YouVersion Logo
Search Icon

2 Ríthe 17

17
Titim na Samáire
1Sa dara bliain déag de réimeas Áchaz rí Iúdá tháinig Hóiséa mac Éalá i gcoróin ar Iosrael sa tSamáir agus bhí sé naoi mbliana i réim. 2Rinne sé an t‑olc i bhfianaise an Tiarna, ach níorbh ionann agus ríthe eile Iosrael a ghabh roimhe. 3Chuir Sealmaineisir rí na hAsaíre cogadh ar Hóiséa agus ghéill seisean dó agus thug cáin dó. 4Ach rug rí na hAsaíre ar Hóiséa ag déanamh fill air; bhí teachtairí curtha aige go dtí Só, rí na hÉigipte, gan an cháin a thabhairt do rí na hAsaíre mar a rinne na blianta roimhe sin. Uime sin ghabh rí na hAsaíre é agus chuir faoi chuibhreach i gcarcair é. 5Ansin rinne rí na hAsaíre ionradh ar an tír ar fad; tháinig sé chuig an tSamáir agus chuir sé léigear uirthi ar feadh trí bliana. 6Sa naoú bliain de réimeas Hóiséa ghabh rí na hAsaíre an tSamáir agus dhíbir sé na hIosraelaigh chun na hAsaíre. Chuir sé ina gcónaí iad i Hala agus ar an Hábór, abhainn de chuid Ghózán, agus i gcathracha na Méideach.
Machnamh ar an Tubaiste
7Tharla sin de bhrí gur pheacaigh clann Iosrael in aghaidh an Tiarna a nDia, a thug slán amach iad as críocha na hÉigipte, ó smacht Fhorainn, rí na hÉigipte. Thug siad adhradh do dhéithe eile, 8lean siad nósanna na gciníocha a bhí curtha as a seilbh ag an Tiarna roimh chlann Iosrael (agus na nósanna ar chuir ríthe Iosrael tús leo). 9Dúirt clann Iosrael nithe éagóra in aghaidh an Tiarna a nDia. Cibé áit inar chuir siad fúthu, ó thúr faire go cathair dhaingean, thóg siad ardionaid dóibh féin. 10Chuir siad suas colúin agus cuaillí naofa dóibh féin ar gach cnoc ard agus faoi gach crann craobhach. 11Dʼofrálaidís íobairtí túise (ar na hardionaid go léir) mar a dhéanadh na ciníocha go léir a dhíbir an Tiarna rompu. Rinneadar gníomhartha coiriúla agus ghriogadar an Tiarna chun feirge. 12Dʼadhradar íola cé go ndúirt an Tiarna leo: “Ná déanaigí amhlaidh.”
13Mar sin féin thug an Tiarna an rabhadh seo dʼIosrael agus do Iúdá trí bhéal na bhfáithe agus an lucht físe go léir: “Filligí ó bhur ndrochshlite agus coinnigí mʼaitheanta agus mo reachtanna de réir an dlí iomláin a leag mé amach do bhur n‑aithreacha agus a thug mé daoibh trí mo shearbhóntaí, na fáithe.” 14Ach ní éistfeadh siad; bhí siad níos stuacaí ná a sinsir a bhí gan creideamh sa Tiarna a nDia. 15Ní raibh ach dímheas acu ar a dhlíthe agus ar an gconradh a rinne sé lena sinsir, agus ar gach rabhadh a bhí tugtha aige dóibh. Lean siad déithe bréige agus dʼéirigh siad féin bréagach; rinne siad aithris ar na ciníocha ina dtimpeall, cé gur ordaigh an Tiarna dóibh gan déanamh mar a dhéanaidís siúd. 16Thug siad droim láimhe le haitheanta an Tiarna a nDia, agus rinne siad íola de mhiotal leáite, dhá lao, dóibh fén; rinne siad cuaillí naofa dóibh féin, agus thug siad adhradh do shluaite uile na spéire, agus seirbhís do Bhál. 17Chuir siad dʼiallach ar a gclann mhac agus iníonacha gabháil trí thine; chleacht siad fáidheoireacht agus piseoga agus rinne siad iad féin a reic le holc a dhéanamh i bhfianaise an Tiarna, á ghríogadh chun feirge. 18Mar gheall air sin bhí an Tiarna i bhfeirg le hIosrael agus chaith sé uaidh iad. Níor fágadh ach treibh Iúdá amháin.
