2 Croinicí 7
7
Tíolacadh an Teampaill
1Nuair a bhí a urnaí ráite ag Solamh, tháinig tine anuas ó na flaithis agus dhóigh an íobairt uileloiscthe agus na hofrálacha, agus líon glóir an Tiarna an Teampall. 2Níor fhéad na sagairt dul isteach i dteach an Tiarna óir líon glóir an Tiarna teach an Tiarna. 3Nuair a chonaic clann Iosrael go léir an tine ag teacht anuas agus glóir an Tiarna ina luí ar an Teampall, chrom siad síos chun an urláir ar a mbéala agus ar a bhfiacla ar an bpábháil; thug siad adhradh agus moladh don Tiarna: “Óir is maith é, agus maireann a bhuanghrá de shíor.” 4Ansin dʼofráil an rí agus an pobal go léir íobairt i láthair an Tiarna. 5Dʼofráil Solamh rí dhá mhíle fichead damh, céad agus a fiche míle caora, agus rinne an rí agus an pobal Teampall an Tiarna a thíolacadh ar an gcuma sin. 6Sheas na sagairt ina n‑ionaid féin, agus mhol na Léivítigh an Tiarna ar na huirlisí a rinne Dáiví le comhsheinm le cainticí an Tiarna: “Óir maireann a bhuanghrá de shíor.” Ghabh siad na hiomainn mholta a chum Dáiví. Taobh leo bhí na sagairt ag séideadh an stoic, agus Iosrael go léir ina seasamh.
7Rinne Solamh rí lár na cúirte os comhair Theampall an Tiarna a choisreacan; dʼofráil sé ansiúd an íobairt uileloiscthe, an abhlann agus codanna méithe na n‑íobairtí comaoineach, mar go raibh an altóir chré-umha a rinne Solamh róbheag chun an íobairt uileloiscthe, an abhlann agus na spólaí méithe a iompar. 8Rinne Solamh ansin an fhéile a cheiliúradh ar feadh seacht lá, in éineacht le hIosrael go léir, ó bhealach Hamát go gleann na hÉigipte, ina chomhthionól mór. 9Ar an ochtú lá bhí comhthionól sollúnta acu, óir cheiliúir siad coisreacan na haltóra seacht lá agus an fhéile seacht lá. 10Ar an tríú lá fichead den seachtú mí chuir sé an pobal uaidh abhaile, agus iad faoi lúcháir agus áthas croí de bharr an chineáltais go léir a thaispeáin an Tiarna do Dháiví, do Sholamh agus dʼIosrael a phobal.
Rabhadh
11Bhí deireadh déanta ag Solamh ansin ag tógáil Theampall an Tiarna agus an pháláis, agus bhí críoch curtha aige ar gach ar mhian leis ina chroí a dhéanamh i dteach an Tiarna agus ina theach féin. 12Ansin thaispeáin an Tiarna é féin do Sholamh san oíche agus dúirt sé leis: “Dʼéist mé le dʼurnaí. Thogh mé an áit seo dom féin mar theach íobartha. 13Nuair a dhúnfaidh mé na spéartha i dtreo nach dtiocfaidh báisteach, nó nuair a ordóidh mé don lócaist an tír a scriosadh, nó nuair a scaoilfidh mé plá faoin bpobal, 14má dhéanann an pobal ar a nglaoitear mʼainm iad féin a umhlú agus guí chugam agus mo ghnúis a lorg, agus casadh óna gcosáin choiriúla, tabharfaidh mé cluas dóibh ó neamh, agus maithfidh mé a bpeaca agus cneasóidh mé a dtír. 15Beidh mo shúile ar oscailt agus mo chluasa ar tinneall don urnaí a dhéantar san áit seo anois agus feasta. 16Anois agus feasta tá an teach seo tofa agus coisricthe agam le go mbeadh mʼainm ann go brách; beidh mo shúile agus mo chroí ann go brách na breithe. 17Agus maidir leat féin, má shiúlann tú i mo láthair mar a rinne Dáiví dʼathair, má dhéanann tú gach ar ordaigh mé duit, agus má chomhlíonann tú mo dhlíthe agus mo reachtanna, 18daingneoidh mé do ríchathaoir, de réir an chonartha a rinne mé le Dáiví dʼathair á rá: ‘Ní bheidh tú choíche gan fear le suí i ríchathaoir Iosrael.’ 19Ach má iompaíonn sibh uaim, agus nach gcoimeádfaidh sibh mʼaitheanta agus mo reachtanna a chuir mé romhaibh, ach imeacht agus seirbhís a dhéanamh do dhéithe eile agus iad a adhradh, 20ansin déanfaidh mé [Iosrael] a stoitheadh as an talamh a thug mé dóibh, agus caithfidh mé uaim as mo radharc an Teampall seo a choisric mé do mʼainm, agus déanfaidh mé seanfhocal agus nath de i measc na gciníocha go léir. 21Agus maidir leis an Teampall seo atá chomh maorga sin anois, cuirfidh sé alltacht ar gach duine a ghabhfaidh thar bráid agus déarfaidh siad: ‘Cén fáth ar thug an Tiarna an cor seo don tír agus don Teampall seo?’ 22Agus sé freagra a gheobhaidh siad: ‘Mar gur thréig siad an Tiarna, Dia a sinsear, a thug amach iad as tír na hÉigipte, agus gur ghlac siad chucu déithe eile agus gur thug siad ómós agus seirbhís dóibh; sin é an fáth ar thug an Tiarna an drochíde sin go léir orthu.’ ”
Currently Selected:
2 Croinicí 7: ABN
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 1981
Úsáidtear le cead. Used by permission.