YouVersion Logo
Search Icon

1 Tiomóid 2

2
Treoir faoin Urnaí
1Ar an ábhar sin, impím ort sa chéad áit go ndéanfaí urnaithe agus achainíocha agus iarratais agus altú ar son an uile dhuine, agus go háirithe ar son ríthe agus an lucht ceannais uile, 2le súil go bhféadfaimis ár saol a thabhairt go diaganta cráifeach faoi shuaimhneas agus faoi shíocháin. 3Is maith agus is taitneamhach sin le Dia ár slánaitheoir. 4Is áil leis go slánófaí an uile dhuine agus go gcuirfidís eolas ar an bhfírinne. 5Mar níl ann ach aon Dia amháin, agus níl ann ach an t‑aon idirghabhálaí amháin idir Dia agus an cine daonna, mar atá an duine Críost Íosa 6a thug suas é féin in éiric orthu uile; sin í an fhianaise a tugadh ina mhithidí féin; 7ní bréag atáim a rá ach an fhírinne lom–ceapadh mise i mo bholscaire agus i mʼaspal aige chun an creideamh agus an fhírinne a mhúineadh do na gintlithe.
8Ba mhaith liom, dá bhrí sin, go mbeadh na fir ag guí gach uile áit agus a lámha tógtha acu go hómósach, gan fearg ná aighneas. 9Ar an gcuma chéanna ba mhaith liom go ndéanfadh na mná iad féin a chóiriú go modhúil stuama in éadaí slachtmhara, gan trilseáin ná ornáidí óir ná péarlaí ná feisteas mórluaigh, 10ach iad féin a mhaisiú le dea-oibreacha mar a oireann do mhná a bhfuil meas na cráifeachta acu orthu féin.
11Fanadh an bhean ina tost, áfach, agus bíodh sí ag foghlaim le barr umhlaíochta. 12Ach ní cheadaímse di aon teagasc a thabhairt ná bheith ina ceann ar an bhfear ach í a fhanacht ina tost. 13Mar ba é Ádhamh is túisce a cumadh agus Éabha ina dhiaidh. 14Agus níorbh é Ádhamh a mealladh; ba í an bhean a mealladh agus a thit i bpeaca. 15Slánófar í, áfach, trí chlann a iompar, má chloíonn sí go stuama leis an gcreideamh, leis an ngrá agus leis an gcráifeacht.

Currently Selected:

1 Tiomóid 2: ABN

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in