YouVersion Logo
Search Icon

2 Ríthe 18

18
Blianta Deiridh Iúdá
Tús Réimeas Hiziciá
1Sa tríú bliain de réimeas Hóiséa mac Éalá rí Iosrael tháinig Hiziciá mac Áchaz rí Iúdá i gcoróin. 2Bhí sé cúig bliana fichead nuair a tháinig sé i gcoróin, agus bhí sé naoi mbliana fichead i réim in Iarúsailéim. Aibí iníon Zacairiá ab ainm dá mháthair. 3Rinne sé an ceart i bhfianaise an Tiarna de réir gach a ndearna Dáiví a shinsear. 4Eisean a scrios na hardionaid agus a bhris na colúin, agus a ghearr anuas na cuaillí naofa, agus a rinne smidiríní den nathair chré-umha a rinne Maois mar go dtí sin bhí túis á dó di ag clann Iosrael. Nahuisteán a thugtaí uirthi. 5As an Tiarna Dia Iosrael a bhí a mhuinín aige, i dtreo nach raibh aon duine mar é i measc ríthe Iúdá go léir ina dhiaidh, ná i measc ar ghabh roimhe. 6Chloígh sé go dílis leis an Tiarna, gan casadh uaidh choíche, ach ag coimeád na n‑aitheanta a dʼordaigh an Tiarna do Mhaois. 7Bhí an Tiarna ina theannta agus bhí an rath air cibé áit ar a raibh a thriall. Dʼéirigh sé amach in aghaidh rí na hAsaíre agus dʼeitigh fónamh dó. 8Eisean a luigh ar na Filistínigh síos go Gaza agus bhánaigh a gcríocha ó thúr faire go cathair dhaingean.
9Sa cheathrú bliain de réimeas Hiziciá–ba í sin an seachtú bliain de réimeas Hóiséa mac Éalá rí Iosrael–tháinig Sealmaineisir rí na hAsaíre suas in aghaidh na Samáire agus chuir léigear uirthi. 10Ghabh sé í tar éis trí bliana. Gabhadh an tSamáir sa séú bliain de réimeas Hiziciá, an naoú bliain de réimeas Hóiséa rí Iosrael. 11Thug rí na hAsaíre na hIosraelaigh leis go dtí an Asaír, agus chuir sé chun cónaithe iad i Halach ar an Hábór, abhainn de chuid Ghózán, agus i gcathracha na Méideach. 12Tharla sin mar nár ghéill siad do ghlór an Tiarna a nDia, agus gur sháraigh siad a chonradh, agus nár thug siad cluas do gach ar ordaigh Maois, searbhónta an Tiarna, agus go raibh siad easumhal dó.
Ionradh Shanaichéiríb
13Sa cheathrú bliain déag de réimeas Hiziciá, tháinig Sanaichéiríb rí na hAsaíre agus dʼionsaigh sé cathracha daingne Iúdá agus ghabh sé iad. 14Ansin chuir Hiziciá rí Iúdá teachtaireacht go rí na hAsaíre i Láicís. “Rinne mé coir; cas i leataobh uaim; cuirfidh mé suas le cibé pionós a leagfaidh tú orm.” Agus dʼéiligh rí na hAsaíre trí chéad tallann airgid agus tríocha tallann óir ar Hiziciá rí Iúdá. 15Agus thug Hiziciá a raibh dʼairgead i dTeampall an Tiarna agus i gcístí phálás an rí dó. 16Ansin is ea a bhain Hiziciá an t‑ór de chomhlaí agus dʼursaineacha Theampall an Tiarna, an t‑ór a chuir (Hiziciá) rí Iúdá mar chumhdach orthu, agus thug é do rí na hAsaíre.
An Príomhchornaire ar Thoscaireacht
17Chuir rí na hAsaíre an príomhchornaire (an ceann feadhna agus an príomhchoillteán) agus slua mór ó Láicís go Hiziciá rí in Iarúsailéim. Ghabh sé suas go Iarúsailéim agus nuair a tháinig sé ansiúd, sheas sé taobh le sileán na linne uachtair atá ar an mbóthar go Gort an Úcaire. 18Chuir sé fios ar an rí agus chuaigh Eiliácaím mac Hilcíá reachtaire an pháláis, Seabná an rúnaí agus Ióách mac Ásáf an callaire, amach chuige. 19Dúirt an príomhchornaire leo: “Abair le Hiziciá: ‘Mar seo a deir an rí mór, rí na hAsaíre: Cad as a bhfuil an mhuinín seo go léir agat? 20An dóigh leat go bhfuil focail bhaotha chomh maith le straitéis agus cumhacht mhíleata? Cé as a bhfuil do sheasamh a rá is go bhfuil sé de dhánaíocht ionat ceannairc a dhéanamh i mʼaghaidh? 