2 Samúéil 12
12
Aithrí Dháiví
1Chuir an Tiarna Nátán fáidh chuig Dáiví. Tháinig sé chuige agus is é a dúirt sé:
“Bhí beirt fhear san aon bhaile amháin,
fear saibhir agus fear bocht.
2Bhí tréada agus táinte ag an bhfear saibhir, flúirse díobh.
3Ní raibh ag an bhfear bocht ach uan baineann,
aon cheann beag amháin a cheannaigh sé.
Bheathaigh sé í agus dʼfhás sí suas leis féin agus lena chlann,
ag ithe a chuid aráin, ag ól as a chupán,
ag codladh ar a bhrollach; ba chuma nó a iníon féin leis í.
4Nuair a tháinig taistealaí ag lorg lóistín,
níorbh áil leis an bhfear saibhir
an strainséir a bhí tagtha chuige a chothú
as a thréada agus as a tháinte féin,
ach ina ionad sin rug sé ar uan an bhochtáin
agus dʼullmhaigh é mar bhéile dá chuairteoir.”
5Tháinig taom feirge ar Dháiví in aghaidh an fhir: “Dar an Tiarna beo,” ar seisean le Nátán, “tá an bás tuillte ag an bhfear a rinne é sin. 6Caithfidh sé an t‑uan a aisíoc faoi cheathair, as ucht a leithéid a dhéanamh agus sin gan trua gan taise.”
7Ansin dúirt Nátán le Dáiví: “is tusa an fear. Seo mar a deir an Tiarna Dia Iosrael: ‘Dʼungaigh mé thú i do rí ar Iosrael, agus dʼfhuascail mé thú as láimh Shóil. 8Thug mé teach do mháistir duit agus mná do mháistir i dʼucht duit; thug mé teaghlach Iosrael duit agus teaghlach Iúdá, agus dá mba nár leor sin, thabharfainn oiread eile duit. 9Cad ab áil leat ag maslú bhriathar an Tiarna, agus ag déanamh an ní is gráin leis? Threascair tú Úiríá an Hiteach leis an gclaíomh agus thóg tú a bhean chugat mar chéile agus chuir tú chun báis é le claíomh na nAmónach. 10Ar an ábhar sin ní bheidh an claíomh go brách i bhfad ó do theaghlach, ó léirigh tú go bhfuil drochmheas agat ormsa agus ó ghlac tú bean chéile Úiríá an Hiteach mar bhean chéile agat féin.’
11“Seo mar a deir an Tiarna: ‘Déanfaidh mé dʼaimhleas a chothú as do theaghlach féin. Os comhair do chuid súl féin tógfaidh mé do mhná céile agus tabharfaidh mé do do chomharsa iad, agus luífidh sé le do mhná céile faoi aghaidh na gréine seo. 12Ghníomhaigh tusa faoi rún; gníomhóidh mise os comhair Iosrael ar fad agus faoi sholas na gréine.’ ”
13Dúirt Dáiví le Nátán: “Pheacaigh mé in aghaidh an Tiarna.” Ansin dúirt Nátán le Dáiví: “Chomh fada agus a bhaineann leis an Tiarna, tugann sé maithiúnas duit i do pheaca; ní chuirfear chun báis thú. 14Ach ó thug tú barr masla don Tiarna tríd an ngníomh seo, gheobhaidh an leanbh a ghin tú bás.” 15Ansin chuaigh Nátán abhaile.
Breith Sholaimh
Leag an Tiarna a lámh ar an leanbh a rug bean chéile Úiríá do Dháiví agus tháinig tinneas trom air. 16Rinne Dáiví achainí chun Dé ar son an linbh; rinne sé troscadh dian; chuaigh sé isteach abhaile agus chaith an oíche ar an talamh lom. 17Tháinig oifigigh a theaghlaigh agus sheas siad thart timpeall air; dʼiarradar air éirí ón talamh, ach dhiúltaigh sé agus ní ghlacfadh sé bia ar bith leo. 18Ar an seachtú lá, fuair an leanbh bás. Bhí eagla ar fheidhmeannaigh Dháiví a insint dó go raibh an leanbh marbh. “Fad a bhí an leanbh beo,” ar siad, “bhímis ag áiteamh leis, ach ní éistfeadh sé linn. Conas, más ea, a dʼfhéadfaimis a rá leis go bhfuil an leanbh marbh? Bʼfhéidir go ndéanfadh sé díobháil éigin dó féin.” 19Ach thug Dáiví faoi deara go raibh a fheidhmeannaigh ag cogarnaíl le chéile agus thuig sé go raibh an leanbh marbh. “An bhfuil an leanbh marbh?” arsa Dáiví leis na feidhmeannaigh. Dʼfhreagair siad: “Tá. Tá sé marbh.”
20Dʼéirigh Dáiví ón urlár, nigh agus dʼungaigh é féin, agus chuir malairt éadaigh air féin. Ansin chuaigh sé isteach i dteach an Tiarna agus rinne adhradh. Ar fhilleadh chun a thí dó, dʼiarr sé bia, leagadh os a chomhair é agus chaith sé é. 21Dúirt a fheidhmeannaigh leis: “Cad ina thaobh go bhfuil seo á dhéanamh agat? Fad a mhair do leanbh, bhí tú ag troscadh agus ag caoineadh, ach nuair a fuair an leanbh bás, dʼéirigh tú agus chaith tú bia.” 22“Fad a mhair an leanbh,” dʼfhreagair sé, “rinne mé troscadh agus caoineadh mar go raibh mé á rá liom féin: ‘Cá bhfios nach mbeadh trua ag an Tiarna dom agus go mairfeadh mo leanbh.’ 23Ach anois, ó tá sé marbh, cén fáth a ndéanfainn troscadh? An féidir liom é a thabhairt ar ais arís? Rachaidh mise chuige, ach ní féidir dósan teacht ar ais chugamsa.”
24Chrom Dáiví ar shólás a thabhairt dá bhean Baitseaba, agus chuaigh isteach chuici agus luigh léi. Ghabh sí gin, agus rug sí mac ar ar thug sí Solamh. Bhí grá ag an Tiarna dó, 25agus dʼinis sé é sin trí bhéal Nátán fáidh. Thug sé dá bhrí sin Muirnín an Tiarna air de bharr an Tiarna.
Gabháil Rabá
26Chuir Ióáb cath ar Rabá na nAmónach agus ghabh sé [daingean an uisce]. 27Ansin chuir Ióáb teachtairí go Dáiví agus dúirt: “Rinne mé ruathar ar Rabá agus ghabh mé daingean an uisce. 28Cruinnigh an chuid eile den arm, más ea, suigh do champa i gcoinne na cathrach, agus tóg í dʼfhonn nach ngabhfainnse an chathair agus mʼainm féin a thabhairt uirthi.” 29Chruinnigh Dáiví an pobal go léir le chéile agus chuaigh go Rabá, agus throid ina coinne agus ghabh í. 30Ansin bhain sé an choróin de cheann a rí; bhí tallann óir de mheáchan inti; bhí cloch luachmhar suite inti agus cuireadh ar cheann Dháiví í. Thug sé leis creach mhór amach as an gcathair. 31Thug sé leis lucht na cathrach agus chuir sé ag obair iad le sábha, le piocóidí agus tuanna iarainn, agus bhain sé feidhm astu ag déanamh brící.
Thug sé an cor céanna ar chathracha uile na nAmónach. Ansin dʼfhill Dáiví agus an t‑arm ar fad go Iarúsailéim.
Currently Selected:
2 Samúéil 12: ABN
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 1981
Úsáidtear le cead. Used by permission.