YouVersion Logo
Search Icon

2 Ríthe 19

19
Comhairle
1Nuair a chuala Hiziciá rí é sin, stróic sé a éidí agus chlúdaigh é féin le héadach róin agus chuaigh isteach i dTeampall an Tiarna. 2Chuir sé Eiliácaím, reachtaire an pháláis, agus Seabná, an rúnaí, agus seanóirí na sagart, agus iad gléasta in éadach róin, go dtí an fáidh Íseáia mac Ámóz. 3Dúirt siad leis: “Mar seo a deir Hiziciá: ‘Lá anró an lá seo, lá pionóis agus aithise. Tá leanaí i mbéal a mbreithe, ach níl sé de neart ag a máithreacha iad a thabhairt ar an saol. 4Go gcluine an Tiarna do Dhia briathra uile an phríomhchornaire a chuir a mháistir, rí na hAsaíre, chun masla a thabhairt do Dhia beo, agus go ndéana an Tiarna do Dhia na briathra a chuala sé a agairt. Cuir suas do ghuí dá bhrí sin ar son an iarmhair atá fágtha.’ ” 5Nuair a tháinig searbhóntaí an rí Hiziciá go Íseáia, 6dʼfhreagair seisean: “Abraigí le bhur máistir: ‘Mar seo a deir an Tiarna: Ná bíodh eagla oraibh roimh na briathra a chuala sibh ná roimh na maslaí a chaith seirbhísigh rí na hAsaíre liom. 7Táim ar tí spiorad a chur ann agus cluinfidh sé ráfla agus fillfidh sé ar a thír féin, agus fágfaidh mé ar lár leis an gclaíomh é sa tír sin.’ ”
8Dʼfhill an príomhchornaire agus fuair rí na hAsaíre ag troid in aghaidh Libneá mar bhí sé cloiste aige gur fhág an rí Láicís. 9Fuair an rí scéala faoi Thiorhácá rí Chúis: “Tá sé chugat chun cath a chur ort.”
Litir Shanaichéiríb
Chuir Sanaichéiríb teachtairí ag triall ar Hiziciá a rá: 10“Abraigí an méid seo le Hiziciá rí Iúdá: ‘An Dia ar a bhfuil tú ag brath, ná mealladh sé thú á rá: Ní thiocfaidh Iarúsailéim faoi smacht rí na hAsaíre. 11Tá a fhios agat faoi seo cad a rinne ríthe na hAsaíre le gach tír á gcur faoin mbang? An dóigh, mar sin, go dtiocfaidh tusa slán? 12Gózán, Hárán, Reizif, muintir Eidin a bhí i dTeil Asár–ar fuasclaíodh iadsan ag na déithe a bhí ag na ciníocha sin a scrios mo shinsir? 13Cá bhfuil rí Hamát, agus rí Arpád, agus rí chathair Shafarvaím, agus rí Haena, agus Íveá?’ ”
14Ghlac Hiziciá an litir as lámha na dteachtairí agus léigh sé í. Chuaigh sé suas chuig Teampall an Tiarna ansin agus leath sé an litir amach os comhair an Tiarna. 15Agus dúirt Hiziciá an urnaí seo i láthair an Tiarna: “A Thiarna na Slua, a Dhia Iosrael, atá i do shuí sa chathaoir ríoga ar na ceiribíní, is tusa amháin Dia ríochtaí uile an domhain; is tusa a rinne neamh agus talamh.
16Claon do chluas, a Thiarna, agus éist.
Oscail do shúile, a Thiarna, agus feic.
Éist le briathra Shanaichéiríb
A chuir sé a mhaslú Dé bheo.
17“Is fíor, a Thiarna, gur dhíothaigh ríthe na hAsaíre na náisiúin (agus a dtíortha). 18Chaith siad a ndéithe isteach sa tine, mar nár dhéithe ar bith iad sin, ach saothar lámh daonna, déanta as adhmad agus cloch; agus ar an ábhar sin scriosadh iad. 19Ach anois, a Thiarna, a Dhia linn, saor sinne óna láimh, impím ort, i dtreo go mbeadh a fhios ag ríochtaí uile na cruinne gur tusa amháin is Dia, a Thiarna.”
Fáistine Íseáia
