10“Tabhair chugam an fear a rinne bagairt ort,” a dúirt an rí, “agus ní leagfaidh sé lámh go deo arís ort.” 11Dúirt sí ansin: “Glaodh an rí, lena thoil, ar ainm an Tiarna, a Dhia, dʼfhonn nach ndéanfadh an díoltasaí fola a thuilleadh marú agus mo mhac a mhilleadh.” “Dar an Tiarna beo,” ar sé, “ní thitfidh ribe de ghruaig do mhic chun na talún.”
12Ansin dúirt an bhean: “Lig do dʼionailt rud éigin eile a rá le mo thiarna an rí.” “Lean ort,” ar sé. 13“Cén fáth más ea,” arsa an bhean, “a ndearna an rí comhcheilg in aghaidh phobal Dé agus gan an té a dhíbir sé a thabhairt ar ais abhaile–mar leis an mbreith seo déanann an rí é féin a dhaoradh. 14Tá an bás i ndán dúinn go léir; is cuma sinn nó uisce a doirteadh ar an talamh nach féidir a bhailiú le chéile aris; ní mó ná sin a ardaíonn Dia duine ón mbás. Déanadh [an rí] mar sin seift ar son an té a díbríodh le nach bhfanfadh sé i bhfad i gcéin uaidh ar deoraíocht. 15Is é cúis faoinar tháinig mé le labhairt ar an ábhar seo le mo thiarna an rí, mar gur chuir daoine eagla orm, agus rith sé le dʼionailt: ‘Labhróidh mé leis an rí; bʼfhéidir go ndéanfadh an rí mar a iarrfaidh a ionailt air. 16Mar déanfaidh an rí rud orm agus déanfaidh sé a ionailt a fhuascailt ó lámha an té a ghearrfadh mise agus mo mhac mar aon liom amach ó oidhreacht Dé. 17Go ndéana briathra mo thiarna an rí,’ a dúirt mé liom féin, ‘mé a chur chun suaimhnis. Mar tá mo thiarna an rí ar aon dul le haingeal Dé ag scagadh olc agus maith.’ Go raibh an Tiarna do Dhia leat!” 18Thug an rí freagra uirthi á rá: “Ná seachain aon cheist atáim a chur chugat, le do thoil.” “Cuireadh mo thiarna an rí a cheist chugam,” ar sí. 19“Nach bhfuil lámh Ióáb ar do chúl sa ghnó seo go léir?” dʼfhiafraigh an rí. Dʼfhreagair an bhean agus dúirt: “Chomh cinnte agus atá tú i do bheatha, a thiarna liom agus a rí, níl dul as ar dheis nó ar chlé ó na nithe a dúirt mo thiarna an rí liom. Sea, is é dʼóglach Ióáb a dʼiarr é seo orm; chuir sé na focail seo go léir i mbéal dʼionailte. 20Dʼfhonn athrú treo a chur ar do chúrsaí a rinne do shearbhónta Ióáb mar sin; ach tá eagna mar atá ag aingeal Dé ag mo thiarna; tá fios gach a dtarlaíonn ar talamh aige.”
21Dúirt an rí le Ióáb ansin: “Ceart go leor! Bíodh dʼachainí agat! Imigh agus tabhair leat ar ais an t‑ógánach Aibseálóm!” 22Chaith Ióáb é féin ar a bhéal ar an talamh, thug ómós don rí, agus bheannaigh é. “A thiarna liom, agus a rí,” arsa Ióáb, “tá a fhios ag do shearbhónta anois go bhfuil fabhar faighte aige i do láthair, a thiarna rí, mar go ndearna an rí faoi mar a dʼiarr a shearbhónta air.” 23Chuir Ióáb chun bealaigh agus tháinig go Gisiúr agus thug Aibseálóm ar ais go Iarúsailéim. 24Ach dúirt an rí: “Maireadh sé leis féin, ina theach féin; fanadh sé as mo radharc!” Chuir Aibseálóm faoi leis féin ina theach féin dá bhrí sin, agus níor tháinig sé i láthair an rí. 25Ní raibh oiread agus duine in Iosrael le moladh de bharr a scéimhe an oiread le hAibseálóm; ní raibh máchail air ó mhullach a chinn go bonn a choise. 26Nuair a bhearradh sé de a cheann gruaige–rud a dhéanadh sé ag deireadh gach bliana; bhearradh sé ansin é mar go mbíodh sé róthrom dó–mheádh sé an ghruaig, dhá chéad seicil de thomhas an rí. 27Rugadh triúr mac agus iníon dʼAibseálóm; Támár a bʼainm dá iníon agus ba sciamhach an bhean í.
28Chaith Aibseálóm dhá bhliain in Iarúsailéim gan teacht i láthair an rí. 29Ansin chuir Aibseálóm fios ar Ióáb lena thabhairt féin i láthair an rí, ach ní thiocfadh Ióáb chuige. Chuir sé fios air an dara huair, ach ní thiocfadh Ióáb chuige. 30Dúirt sé lena ghiollaí dá bhrí sin: “Féach, tá gort Ióáb taobh le mo ghortsa, agus tá eorna aige ann. Imígí agus cuirigí trí thine é.” Chuir giollaí Aibseálóm gort Ióáb trí thine. 31Dʼéirigh Ióáb agus dʼimigh leis go dtí a theach go hAibseálóm. “Cén fáth,” ar sé, “gur chuir do ghiollaí mo ghort trí thine?” 32Dʼfhreagair Aibseálóm á rá le Ióáb: “Féach, chuir mé scéala chugat: ‘Tar anseo chugam dʼfhonn go gcuirfidh mé thú go dtí an rí leis an teachtaireacht seo: Cén fáth ar tháinig mé ar ais ó Ghisiúr? Bʼfhearr dom a bheith ann fós! Lig dom anois dul isteach i láthair an rí; má táim ciontach, cuireadh sé chun báis mé.’ ” 33Chuaigh Ióáb chuig an rí agus thug an teachtaireacht dó. Chuir seisean fios ar Aibseálóm agus tháinig sé go dtí an rí, chrom go talamh ina láthair agus chaith é féin ar a bhéal os a chomhair. Agus thug an rí póg dʼAibseálóm.

Currently Selected:

2 Samúéil 14: ABN

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in