2 Ríthe 13
13
Réimeas Iahóácház agus Ióáis
1Sa tríú bliain fichead de réimeas Ióáis mac Achaizíá rí Iúdá, tháinig Iahóácház mac Iéahú i réim ar Iosrael sa tSamáir, agus bhí sé seacht mbliana déag i réim. 2Rinne sé an t‑olc i bhfianaise an Tiarna agus lean sé air leis na peacaí inar threoraigh Iarobám mac Nabát Iosrael, gan éirí astu.
3Las fearg an Tiarna in aghaidh Iosrael agus thug sé suas gan sos iad do chumhacht Hazáéil rí Arám agus Bhein Hadad mac Hazáéil. 4Ansin ghuigh Iahóácház chun an Tiarna, agus dʼéist an Tiarna leis, mar go bhfaca sé an inghreim a bhí á dhéanamh ag rí Arám ar chlann Iosrael. 5(Thug an Tiarna fuasclóir dóibh [a dʼfhuascail iad] ó lámha na nArámach, agus chónaigh clann Iosrael ina mbothanna mar a rinneadar roimhe sin. 6Ach níor éiríodar as na peacaí inar threoraigh Iarobám Iosrael, ach leanadar orthu agus fágadh an cuaille naofa sa tSamáir.) 7Níor fágadh ach leathchéad de mharcshlua, deich gcarbad agus deich míle troitheach dʼarm ag Iahóácház. Scrios rí Arám iad agus shatail faoi chois iad mar a dhéanfaí le smúit lá an bhuailte.
8An chuid eile de stair Iahóácház, a imeachtaí go léir, agus a ghaisce, nach bhfuil sin go léir scríofa i Leabhar Annála Ríthe Iosrael? 9Ansin chuaigh Iahóácház chun suain lena shinsir agus rinneadar é a adhlacadh sa tSamáir, agus tháinig a mhac Ióáis i gcomharbacht air.
10Sa seachtú bliain tríochad de réimeas Ióáis rí Iúdá tháinig Ióáis mac Iahóácház i réim ar Iosrael sa tSamáir, agus bhí sé sé bliana déag i réim. 11Rinne sé an t‑olc i bhfianaise an Tiarna agus níor staon sé de na peacaí inar threoraigh Iarobám mac Nabát Iosrael, ach lean sé orthu. 12An chuid eile de stair Ióáis, a imeachtaí go léir, agus a ghaisce, agus conas mar a chuir sé cogadh ar Amaiziá rí Iúdá, nach bhfuil sin go léir scríofa i Leabhar Annála Ríthe Iosrael? 13Ansin chuaigh Ióáis chun suain lena shinsir, agus shuigh Iarobám ina ríchathaoir. Adhlacadh Ióáis sa tSamáir le ríthe Iosrael.
Bás Eilíseá agus Bua ar Arám
14Nuair a bhuail tinneas a bháis Eilíseá, ghabh Ióáis rí Iosrael síos chuige, agus chrom ar ghol ina láthair á rá: “A athair liom, a athair liom, a charbaid Iosrael lena eachra!” 15Dúirt Eilíseá leis: “Faigh bogha agus saigheada,” agus fuair sé bogha agus saigheada. 16Ansin dúirt sé leis an rí: “Tarraing an bogha,” agus tharraing. Chuir Eilíseá a lámha thar lámha an rí. 17“Oscail an fhuinneog thoir,” ar sé, agus dʼoscail sé í. Ansin dúirt Eilíseá: “Scaoil an tsaighead,” agus scaoil. Dúirt sé ansin: “Saighead bua an Tiarna, saighead an bhua ar Arám. Brisfidh tú glan ar Arám ag Afaec.” 18Ansin dúirt Eilíseá: “Tóg na saigheada,” agus thóg sé iad. Ansin dúirt sé le rí Iosrael: “Buail an talamh,” agus bhuail sé trí huaire é, agus ansin stad sé. 19Tháinig fearg ar an ngiolla Dé leis dá bharrsan. “Bhí sé de cheart agat é a bhualadh cúig nó sé huaire,” ar sé, “agus chloífeá Arám go hiomlán agus chuirfeá deireadh leis; anois ní bhrisfidh tú ar Arám ach trí huaire.”
20Fuair Eilíseá bás, agus adhlacadh é. Bhíodh díormaí Móábach ag déanamh ionraidh ar an tír gach [bliain]. 21Tharla go raibh marbh á iompar chun a adhlactha, agus chonacthas díorma díobh siúd, agus caitheadh an marbh isteach i dtuama Eilíseá. A luaithe a bhain an fear marbh le cnámha Eilíseá, tháinig anam ann arís agus sheas sé ar a chosa.
22Bhí Hazáéil rí Arám ag déanamh géarleanúna ar Iosrael i gcaitheamh ré Iahóácház ar fad. 23Ach bhí an Tiarna cneasta leo agus ghlac trua dóibh, agus dʼiompaigh chucu de bharr an chonartha a rinne sé le hAbrahám, le hÍosác, agus le Iacób, agus níorbh áil leis iad a scrios, ná níor dhíbir sé as a láthair iad (fós). 24Fuair Hazáéil rí Arám bás, agus tháinig Bein Hadad i gcomharbacht air. 25Ansin ghabh Ióáis mac Iahóácház ar ais ó Bhein Hadad mac Hazáéil na cathracha a ghabh seisean óna athair Iahóácház le neart airm. Bhris Ióáis air faoi thrí agus fuair ar ais cathracha Iosrael.
Currently Selected:
2 Ríthe 13: ABN
Highlight
Share
Compare
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 1981
Úsáidtear le cead. Used by permission.