20Ansin chuir Íseáia mac Ámóz scéala chuig Hiziciá. Dúirt sé: “Seo mar a deir an Tiarna Dia Iosrael: ‘Chuala mé an achainí a rinne tú orm faoi Shanaichéiríb rí na hAsaíre.’ 21Seo é an focal a labhair an Tiarna faoi dtaobh de:
‘Tá drochmheas aici ort, agus is beag uirthi thú
an ógh, iníon Shión;
croitheann sí a ceann ar do chúla,
iníon Iarúsailéim.
22Cé dó ar thug tú masla agus tarcaisne?
Cé hé ar ardaigh tú do ghlór ina aghaidh
Agus ar fhéach tú suas air le huaill do shúl?
Aon Naofa Iosrael!
23Thug tú aithis don Tiarna trí do theachtairí;
dúirt tú: Le mo shluaite carbad
ghabh mé suas ar bheanna na sléibhte,
ar bheanna buaice na Liobáine.
Ghearr mé anuas na céadair is airde ann,
togha a chufróg.
Ghabh mé isteach ina ascaillí cúil
agus i ndoimhne a fhoraoise.
24Thochail mé toibreacha
agus dʼól mé uiscí coigríocha.
Thiormaigh sruthanna na hÉigipte
faoi thrácht mo chos.
25Ar chuala tú?
Fadó a chinn mé air
agus bheartaigh mé ó na cianta
a bhfuil á chur i gcrích anois agam.
Ba é do ghnó na cathracha daingne
a leagan ar lár ina bhfothracha.
26Tá a lucht cónaithe fágtha gan neart,
faoi uafás agus faoi mhearbhall.
Is cuma iad nó lusra an bháin,
nó féar leochaileach,
nó féar ar dhíon tí nó i móinéar
á shuaitheadh [ag an ngaoth anoir].
27Is eol dom nuair a éiríonn tú
agus nuair a shuíonn tú,
nuair a ghabhann tú amach agus isteach.
28De bhrí gur éirígh tú amach le fraoch i mo choinne,
agus gur chuala mo chluas uaill dʼuabhair,
cuirfidh mé mʼfháinne ar do shrón,
agus mo bhéalbhach i do bhéal,
agus cuirfidh mé dʼiallach ort filleadh ar ais
ar an mbóthar ar ar tháinig tú.
29Agus beidh sé seo mar chomhartha agat:
i mbliana íosfaidh sibh an grán a fhásfaidh uaidh féin,
agus an bhliain seo chugainn a bhfásfaidh as sin ar an mbán.
Ach cuirigí síol agus bainigí fómhar an tríú bliain,
saothraígí fíonghoirt agus ithigí a dtoradh.
30An t‑iarmhar a fhágfar de theaghlach Iúdá,
cuirfidh sé fréamha úra amach thíos agus torthaí thuas.
31Óir rachaidh iarmhar amach as Iarúsailéim
agus fuíoll áir ó Chnoc Shíón.
Dúthracht an Tiarna a chuirfidh é sin i gcrích.’
32“Seo mar a deir an Tiarna faoi rí na hAsaíre:
‘Ní thiocfaidh sé isteach sa chathair seo,
Ná ní scaoilfidh sé saighead léi,
Ná ní sheasfaidh ina coinne le sciath,
Ná ní thógfaidh múr léigir ina haghaidh.
33Fillfidh sé an bealach a tháinig,
ní thiocfaidh sé isteach sa chathair seo, a deir an Tiarna.
34Déanfaidh mé an chathair seo a chosaint agus a fhuascailt,
ar mo shon féin, agus ar son Dháiví, mo shearbhónta.’ ”
35An oíche cheannann chéanna ghabh aingeal an Tiarna amach agus bhásaigh sé céad agus a hochtó cúig míle fear i gcampa na nAsaíreach. Go moch lá arna mhárach nuair a bhí sé in am éirí, bʼshiúd ansin iad go léir faon marbh. 36Scor Sanaichéiríb a champa agus dʼimigh; dʼfhill sé abhaile agus chuir sé faoi i Nínivé. 37Agus tharla agus é ag adhradh i dteampall a dhé féin Niosroc, gur mharaigh a mhic féin, Adraimeilic agus Seaireizir, é le faobhar claímh agus theith siad go tír Ararat. Tháinig a mhac Éasarchadon i gcomharbacht air.

Currently Selected:

2 Ríthe 19: ABN

Highlight

Share

Compare

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in