2 Croinicí 9
9
1Nuair a leath clú Sholaimh amach fad le banríon Sheabá tháinig sí ag triall air go Iarúsailéim chun é a phromhadh le ceisteanna crua. Thug sí ollsaibhreas léi, camaill faoi ualach spíosraí, na múrtha óir agus líoga lómhara. Ar theacht go Solamh di, labhair sí leis go neamhbhalbh, 2agus bhí freagra ag Solamh ar gach ceist dár chuir sí; ní raibh ceann ar bith acu róchasta le míniú ag Solamh. 3Nuair a chonaic banríon Sheabá chomh críonna ar fad agus a bhí Solamh, an pálás a bhí tógtha aige, 4bia an bhoird agus an chóir a bhí ar a oifigigh, eagrú a lucht freastail, agus an feisteas a bhí orthu, lucht iompartha na gcorn aige agus na híobairtí dóite a dʼofráladh sé i dTeampall an Tiarna baineadh stangadh aisti, 5agus dúirt sí leis an rí: “Ba í an fhírinne, mar sin, a chuala mé i mo thír féin fút agus faoi do chríonnacht! 6Go dtí gur tháinig mé agus go bhfaca mé le mo shúile cinn é, níorbh fhéidir liom an tuairisc a chreidiúint; ach is léir nár insíodh dom faoi leath do chríonnacht éachtach dáiríre; sáraíonn tú an tuairisc a chuala mé. 7Nach méanar do do mhná céile! 8Nach méanar do na seirbhísigh seo agat a bhíonn ag síorfhreastal ort agus a chluineann do chríonnacht. 9Moladh leis an Tiarna do Dhia a bhronn an chomaoin seo ort agus a chuir ar a ríchathaoir thú mar rí [in ainm] an Tiarna do Dhia. De bhrí go bhfuil grá bithbhuan ag an Tiarna do Iosrael, agus gur mian leis é chothú go brách, rinne sé rí díotsa chun an dlí agus an ceart a riar.” Bhronn sí céad fiche tallann óir ar an rí agus lear mór spíosraí agus líoga lómhara. Ní raibh riamh spíosraí mar iad siúd a thug banríon Sheabá do Sholamh rí. 10Ar an tslí chéanna, na searbhóntaí úd Húrám agus Sholaimh a bhí ag tabhairt óir ó Óifír, thug siad leo adhmad algum agus líoga lómhara. 11Rinne an rí cláir urláir do Theampall an Tiarna agus don phálás ríoga, agus cruiteanna agus cláirseacha don lucht ceoil, den adhmad algum; ní fhacthas a leithéid riamh roimhe sin i dtír Iúdá. 12Agus bhronn Solamh rí ar bhanríon Sheabá gach arbh áil léi seachas a raibh tugtha chun an rí aici a thabhairt ar ais. Ansin dʼimigh sí léi abhaile chun a tíre féin, í féin agus a searbhóntaí.
13Sé chéad agus a seasca sé tallann óir an meáchan óir a thagadh go Solamh le haghaidh na bliana, 14seachas a dtagadh chuige ón lucht trádála agus ceannaithe, agus a dtagadh dʼór agus dʼairgead go Solamh ó ríthe na hAráibe agus ó rialtóirí na tíre. 15Rinne Solamh rí dhá chéad sciath dʼór ceárta; chuaigh sé chéad seicil óir i ngach sciath. 16Agus rinne sé trí chéad sciath beag dʼór ceárta agus chuaigh trí chéad seicil óir i ngach sciath agus chuir an rí iad i Halla Fhoraois na Liobáine. 17Rinne an rí chomh maith ríchathaoir mhór eabhair, agus chumhdaigh í le hór athleáite. 18Bhí sé chéim chun na ríchathaoireach agus bhí uan óir ar a cúl, agus taca uillinne ar gach taobh den ríchathaoir; bhí dhá leon ina seasamh le taobh na dtacaí, 19agus dhá leon déag ina seasamh ansiúd, leon ag dhá cheann gach céime de na sé céimeanna. Ní dhearnadh a leithéid de ríchathaoir riamh in aon ríocht eile.
20Ba dʼór soithí óil Sholaimh go léir, agus ba dʼór fíre gréithe uile Halla Fhoraois na Liobáine, gan aon ní dʼairgead, mar ba bheag an meas a bhí ar airgead le linn Sholaimh. 21Théadh longa an rí go Tairsís in éineacht le searbhóntaí Húrám. Uair gach trí bliana thagadh cabhlach Thairsís le hór, airgead, eabhar, ápaí agus babúin. 22Sháraigh Solamh rí ríthe an domhain go léir ar shaibhreas agus ar eagna. 23Thagadh an saol mór go léir ar lorg éisteacht ó Sholamh ionas go gcloisfidís an eagna a chuir Dia ina chroí, 24agus thugadh gach duine díobh a thabhartas féin leis–soithí óir, soithí airgid, fallaingí, airm, spíosraí, capaill agus miúileanna. Agus mar sin a bhí bliain i ndiaidh na bliana. 25Bhí ceithre mhíle mainséar ag Solamh dá chapaill agus dá charbaid, agus dhá mhíle dhéag marcach; bhuanaigh sé iadsan sna cathracha carbad agus in aice an rí in Iarúsailéim. 26Bhí sé i gceannas ar na ríthe go léir ón Eofrataes go tír na bhFilistíneach agus go teorainn na hÉigipte. 27Dʼfhág an rí go raibh airgead chomh coiteann céanna le clocha in Iarúsailéim agus céadair chomh flúirseach le seiceamair na nÍsleán. 28Dhéantaí capaill Sholaimh a allmhairiú ó Chilicia agus ó na tíortha eile go léir chomh maith.
29An chuid eile de stair Sholaimh ó thús deireadh, nach bhfuil sí go léir scríofa i Stair Nátán an fáidh, i dtairngreacht Aichíá ó Shileo, agus i bhfíseanna Ideo an físí faoi Iarobám mac Nabát. 30Mhair réimeas Sholaimh, in Iarúsailéim, ar Iosrael go léir, daichead bliain. 31Ansin chuaigh Solamh chun suain lena shinsir agus cuireadh é i gcathair Dháiví a athair. Tháinig Rachabám a mhac i gcomharbacht air.
Currently Selected:
2 Croinicí 9: ABN
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 1981
Úsáidtear le cead. Used by permission.