YouVersion Logo
Search Icon

2 Croinicí 8

8
An Tógáil Déanta
1Ag deireadh an fiche bliain a thóg sé ar Sholamh Teampall an Tiarna agus a theach féin a thógáil, 2dʼatóg sé na cathracha a thug Húrám dó, agus lonnaigh sé Iosraelaigh iontu. 3Ansin chuaigh Solamh go Hamát Zóbá agus ghabh é. 4Dʼatóg sé Tadmor san fhásach agus na cathracha stóir go léir a bhí tógtha aige i Hamát. 5Dʼatóg sé Béit Horon Uachtarach agus Béit Horon Íochtarach, cathracha daingne le ballaí, geataí, agus sparraí, 6agus Bálat, agus na cathracha stóir go léir a bhí ag Solamh, na cathracha dá charbaid agus dá eachra, agus gach ní arbh áil le Solamh a thógáil i Iarúsailéim, sa Liobáin agus sna tíortha go léir a bhí faoina cheannas. 7Gach ar mhair de na Hitigh, na hAmóraigh, na Pirizigh, na Hivigh, na Iabúsaigh, nárbh Iosraelaigh iad; 8a sliocht a fágadh sa tír ina ndiaidh, an mhuintir nár chuir na hIosraelaigh faoin mbang,–chuir Solamh iadsan go léir faoi chuing dhaoirse sclábhaíochta agus is mar sin atá acu go dtí inniu féin. 9Ach níor chuir Solamh aon duine de chlann Iosrael faoi dhaoirse saothair; ba iadsan a bhí aige mar shaighdiúirí, mar oifigigh, mar cheannairí carbad, agus mar mharcshlua. 10Sin iad na maoir a bhí ar na saoistí a bhí i mbun shaothar Sholaimh: dhá chéad go leith a bhí i gceannas na ndaoine.
11Thug Solamh iníon Fhorainn ó chathair Dháiví go dtí an teach a thóg sé di, mar dúirt sé: “Ní chuirfidh mo bheansa fúithi i dteach Dháiví, rí Iosrael, mar tá na háiteanna inar tháinig áirc an Tiarna naofa.” 12Ansin dʼofráladh Solamh íobairtí uileloiscthe don Tiarna ar an altóir a thóg sé don Tiarna os comhair an phóirse, 13mar a dʼéiligh dualgas gach lae, ag ofráil de réir aithne Mhaois do na sabóidí, na réanna nua, na trí féilte bliantúla–féile an aráin gan ghabháile, féile na seachtainí, agus féile na dtaibearnacal. 14Chuir sé reachtanna a athar, Dáiví, i bhfeidhm, agus cheap sé oird na sagart i mbun a ndualgas; agus na Léivítigh i mbun a gcúraimí molta agus freastail leis na sagairt mar a dʼéiligh liotúirge gach lae; agus oird lucht faire na ngeataí i mbun a ngeataí ar leith, mar a dʼordaigh Dáiví giolla Dé. 15Níor chlaonadar in aon slí óna raibh ordaithe ag an rí do na sagairt agus do na Léivítigh, fiú, maidir le gnó na gcístí. 16Ar an gcuma sin nuair a bhí Teampall an Tiarna go léir tógtha, bhí crích curtha le saothar Sholaimh go léir, saothar nach raibh ann ach beartas á ullmhú go dtí an lá ar leagadh cloch bhoinn Theampall an Tiarna.
Glóir Sholaimh
17Chuaigh Solamh ansin go hEizión Geibir agus go hÉalát ar bhruach na farraige i dtír Eadóm. 18Chuir Húrám longa faoi stiúir a chuid fear féin chuige, agus mairnéalaigh eolgaiseacha. Chuadarsan le muintir Sholaimh go hÓifír agus rugadar leo ar ais ón áit sin ceithre chéad go leith tallann óir agus thugadar do Sholamh rí é.

Currently Selected:

2 Croinicí 8: ABN

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in

Video for 2 Croinicí 8