YouVersion Logo
Search Icon

2 Samúéil 11

11
Peaca Dháiví
1Ar theacht na bliana úire, an t‑am is gnách le ríthe dul ag cogaíocht, chuir Dáiví Ióáb amach agus a sheirbhísigh féin agus pobal Iosrael ar fad in éineacht leis. Rinne siad ár ar na hAmónaigh agus chuir siad Rábá faoi léigear. Ach dʼfhan Dáiví in Iarúsailéim. 2Ardtráthnóna agus Dáiví ag spaisteoireacht ar dhíon an pháláis tar éis éirí óna leaba dó, tharla go bhfaca sé ón díon bean a bhí á folcadh féin. Bhí an bhean an-dathúil. 3Chuir Dáiví tuairisc na mná seo agus dúradh leis: “Ar ndóigh sin í Baitseaba, iníon Eilíám, bean Úiríá an Hiteach.” 4Ansin sheol Dáiví teachtairí amach lena tabhairt chuige. Tháinig sí chuige agus luigh sé léi; bhí a fuil mhíosta tagtha agus í díreach tar éis í féin a ghlanadh. Dʼimigh sí abhaile arís ansin. 5Ghabh an bhean gin agus chuir sí scéala chuig Dáiví: “Tá mé ag iompar clainne.”
6Ansin chuir Dáiví teachtaireacht ag triall ar Ióáb. “Seol Úiríá an Hiteach chugam.” Sheol Ióáb Úiríá chuig Dáiví láithreach. 7Nuair a tháinig Úiríá ina láthair chuir Dáiví tuairisc Ióáb agus an airm agus chúrsaí an chogaidh air. 8Ansin dúirt Dáiví le hÚiriá: “Gabh síos chun do thí agus bíodh spraoi agat.” Dʼfhág Úiríá an pálás agus cuireadh bronntanas ón rí ina dhiaidh. 9Ach chodail Úiríá lasmuigh de dhoras an pháláis le garda cosanta a mháistir; ní dheachaigh sé síos chun a thí féin. 10Tugadh an scéala seo chuig Dáiví: “Ní dheachaigh Úiríá síos chun a thí féin,” a dúirt siad leis. Chuir Dáiví ceist ar Úiríá: “Nach bhfuil aistear fada curtha díot agat? Cén fáth nach ndeachaigh tú síos chun do thí?” 11Dúirt Úiríá le Dáiví: “Nach bhfuil an áirc agus Iosrael agus Iúdá ina gcónaí i mbothanna? Agus tá mo thiarna Ióáb agus seirbhísigh mo thiarna ag cur fúthu sa mhachaire; an bhfuilimse le dul go dtí mo theach, más ea, le bia agus deoch a chaitheamh agus le luí le mo bhean? Dar do bheo féin agus dar dʼanam beo, ní dhéanfaidh mé a leithéid.” 12Dúirt Dáiví ansin le hÚiríá: “Fan anseo inniu chomh maith, agus amárach ligfidh mé chun siúil thú.” Dʼfhan Úiríá in Iarúsailéim dá bhrí sin, an lá sin, agus lá arna mhárach. 13Lá arna mhárach thug Dáiví cuireadh do bheith ag ithe agus ag ól ina chuideachta agus chuir sé ar meisce é. Nuair a tháinig an tráthnóna chuaigh Úiríá amach agus luigh sé ar a thocht in éineacht le garda cosanta a mháistir; ach ní dheachaigh sé síos chun a thí féin.
14An mhaidin ina dhiaidh sin scríobh Dáiví litir chuig Ióáb agus sheol sé le hÚiríá í. Is é a scríobh sa litir: 15“Cuir Úiríá i bhfíorthosach an chruachatha, agus ansin tarraingigí féin siar ar a chúl, ionas go ndéanfar é a threascairt agus a mharú.” 16Bhí an chathair faoi léigear ag Ióáb, agus chuir sé Úiríá in ionad arbh eol do na fir throda a bheith go fíochmhar. 17Thug muintir na cathrach rúid amach agus rinne ionsaí ar Ióáb; maraíodh cuid den arm agus cuid de sheirbhísigh Dháiví ina measc; agus maraíodh Úiríá an Hiteach i gcuideachta na cuideachta.
18Chuir Ióáb tuairisc iomlán ar an gcath go dtí Dáiví. 19Thug sé an treoir seo don teachtaire: “Nuair a bheidh scéal an chatha ar fad inste agat don rí, 20má thagann fearg ar an rí, agus go ndeir sé leat: ‘Cén fáth a ndeachaigh sibh chomh cóngarach don chathair ag cur an chatha? Nach raibh a fhios agaibh go gcaithfidís libh ó na ballaí? 21Cé mharaigh Aibímeilic mac Iarubál? Nach ann a chaith bean bró mhuilinn anuas air ó na ballaí agus a mharaigh é i dTéibéiz? Cén fáth a ndeachaigh sibh chomh cóngarach do na ballaí?’ abairse ansin: ‘Tá do shearbhónta Úiríá an Hiteach marbh chomh maith.’ ”
22Dʼimigh an teachtaire leis, agus ar theacht dó, dʼinis sé do Dháiví gach a raibh ordaithe ag Ióáb dó a rá. 23Dúirt an teachtaire le Dáiví: “Fuair a gcuid fear buntáiste orainn agus thángadar amach inár gcoinne ar an bpáirc, ach thiomáineamar ar gcúl iad go dtí béal an gheata. 24Ach ansin chrom na saighdiúirí ar chaitheamh le do sheirbhísigh ó na ballaí; cailleadh cuid de sheirbhísigh an rí, agus tá do shearbhónta Úiríá an Hiteach marbh freisin.” 25Dúirt Dáiví leis an teachtaire: “Abair é seo le Ióáb: ‘Ná cuireadh an gnó seo buairt ar do chroí, óir slogann an claíomh fear uair, agus fear eile uair eile. Tabhair ruathar níos treise faoin gcathair agus scrios í.’ Tabhair misneach mar sin dó.” 26Nuair a chuala bean Úiríá go raibh Úiríá a fear tar éis bháis, chaoin sí a fear. 27Nuair a bhí an caoineadh thart chuir Dáiví fios uirthi chun í a thabhairt chun a thí; bhí sí mar bhean aige, agus rug mac dó. Ach níor thaitin a raibh déanta ag Dáiví leis an Tiarna.

Currently Selected:

2 Samúéil 11: ABN

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in