21Is léir go bhfuil tú ag brath ar an Éigipt anois, an ghiolcach bhriste sin, bata a phriocann agus a ghoineann lámh an té a luíonn uirthi–mar sin atá ag Forann rí na hÉigipte le gach duine a bhíonn ag brath air. 22Bʼfhéidir go ndéarfadh sibh liom: Ar an Tiarna ár nDia atáimid ag brath. Ach nach iad a ardionaidsean agus a altóirí a thóg Hiziciá chun siúil, a rá le muintir Iúdá agus Iarúsailéim: Sí an altóir seo in Iarúsailéim ar cheart daoibh adhradh os a comhair? 23Cuir geall anois, más ea, le mo mháistir, rí na hAsaíre: Tabharfaidh mé dhá mhíle each duit más féidir leat dhá mhíle marcach a fháil le dul ar a muin. 24Cén chaoi arbh fhéidir leat oiread agus aon chaptaen amháin den lucht is táire de shearbhóntaí mo mháistir a chloí a rá is go bhfuil tú ag brath ar an Éigipt dʼeachra agus do charbaid? 25Agus thairis sin, an bhfuilimse tagtha aníos chun an áit seo a ionsaí agus a scrios gan barántas ón Tiarna? Dúirt an Tiarna féin liom: Gluais i gcoinne na tíre sin agus déan é a scrios.’ ”
26Ansin dúirt Eiliácaím mac Hilcíá agus Seabná agus Ióách leis an bpríomhchornaire: “Labhair as Aramais le do thoil le do shearbhóntaí mar tuigimid í; ná labhair linn as teanga Iúdá i gclós na ndaoine ar na ballaí.” 27Ach dúirt an príomhchornaire leo: “An dóigh leat gur le hé seo a rá le do mháistir nó leatsa a chuir mo mháistir mise anseo? Ní hea ach leis na daoine ar na ballaí, a bhfuil sé i ndán dóibh a gcac féin a ithe, agus a mún féin a ól bhur ndála féin.” 28Ansin sheas an príomhchornaire agus dúirt in ard a chinn agus a ghutha i dteanga Iúdá: “Éistigí le briathar an rí mhóir, rí na hAsaíre. 29Mar seo a deir an rí: ‘Ná cuireadh Hiziciá an dallamullóg oraibh mar ní bheidh ar a chumas sibh a fhuascailt as mo ghreim. 30Ná cuireadh Hiziciá ina luí oraibh a bheith ag brath ar an Tiarna lena rá libh: Déanfaidh an Tiarna sinn a fhuascailt go cinnte agus ní thabharfar an chathair seo i lámha rí na hAsaíre.’ 31Ná héistigí le Hiziciá, mar seo mar a deir rí na hAsaíre: ‘Déanaigí síocháin liom, agus géilligí dom, agus íosfaidh gach duine agaibh toradh a fhíniúna féin, agus toradh a chrann figí féin, agus ólfaidh gach duine agaibh uisce as a umar féin, 32nó go dtaga mé agus sibh a bhreith liom go tír mar bhur dtír féin, tír gráin agus fíona, tír aráin agus fíonghort, tír ológ agus meala, i dtreo nach bás ach beatha a bheidh i ndán daoibh. Ná héistigí le Hiziciá agus é ag cur an dallamullóg oraibh á rá: Déanfaidh an Tiarna sinn a fhuascailt. 33A ndearna aon dia dʼaon chine a thír a fhuascailt ó láimh rí na hAsaíre? 34Cá bhfuil déithe Hamát agus Arpád? Cá bhfuil déithe Shafarvaím agus Haena, agus Íveá? [Cá bhfuil déithe thír na Samáire?] Ar fhuascail siad an tSamáir as mo ghreim? 35Cé acu déithe de dhéithe na dtíortha go léir a dʼfhuascail a dtíortha as mo lámha, go bhféadfadh an Tiarna Iarúsailéim a fhuascailt as mo lámha?’ ”
36Ach bhí an pobal ina dtost gan focal astu, mar thug an rí ordú, á rá: “Ná tugaigí freagra air!” 37Ansin chuaigh Eiliácaím mac Hilcíá, reachtaire an pháláis, agus Seabná, an rúnaí, agus Ióách mac Ásáf, an callaire, go Hiziciá agus a n‑éidí stróicthe, agus dʼinis dó céard a dúirt an príomhchornaire.

Currently Selected:

2 Ríthe 18: ABN

Highlight

Share

Compare

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in