2 Ríthe 20
20
Hiziciá á Leigheas
1Sna laethanta úd buaileadh Hiziciá tinn agus bhí sé i mbéal báis. Tháinig an fáidh Íseáia mac Ámóz chuige agus dúirt leis: “Mar seo a deir an Tiarna: ‘Cuir eagar ar do chúraimí, mar gheobhaidh tú bás gan téarnamh.’ ” 2Dʼiompaigh Hiziciá a aghaidh ar an mballa agus chuir sé an ghuí seo chun an Tiarna: 3“Cuimhnigh, impím ort, mar a dʼiompair mé mé féin go dílis agus le dúthracht chroí i do láthair agus a rinne mé an ceart i do láthair.” Agus ghoil Hiziciá go fuíoch. 4Sula raibh an chúirt mheánach fágtha ag Íseáia tháinig focal an Tiarna chuige: 5“Cas ar do sháil agus abair le Hiziciá, prionsa mo phobail: ‘Seo mar a deir an Tiarna, Dia Dháiví do shinsear: Chuala mé do ghuí agus chonaic mé do dheora. Déanfaidh mé thú a leigheas; faoi cheann trí lá rachaidh tú suas go Teampall an Tiarna. 6Tabharfaidh mé cúig bliana déag dʼfhad saoil duit. Déanfaidh mé thusa agus an chathair seo a fhuascailt ó láimh rí na hAsaíre, agus déanfaidh mé an chathair seo a chosaint ar mo shon féin agus ar son mo shearbhónta Dáiví.’ ” 7Dúirt Íseáia: “Tugtar ceirín figí anseo, agus [tógtar agus cuirtear leis an neascóid é le go leigheasfaí] an rí.”
8Dúirt Hiziciá le hÍseáia: “Cén comhartha a inseoidh dom go leigheasfaidh an Tiarna mé agus go mbeidh mé ag dul suas go Teampall an Tiarna faoi cheann trí lá?” 9“Seo é an comhartha ón Tiarna,” arsa Íseáia, “go ndéanfaidh sé mar atá ráite aige; arbh fhearr leat an scáth a dhul deich gcéim i bhfad, nó a dhul deich gcéim ar gcúl?” 10“Is furasta don scáth dul deich gcéim i bhfad,” arsa Hiziciá; “téadh sé ar gcúl, más ea, deich gcéim.” 11Ghlaoigh an fáidh Íseáia ansin chun an Tiarna agus thug seisean an scáth deich gcéim ar gcúl [ar chéimeanna] Áchaz.
Toscaireacht ón mBablóin
12San am sin chuir Marodac Baladán mac Bhaladán rí na Bablóine teachtairí le litreacha agus bronntanas go Hiziciá mar gur chuala sé faoina thinneas [agus faoina leigheas]. 13Chuir sin gliondar ar Hiziciá agus thaispeáin sé a theach taisce go léir do na teachtairí, an t‑airgead, an t‑ór, na spíosraí, an ola luachmhar, a stóras airm chomh maith, agus gach rud a bhí ina thithe stóir. Ní raibh aon ní ina phálás ná ina chríocha go léir nár thaispeáin Hiziciá dóibh. 14Ansin tháinig an fáidh Íseáia go dtí Hiziciá rí agus dʼfhiafraigh de: “Cad dúirt na fir seo, agus cad as ar thángadar?” Dʼfhreagair Hiziciá: “Thángadar ón imigéin, ón mBablóin.” 15Dúirt sé: “Cad a chonaic siad i do phálas?” “Chonaic siad gach rud atá i mo theach,” arsa Hiziciá. “Níl aon ní i mo stórais nár thaispeáin mé dóibh.” 16Ansin dúirt Íseáia le Hiziciá: 17“Éist le briathar an Tiarna: ‘Féach, tiocfaidh na laethanta nuair a sciobfar chun siúil go dtí an Bhablóin gach rud atá i do phálás, gach rud a chruinnigh do shinsir go dtí an lá inniu. Ní fhágfar aon ní,’ arsa an Tiarna. 18‘Déanfar cuid de do chlann mhac a rugadh duit a bhreith chun siúil agus a roghnú le bheith ina gcoillteáin i bpálás rí na Bablóine.’ ” 19Dúirt Hiziciá le hÍseáia: “An focal seo leis an Tiarna a dʼfhógair tú, is maith é,” mar bhí sé á rá leis féin: “Nach cuma é? fad atá síocháin le mo ré agus sinn saor ó bhaol.”
20An chuid eile de stair Hiziciá, a chrógacht go léir, conas mar a thóg sé an linn agus an tollán leis an uisce a thabhairt isteach sa chathair, nach bhfuil sé sin go léir scríofa i Leabhar Annála Ríthe Iúdá? 21Ansin chuaigh Hiziciá chun suain lena shinsir agus tháinig a mhac Manaise i gcomharbacht air.
Currently Selected:
2 Ríthe 20: ABN
Highlight
Share
Compare
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 1981
Úsáidtear le cead. Used by permission.