2 Ríthe 16
16
1Sa seachtú bliain déag de réimeas Pheacach mac Ramailiá thánig Áchaz mac Iótám i gcoróin ar Iúdá. 2Bhí Áchaz fiche bliain dʼaois nuair a tháinig sé i gcoróin agus mhair a réimeas ar feadh sé bliana déag i Iarúsailéim. Ní dhearna sé an ceart i bhfianaise an Tiarna a Dhia dála Dháiví a athair. 3Lean sé sampla ríthe Iosrael agus thug ar a mhac féin fiú gabháil trí thine de réir mar a chleachtaí go náireach ag na ciníocha a dhíbir an Tiarna roimh chlann Iosrael. 4Dʼofráil sé íobairtí agus túis ar na hardionaid, ar na cnoic agus faoi gach crann craobhach.
5Ansin is ea a thánig Reizín rí Arám agus Peacach mac Ramailiá rí Iosrael chun Iarúsailéim a ionsaí. Chuireadar léigear [air] ach níorbh fhéidir dóibh é a ghabháil. 6(San am sin, ghabh rí [Eadóm] Éalat ar ais dʼEadóm; thiomáin sé fir Iúdá ó Éalat agus ghabh na hEadómaigh seilbh air agus tá siad ag cur fúthu ann go dtí an lá inniu.) 7Ansin sheol Áchaz teachtairí go Tigleat Pileisir rí na hAsaíre á rá: “Mise do shearbhónta agus do mhac. Tar agus fuascail mé ó rí Arám agus ó rí Iosrael atá ag cur catha orm.” 8Thóg Áchaz a raibh dʼairgead agus dʼór le fáil i dTeampall an Tiarna agus i gciste phálás an rí agus chuir é mar bhronntanas go rí na hAsaíre. 9Thug rí na hAsaíre cluas dó agus ghluais in aghaidh na Damaisce agus ghabh í. Dhíbir sé muntir na cathrach go Cír agus chuir Reizín chun báis.
10Nuair a chuaigh Áchaz rí chun na Damaisce le bualadh le Tigleat Pileisir rí na hAsaíre chonaic sé an altóir a bhí sa Damaisc. Agus chuir Áchaz rí tomhais na haltóra, cuspa di, agus sonraí a déantúis, go dtí Úiriá sagart. 11Agus thóg Úiriá sagart an altóir, agus rinne sé í go beacht de réir na dtreoracha go léir a chuir Áchaz rí ón Damaisc sular tháinig Áchaz rí ar ais ón Damaisc. 12Nuair a dʼfhill an rí ón Damaisc, dʼiniúch sé í, dhruid léi agus ghabh in airde uirthi. 13Dhóigh sí a íobairt dhóite agus a abhlann; dhoirt sé a ofráil dí, agus chroith fuil a ofráil chomaoineach ar an altóir. 14An altóir chré-umha a bhí os comhair an Tiarna, thóg sé chun siúil í ó thosach an Teampaill, mar a raibh sí idir an altóir [nua] agus Teampall an Tiarna, agus chuir ar an taobh thuaidh den altóir [nua] í. 15Thug Áchaz rí an t‑ordú seo do Úiriá an sagart: “Dóigh as seo amach ar an altóir mhór íobairt dhóite na maidine, abhlann an tráthnóna, íobairt uileloiscthe an rí agus a abhlann, agus íobairt uileloiscthe phobail na tíre go léir, agus a n‑abhlann, agus a n‑ofráil dí. Croith uirthi fuil na n‑íobairtí dóite go léir agus fuil na n‑ofrálacha go léir. Maidir leis an altóir chré-umha, beidh sí fúm féin le haghaidh oracal.” 16Rinne Úiriá sagart gach ní a dʼordaigh Áchaz dó.
17Ghearr Áchaz rí creatlaigh na seastán chun siúil, bhain na trasnáin agus na miasa anuas díobh; thóg an mhuir chré-umha anuas de na daimh a bhí á hiompar agus leag í ar bhonn cloiche. 18Le hurraim do rí na hAsaíre, thóg sé chun siúil ó Theampall an Tiarna seomra an fháiltithe a bhí tógtha ansiúd, agus an iontráil ríoga lasmuigh. 19An chuid eile de stair Áchaz, a imeachtaí go léir, nach bhfuil sin uile scríofa i Leabhar Annála Ríthe Iúdá? 20Ansin chuaigh Áchaz chun suain lena shinsir, agus adhlacadh é i nDúnfort Dháiví. Tháinig a mhac Hiziciá i gcomharbacht air.
Currently Selected:
2 Ríthe 16: ABN
Highlight
Share
Compare
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 1981
Úsáidtear le cead. Used by permission.