2 Ríthe 15
15
Azairiá rí Iúdá
1Sa seachtú bliain déag de réimeas Iarobám rí Iosrael thánig Azairiá mac Amaiziá i gcoróin ar Iúdá. 2Bhí sé sé bliana déag dʼaois nuair a tháinig sé i gcoróin, agus bhí sé dhá bhliain déag is daichead ina rí in Iarúsailéim. Iacoiliá, ó Iarúsailéim, ab ainm dá mháthair. 3Rinne sé an ceart i bhfianaise an Tiarna ar fad, faoi mar a rinne a athair, Amaiziá. 4Níor scriosadh na hardionaid, áfach, agus bhí an pobal fós ag ofráil íobairtí agus túise ar na hardionaid. 5Ach leag an Tiarna a lámh ar an rí agus rinneadh lobhar de go lá a bháis, agus mhair sé i dteach leis féin. Bhí Iótám, mac an rí, i bhfeighil an rítheaghlaigh agus i gceannas ar an tír. 6An chuid eile de stair Azairiá, a imeachtaí go léir, nach bhfuil sé go léir scríofa i Leabhar Annála Ríthe Iúdá? 7Ansin chuaigh Azairiá chun suain lena shinsir agus chuireadar é i nDúnfort Dháiví, agus tháinig a mhac Iótám i gcomharbacht air.
Zacairiá agus Sealúm
8San ochtú bliain déag ar fhichid de réimeas Azairiá rí Iúdá thanig Zacairiá mac Iarobám i gcoróin ar Iosrael sa tSamáir ar feadh sé mhí. 9Rinne sé an t‑olc i bhfianaise an Tiarna faoi mar a rinne a shinsir. Níor scoir sé de na peacaí inar threoraigh Iarobám mac Nabát Iosrael. 10Rinne Sealúm mac Iáibéis comhcheilg ina aghaidh agus chuir chun báis é ag Ibleám, agus tháinig i gcoróin ina dhiaidh. 11An chuid eile de stair Zacairiá, tá sé scríofa i Leabhar Annála Ríthe Iosrael. 12Tharla sin de réir mar a gheall an Tiarna do Iéahú: “Beidh do chlann mhac ina suí i ríchathaoir Iosrael go dtí an ceathrú glúin.” Agus is mar sin a bhí.
13Thánig Sealúm mac Iáibéis i gcoróin sa naoú bliain tríochad de réimeas Uizíá rí Iúdá agus bhí sé mí i gcoróin sa tSamáir. 14Ansin ghabh Manachaem mac Gháidí suas ó Thirzeá, chuaigh isteach sa tSamáir, mharaigh Sealúm mac Iáibéis inti, agus tháinig i gcoróin ina áit. 15An chuid eile de stair Shealúm, an chomhcheilg a rinne sé, tá sin go léir scríofa i Leabhar Annála Ríthe Iosrael. 16Is ag an am seo a chreach Manachaem Tapsach, a chuir sé gach duine ann chun báis, agus a chreach sé a dhúiche go léir óThirzeá ar aghaidh de bhrí nár oscail sé a gheataí dó; chreach sé an chathair agus rop sé claíomh i mbroinn gach mná a bhí ag iompar.
17Sa naoú bliain tríochad de réimeas Azairiá rí Iúdá tháinig Manachaem mac Gháidí i gcoróin ar Iosrael. Bhí sé deich mbliana i réim sa tSamáir. 18Rinne sé an t‑olc i bhfianaise an Tiarna agus níor scoir sé de na peacaí inar threoraigh Iarobám mac Nabát Iosrael. [Lena linn] 19rinne Púl rí na hAsaíre ionradh ar an tír; thug Manachaem míle tallann airgid do Phúl dʼfhonn go gcabhródh sé leis ag neartú lena ghreim ar an údarás ríoga. 20Rinne Manachaem an t‑airgead sin a thobhach ar Iosrael, ar gach flaith, leathchéad seicil an duine, le tabhairt do rí na hAsaíre. Dʼimigh seisean ar ais ansin agus níor fhan sa tír. 21An chuid eile de stair Mhanachaem, a imeachtaí go léir, nach bhfuil sin go léir scríofa i Leabhar Annála Ríthe Iosrael? 22Ansin chuaigh Manachaem chun suain lena shinsir. Tháinig Pacaichiá i gcomharbacht air.
