YouVersion Logo
Search Icon

2 Croinicí 3

3
An Tógáil
1Thosaigh Solamh ansin ar theach an Tiarna a thógáil in Iarúsailéim ar Shliabh Mhóiriá mar a raibh fís ag Dáiví a athair. Sin é an áit a bhí ceaptha ag Dáiví, urlár buailte Ornán an Iabúsach. 2Thosaigh sé ag tógáil an dara mí den cheathrú bliain dá réimeas. 3Seo iad na tomhais a bhí ag Solamh do thógáil theach Dé: trí fichid banlámh ar fad - banlámh den seanchaighdeán - agus fiche banlámh ar leithead. 4Bhí an póirse os comhair halla an Teampaill fiche banlámh ar fhad, ar feadh leithead an Teampaill, agus bhí sé céad agus a fiche banlámh ar airde. Rinne sé é a chumhdach laistigh le hór fíre. 5Rinne sé an halla mór a líneáil le cufróg agus a chumhdach le hór fíre agus a mhaisiú le pailmeacha agus le slabhraí. 6Mhaisigh sé an halla le clocha luachmhara an-áille. Ór Parváím an t‑ór. 7Rinne sé an halla go léir - na fraitheacha, na tairseacha, na ballaí, agus na doirse - a chumhdach leis an ór. Ghrean sé ceiribíní ar na ballaí.
8Ansin thóg sé an áit shárnaofa; bhí sé fiche banlámh ar fhad ar feadh leithead an halla mhóir, agus fiche banlámh ar leithead. Rinne sé é a chumhdach le sé chéad tallann d'ór fíre. 9Mheáigh na tairní óir caoga seicil. Chumhdaigh sé na seomraí uachtair freisin le hór. 10Rinne sé dhá cheiribín de mhiotal saothraithe san áit shárnaofa agus chumhdaigh sé iad le hór. 11Leath sciatháin na gceiribíní fiche banlámh, cúig bhanlámh i bhfad gach sciatháin díobh, agus aon sciathán amháin de gach ceann díobh ag baint le balla an halla, agus an sciathán eile ag baint le sciathán an cheiribín eile. 12Cúig bhanlámh i bhfad aon sciathán amháin cheiribín agus é ag baint le balla na halla; an dara sciathán cúig bhanlámh ar fhad agus é ag baint le sciathán an cheiribín eile. 13Fiche banlámh a shín sciatháin na gceiribíní. Sheas siad ar a gcosa agus a n‑aghaidh ar halla an Teampaill.
14Rinne sé an fial d'éadach corcra, craorag, dearg, agus de líon mín. Ghrean sé ceiribíní air.
15Os comhair an halla, rinne sé dhá cholún tríocha cúig banlamh ar airde agus ar bharr gach cinn díobh mullach de chuig bhanlámh. 16Sa sanctóir istigh rinne sé triopaill agus chuir sé ar bharr na gcolún iad; rinne sé céad pomagránait agus ghreamaigh de na triopaill iad. 17Chuir sé suas na colúin os comhair halla an Teampaill, ceann ar dheis, agus ceann ar chlé. Thug sé Iácaín ar an gcolún ar dheis agus Boaz ar a pháirtí ar chlé.

Currently Selected:

2 Croinicí 3: ABN

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in

YouVersion uses cookies to personalize your experience. By using our website, you accept our use of cookies as described in our Privacy Policy