19Ach níor choimeád Iúdá freisin aitheanta an Tiarna, a nDia, ach aithris a dhéanamh ar na nósanna ar chuir Iosrael tús leo. 20Chaith an Tiarna sliocht Iosrael go léir i leataobh; leag ar lár iad, agus thug i lámha lucht a gcreachta iad go dtí ar deireadh gur thiomáin sé uaidh iad. 21Nuair a stoll sé Iosrael ó theaghlach Dháiví, rinne siad rí de Iarobám mac Nabát. Agus sheol Iarobám Iosrael ó lorg an Tiarna agus threoraigh iad isteach i gcoir mhór. 22Rinne clann Iosrael aithris ar na peacaí go léir a rinne Iarobám, gan éirí astu, 23nó gur chaith an Tiarna Iosrael as a radharc de réir mar a gheall sé trí bhéal a shearbhóntaí go léir, na fáithe. Mar sin atá Iosrael san Asaír ar díbirt óna dtír féin go dtí an lá inniu.
Na Samáraigh
24Thug rí na hAsaíre daoine ón mBablóin, ó Chútá, ó Avá, ó Hamát, agus ó Shafarvaím, agus chuir sé iad chun cónaithe i gcathracha na Samáire in áit chlann Iosrael. Ghabh siadsan seilbh ar an tSamáir agus chuaigh chun cónaí ina cathracha. 25Nuair a chuir siad fúthu ar dtús ann, níor thug siad ómós don Tiarna, agus dá bhrí sin sheol an Tiarna leoin ina measc agus mharaigh siadsan cuid acu. 26Dúradh ansin le rí na hAsaíre: “Na ciníocha a thug tú leat agus a chuir tú chun cónaí i gcathracha na Samáire, ní eol dóibh dlí Dhia na tíre, agus sheol seisean leoin ina gcoinne agus tá siadsan á marú mar nach eol dóibh dlí Dhia na tíre.” 27Thug rí na hAsaíre ordú uaidh ansin: “Cuirigí ar ais ansiúd duine de na sagairt a dhíbir [mé] ón áit sin agus téadh sé chun cónaí ann, agus múineadh sé dóibh dlí Dhia na tíre.” 28Tháinig duine de na sagairt a díbríodh ón tSamáir chun cónaí i mBéitéil dá bhrí sin, agus mhúin sé dóibh conas an Tiarna a adhradh.
29Ach rinne gach cine a íola féin, agus chuir iad i scrínte na n‑ardionad a bhí déanta ag na Samáraigh; rinne gach cine é sin sna cathracha inar lonnaíodar. 30Rinne muintir na Bablóine Sucót Banót, muintir Chút Néargál, muintir Hamát Aisímeá, 31muintir Avá Nibcheaz agus Tartác; agus rinne muintir Shafarvaím a gclann a dhó in onóir Adraimeilic agus Anaimeilic, déithe Shafarvaím. 32Ach thug siad ómós don Tiarna chomh maith, agus cheap siad sagairt as a muintir féin do na hardionaid le híobairtí a dhéanamh ar a son i scrínte na n‑ardionad. 33Thug siad ómós don Tiarna, agus rinne siad fónamh dá ndéithe féin san am céanna de réir nósanna na dtíortha as ar ionnarbadh iad. 34Leanann siad na seanghnásanna fós inniu.
Níor thug siad urraim don Tiarna, ná níor lean siad a reachtanna ná a ghnásanna, ná an dlí ná na haitheanta a leag an Tiarna ar shliocht Iacóib dár thug sé an t‑ainm Iosrael. 35Rinne an Tiarna conradh leo agus thug an t‑ordú seo dóibh: “Ná tugaigí ómós do dhéithe coigríocha, ná cromaigí síos rompu, ná déanaigí seirbhís ná íobairt dóibh. 36Tugaigí ómós don Tiarna a thug sibh amach as tír na hÉigipte le mórchumhacht agus le géag ar tinneall; cromaigí síos roimhe agus déanaigí íobairt dó. 37Leanaigí a reachtanna agus a ghnásanna, an dlí agus na haitheanta a scríobh sé daoibh, agus atá le comhlíonadh agaibh i gcónaí go beacht. Ná tugaigí ómós dʼaon déithe eile, 38agus ná déanaigí dearmad ar an gconradh a rinne mé libh; ná bíodh urraim agaibh do dhéithe coigríocha 39ach bíodh urraim agaibh don Tiarna bhur nDia, an té a shaorfaidh sibh ó lámha bhur naimhde go léir.” 40Ach níor thugadar cluas dó, ach a seanghnásanna a leanúint.
41Thug na náisiúin úd ómós don Tiarna dá bhrí sin. Ach rinneadar seirbhís dá n‑íola greanta chomh maith; is é an scéal céanna ag a sliocht agus ag sliocht a sleachta fós inniu–tá siad ag déanamh mar a rinne a sinsir rompu.

Currently Selected:

2 Ríthe 17: ABN

Highlight

Share

Compare

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in