Pacaichiá agus Peacach
23Sa chaogadú bliain de réimeas Azairiá rí Iúdá tháinig Pacaichiá mac Mhanachaem i gcoróin ar Iosrael sa tSamáir, agus bhí sé dhá bhliain i réim. 24Rinne sé an t‑olc i bhfianaise an Tiarna; níor scoir sé de na peacaí inar threoraigh Iarobám mac Nabát Iosrael. 25Rinne Peacach mac Ramailiá, a cheann feadhna, comhcheilg ina aghaidh agus threascair é sa tSamáir, i ndúnfort an pháláis (Argob agus Airié). Bhí leathchéad dʼfhir Ghileád lena chois; mharaigh sé an rí agus tháinig i gcomharbacht air. 26An chuid eile de stair Phacaichiá, a imeachtaí go léir, tá sin go léir scríofa i Leabhar Annála Ríthe Iosrael.
27Sa dara bliain caogad de réimeas Azairiá rí Iúdá tháinig Peacach mac Ramailiá i gcoróin ar Iosrael sa tSamáir; agus bhí sé fiche bliain i réim. 28Rinne sé an t‑olc i bhfianaise an Tiarna; níor scoir sé de na peacaí inar threoraigh Iarobám mac Nabát Iosrael. 29I réimeas Pheacach mac Ramailiá tháinig Tigleat Pileisir rí na hAsaíre agus ghabh sé Íón, Ábael Béit Mácá, Iánóa, Ceidis, Hazór, Gileád agus an Ghailíl, agus críocha Naftáilí go léir, agus dhíbir sé an pobal go léir go dtí an Asaír. 30Rinne Hóiséa mac Éalá comhcheilg ansin in aghaidh Pheacach mac Ramailiá. Rinne sé an rí a dhúnmharú agus tháinig i gcomharbacht air (san fhichiú bliain de réimeas Iótám mac Uizíá). 31An chuid eile de stair Pheacach, agus a imeachtaí go léir, nach bhfuil sin go léir scríofa i Leabhar Annála Ríthe Iosrael?
Iótám agus Áchaz
32Sa dara bliain de réimeas Pheacach mac Ramailiá rí Iosrael tháinig Iótám mac Uizíá i gcoróin ar Iúdá. 33Bhí sé cúig bliana fichead dʼaois nuair a thánig sé i gcoróin agus bhí sé sé bliana déag i réim in Iarúsailéim. Iarúiseá iníon Zádóc ab ainm dá mháthair. 34Rinne sé an ceart i bhfianaise an Tiarna de réir mar a rinne a athair Uizíá roimhe. 35Níor scriosadh na hardionaid, áfach, agus bhí an pobal fós ag ofráil íobairtí agus túise ar na hardionaid. Eisean a thóg Geata Uachtarach Theampall an Tiarna. 36An chuid eile de stair Iótám, a imeachtaí go léir, nach bhfuil sé sin go léir scríofa i Leabhar Annála Ríthe Iúdá? 37San am sin chrom an Tiarna ar Reizín rí Arám agus Peacach mac Ramailiá a chur i gcoinne Iúdá. 38Ansin chuaigh Iótám chun suain lena shinsir agus adhlacadh é i nDúnfort Dháiví, a shinsear, agus tháinig a mhac Áchaz i gcomharbacht air.
Currently Selected:
2 Ríthe 15: ABN
Highlight
Share
Compare
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 1981
Úsáidtear le cead. Used by permission.