2 Ríthe 14
14
Réimeas Amaiziá
1Sa dara bliain de réimeas Ióáis mac Iahóácház rí Iosrael rinneadh rí ar Iúdá dʼAmaiziá mac Ióáis. 2Bhí sé cúig bliana fichead dʼaois nuair a tháinig sé i gcoróin agus bhí sé naoi mbliana fichead i réim in Iarúsailéim. Iahóadaín ó Iarúsailéim ab ainm dá mháthair. 3Rinne sé an ceart i bhfianaise an Tiarna, ach níorbh ionann agus a shinsear Dáiví. Rinne sé aithris ar a athair Ióáis i ngach slí. 4Níor scriosadh na hardionaid, áfach, agus bhí an pobal fós ag ofráil íobairtí sna hardionaid.
5Nuair a bhí greim daingean aige ar an ríocht, chuir sé chun báis na hoifigigh úd a mharaigh a athair, an rí. 6Níor chuir sé chun báis clann na ndúnmharfóirí, áfach, de réir mar atá scríofa i leabhar dhlí Mhaois mar ar ordaigh an Tiarna: “Níl aithreacha le cur chun báis ar son mac, ná mic ar son a n‑aithreacha; ní foláir gach duine a chur chun báis ar son a pheaca féin.”
7Eisean a bhris ar na hEadómaigh i nGleann an tSalainn, deich míle díobh, agus a ghabh an Charraig de ruathar. Thug sé Ioctael mar ainm uirthi agus is é atá uirthi go dtí inniu féin.
8Ansin chuir Amaiziá teachtairí go Ióáis mac Iahóácház mac Iéahú rí Iosrael á rá: “Tar agus bíodh triail againn as a chéile!” 9Chuir Ióáis rí Iosrael teachtaireacht go hAmaiziá rí Iúdá: “Chuir feochadán na Liobáine teachtaireacht go céadar na Liobáine: ‘Tabhair dʼiníon le pósadh do mo mhac,’ ach rinne ainmhí allta sa Liobáin an feochadán a shatailt faoina chosa agus é ag gabháil thar bráid. 10Rinne tú Eadóm a chloí agus anois tá éirí in airde ort. Bí ag maíomh as do ghaisce, ach fan sa bhaile. Cad ab áil leat ag cothú tranglaim a dhéanfadh thú féin agus Iúdá a scrios?” 11Ach ní éisteodh Amaiziá agus ghluais Ióáis rí Iosrael amach chun catha, agus thug sé féin agus Amaiziá rí Iúdá aghaidh ar a chéile ag Béit Seimis le Iúdá. 12Bhris Iosrael ar Iúdá agus theith gach duine abhaile. 13Agus ghabh Ióáis rí Iosrael Amaiziá rí Iúdá mac Ióáis mac Achaizíá, ag Béit Seimis, agus [thug sé] leis é go Iarúsailéim; scartáil sé balla na cathrach ó Gheata Eafráim go Geata an Chúinne, ceithre chéad banlámh dá fhad. 14Thug sé leis an t‑airgead agus an t‑ór go léir agus na fearais go léir a bhí le fáil i dTeampall an Tiarna, agus i gcístí phálás an rí, agus gialla chomh maith, agus ansin dʼfhill ar an tSamáir.
15An chuid eile de stair Ióáis, a imeachtaí go léir, agus a ghaisce, agus conas mar a throid sé le hAmaiziá rí Iúdá, nach bhfuil sé sin go léir scríofa i Leabhar Annála Ríthe Iosrael? 16Agus chuaigh Ióáis chun suain lena shinsir, agus adhlacadh é sa tSamáir le ríthe Iosrael. Tháinig a mhac Iarobám i gcomharbacht air.
17Mhair Amaiziá mac Ióáis rí Iúdá cúig bliana déag tar éis bháis do Ióáis mac Iahóácház rí Iosrael. 18An chuid eile de stair Amaiziá, nach bhfuil sé go léir scríofa i Leabhar Annála Ríthe Iúdá? 19Rinneadh comhcheilg ina aghaidh in Iarúsailéim agus theith sé go Láicís ach chuaigh an tóir ina dhiaidh go Láicís agus cuireadh chun báis ansiúd é. 20Iompraíodh ar ais ar chapaill é agus adhlacadh é i nDúnfort Dháiví lena shinsir. 21Thogh muintir Iúdá go léir Azairiá, agus gan é ach sé bliana déag dʼaois, agus rinneadar rí de i gcomharbacht ar a athair Amaiziá. 22Eisean a dʼatóg Éalat agus a fuair ar ais do Iúdá é tar éis don rí dul chun suain lena shinsir.
Iarobám II
23Sa chúigiú bliain déag de réimeas Amaiziá mac Ióáis rí Iúdá rinneadh rí ar Iosrael sa tSamáir de Iarobám mac Ióáis. Bhí sé bliain agus daichead ina rí. 24Rinne sé an t‑olc i súile an Tiarna agus níor scar sé le haon pheaca inar threoraigh Iarobám mac Nabát Iosrael. 25Eisean a ghnóthaigh ar ais críocha Iosrael ó Bhealach Hamát go Muir an Arabá, de réir bhriathar an Tiarna Dia Iosrael a labhair sé ó bhéal Ióna mac Amaití a shearbhónta, an fáidh ó Ghat Héifir. 26Óir chonaic an Tiarna a ghéire a bhí cruachás Iosrael, gan aon duine daor ná saor le teacht i gcabhair ar Iosrael. 27Ach gheall an Tiarna nach scriosfadh sé ainm Iosrael ó chlár na cruinne agus dʼfhuascail sé iad le láimh Iarobám mac Ióáis. 28An chuid eile de stair Iarobám, a imeachtaí go léir, a ghaisce, na cogaí a dʼfhear sé, (conas mar a bhuaigh sé an Damaisc agus Hamát i Iáidí), nach bhfuil sin go léir scríofa i Leabhar Annála Ríthe Iosrael? 29Ansin chuaigh Iarobám chun suain lena shinsir. Rinneadar é a adhlacadh sa tSamáir le ríthe Iosrael. Tháinig Zacairiá i gcomharbacht air.
Currently Selected:
2 Ríthe 14: ABN
Highlight
Share
Compare
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 1981
Úsáidtear le cead. Used by permission.