2 Croinicí 5
5
An Áirc á Cur sa Teampall
1Ar an gcuma sin cuireadh i gcrích an obair go léir a rinne Solamh rí do Theampall an Tiarna, agus thug Solamh leis isteach na nithe go léir a rinne Dáiví a athair a thíolacadh, idir airgead agus ór agus ghréithe, agus chuir iad i gciste Theampall Dé. 2Ansin chruinnigh Solamh seanóirí Iosrael agus taoisigh na dtreibheanna agus cinn finí phobal Iosrael le chéile in Iarúsailéim chun go dtabharfaidís áirc chonradh an Tiarna aníos ó Shíón, cathair Dháiví. 3Bhailigh fir Iosrael ar fad timpeall an rí Solamh sa seachtú mí le linn na féile. 4Agus tháinig seanóirí Iosrael ar fad agus thug na Léivítigh suas an áirc; 5thug siad an áirc suas agus Both na Teagmhála agus na soithí naofa a bhí inti; dʼiompair na sagairt agus na Léivítigh leo suas iad. 6Solamh rí agus pobal uile Iosrael a bhí bailithe le chéile in éineacht leis os comhair na háirce, rinne siad caoirigh agus daimh gan líon gan áireamh a íobairt. 7Thug na sagairt áirc chonradh an Tiarna go dtí a hionad i sanctóir an Teampaill, is é sin san áit shárnaofa, faoi sciatháin na gceiribíní. 8San áit inar cuireadh an áirc bhí sciatháin na gceiribíní ar leathadh mar scáth os cionn na háirce agus a cuaillí. 9Bhíodarsan chomh fada sin gurbh fhéidir a ndeirí a fheiceáil ón áit shárnaofa os comhair an tsanctóra, ach níorbh fhéidir ó lasmuigh. Tá siad ansin fós go dtí an lá inniu féin. 10Ní raibh rud ar bith san áirc ach an dá chlár a chuir Maois inti i Horaeb, áit a ndearna an Tiarna conradh leis na hIosraelaigh nuair a tháinig siad amach as tír na hÉigipte.
11Nuair a tháinig na sagairt amach as an sanctóir, Na sagairt go léir a bhí i láthair, cibé ord lenar bhain siad, bhí siad tar éis iad féin a naomhú. 12Na cantairí Léivíteacha go léir, Ásáf, Héamán, Iadútún, agus a gclann mhac agus a ndeartháireacha, sheas siad lastoir den altóir, agus iad gléasta i línéadach mín ag seinm ciombal, cláirseach agus cruiteanna, agus céad agus a fiche sagart ag comhsheinm leo ar an stoc. 13Iad siúd a sheinn an stoc agus a chan, mholadar agus mhóradar an Tiarna dʼaonghuth. Thógadar a nglór i gcomhcheol leis an stoc agus leis an gciombal agus leis na gléasanna ceoil agus mholadar an Tiarna:
“Óir is maith é,
agus maireann a bhuanghrá de shíor,”
líon néal an sanctóir, is é sin, Teampall an Tiarna.
14De bharr an néil seo níor fhéad na sagairt leanúint níos faide dá ndualgais; bhí Teampall Dé lán de ghlóir an Tiarna.
Currently Selected:
2 Croinicí 5: ABN
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 1981
Úsáidtear le cead. Used by permission.