YouVersion Logo
Search Icon

2 Croinicí 4

4
1Rinne sé altóir chré-umha, fiche banlámh ar fhad, fiche banlámh ar leithead, agus deich mbanlámh ar airde. 2Rinne sé an mhuir de mhiotal leáite, deich mbanlámh ó chiumhais go ciumhais, déanamh cruinn uirthi agus í cúig bhanlámh ar airde; dorú tríocha banlámh ar fhad a thomhais a himlíne. 3Timpeall uirthi go léir thíos fúithi, bhí ainmhithe mar a bheadh daimh; ghabh siad timpeall na mara ar feadh tríocha banlámh, agus na daimh ina dhá sraith, agus teilgeadh iad leis an gcuid eile. 4Bhí sí ina luí ar dhá dhamh déag, trí cinn agus a n‑aghaidh ó thuaidh, trí cinn agus a n‑aghaidh siar, trí cinn agus a n‑aghaidh ó dheas, trí cinn agus a n‑aghaidh soir. Leagadh an mhuir orthusan, agus a gceathrúna go léir isteach i dtreo a chéile. 5Bhí sí dorn ar tiús agus ba ar chuma ciumhais cupáin a bhí a ciumhais, mar bhláth. Bhí lán trí mhíle folcadán inti.
6Rinne sé deich mbáisíní agus leag cúig cinn díobh ar dheis, agus cúig cinn ar chlé, le haghaidh an íobartaigh don uileloscadh a ní ansiúd; ba do na sagairt le hionladh inti an mhuir. 7Rinne sé na deich gcoinnleoirí óir mar a bhí leagtha síos agus chuir sé suas iad i halla an Teampaill, cúig cinn ar dheis agus cúig cinn ar chlé. 8Rinne sé deich gcinn de bhoird, agus chuir i halla an Teampaill iad, cúig cinn ar dheis agus cúig cinn ar chlé. Rinne sé céad babhla óir. 9Rinne sé cúirt na sagart, agus an chúirt mhór, agus geataí na cúirte agus chumhdaigh sé na geataí le cré-umha. 10Chuir sé an mhuir ar dheis beagán sa chúinne thoir ó dheas den Teampall.
11Rinne Húrám na luaithreáin, na sluaistí, agus na babhlaí. Thug sé an obair go léir a rinne sé don rí Solamh i gcomhair Theampall Dé chun críche: 12an dá cholún, an dá mhúnláil ar na mullaí ar bharr na gcolún, an dá shraith fhiolagráin ag cumhdach an dá mhúnláil ar na mullaí ar bharr na gcolún; 13an ceithre chéad pomagránait don dá shraith fiolagráin; bhí na pomagránaití ar gach ceann de na fiolagráin in dhá sraith (leis an dá mhúnláil ar na mullaí ar bharr na gcolún a chumhdach); 14na [deich] seastáin agus na deich mbáisíní ar na seastáin; 15an aon mhuir agus an dá dhamh dhéag faoin muir; 16na luaithreáin, na sluaistí, na gabhla agus na gréithe go léir a ghabh leo siúd a rinne Húrám Áibí de chré-umha líofa do Sholamh rí, do Theampall an Tiarna. 17Rinne an rí iad seo trí ghaineamhtheilgean i ndúiche na Iordáine idir Sucót agus Zaraedá. 18Rinne Solamh an oiread sin de na gréithe sin go léir nár tomhaiseadh riamh meáchan an chré-umha a chuaigh iontu.
19Rinne Solamh na gréithe go léir a bhí i dTeampall Dé: an altóir óir, na boird do bhuilíní na láithreachta, 20na coinnleoirí lena lóchrainn d'ór fíre le lasadh os comhair an tsanctóra mar a ordaíodh; 21na bláthanna ornáideacha, na lóchrainn, agus an teanchair, d'ór fíre; 22na smóladáin, na babhlaí, na loingíní túise, na túisteáin, d'ór fíre; doras an Teampaill, na doirse inmheánacha don áit shárnaofa, agus doirse halla an Teampaill, d'ór fíre.

Currently Selected:

2 Croinicí 4: ABN

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in

YouVersion uses cookies to personalize your experience. By using our website, you accept our use of cookies as described in our Privacy Policy