1 Samúéil 18
18
1Ach a raibh deireadh ráite aige le Sól bhí anam Iónátán snaidhmthe le hanam Dháiví agus thug Iónátán grá dó mar a dhéanfadh dá anam féin. 2Ghlac Sól lena ais é, an lá sin agus ní ligfeadh sé dó filleadh ar theach a athar. 3Rinne Iónátán conradh le Dáiví go dtabharfadh sé grá dó mar a dhéanfadh dá anam féin. 4Bhain Iónátán de an fhallaing a bhí uime agus thug do Dháiví é; mar an gcéanna lena éide chatha, agus fiú a chlaíomh, a bhogha agus a chrios. 5Cibé uair a ghabhadh Dáiví amach, agus cibé cúram a chuireadh Sól air, ritheadh leis, agus chuir Sól i gceannas na saighdiúirí é. Bhí gean ag an bpobal air agus ag oifigigh Shóil chomh maith.
6Nuair a bhí siad ar an mbealach abhaile agus Dáiví ag filleadh tar éis dó an Filistíneach a mharú, tháinig na mná amach as cathracha Iosrael go léir in airicis an rí, Sól, iad ag canadh agus ag rince agus ag seinm tiompán, agus gléasanna ceoil agus ag tógáil gártha áthais. 7Is é a bhí á chanadh ag na mná agus iad ag rince:
“Mharaigh Sól a mhílte,
agus Dáiví a dheicheanna de mhílte.”
8Tháinig cuthach ar Shól agus ghoill an chaint sin air. Agus dúirt sé: “Chuir siad na deicheanna de mhílte i leith Dháiví agus níor chuir siad i mo leithse ach na mílte. Níl de dhíth air anois ach an ríocht.” 9Agus bhí Sól ag faire go géar ar Dháiví ón lá sin amach.
10Lá arna mhárach ghabh drochspiorad ó Dhia greim de ruathar ar Shól, agus bhuail taom buile é ina theach, agus Dáiví ag seinm na cruite mar ba ghnáth leis gach lá. Bhí a shleá ina láimh ag Sól 11agus thug Sól amas lena shleá air á rá leis féin: “Déanfaidh mé é a ghreamú den bhalla,” ach dʼéalaigh Dáiví uaidh faoi dhó.
12Bhí eagla ar Shól roimh Dháiví mar go raibh an Tiarna leis-sean ach é imithe ó Shól. 13Dhíbir Sól óna láthair é dá réir sin agus rinne sé taoiseach míle de. Ghabhadh sé isteach agus amach ar cheann an tslua. 14Bhí ag rith le Dáiví ina chúraimí go léir, agus bhí an Tiarna leis. 15Agus nuair a chonaic Sól go raibh rith an rása leis, tháinig scéin air roimhe. 16Ach bhí gean ag Iosrael go léir agus ag Iúdá ar Dháiví, mar gurbh é a dtaoiseach é ina n‑eachtraí go léir.
Pósann Dáiví
17Ansin dúirt Sól le Dáiví: “Seo í an iníon is sine agam, Méarab; tabharfaidh mé duit í mar bhean; ach ní foláir duit seirbhís a dhéanamh dom go cróga agus cathanna an Tiarna a throid”–mar is é a shocraigh Sól ina aigne: “Nárab í mo lámhsa a leagfaidh ar lár é, ach lámh na bhFilistíneach.” 18Dʼfhreagair Dáiví Sól á rá: “Cé hé mise, agus cé hiad mo mhuintir, agus teaghlach mʼathar in Iosrael a rá go mbeinn i mo chliamhain ag an rí?” 19Ach nuair a tháinig a t‑am le Méarab iníon Shóil a thabhairt do Dháiví is do Aidriéil ó Mhaholá a tugadh í mar bhean.
20Ansin thit Míceal, iníon le Sól, i ngrá le Dáiví. Insíodh é sin do Shól agus thaitin sé leis. 21Dúirt sé leis féin, “Sea, tabharfaidh mé dó í, agus beidh sí ina gaiste dó agus buailfidh lámh na bhFilistíneach é.” Dúirt Sól dá bhrí sin an dara huair le Dáiví: “Beidh tú i do chliamhain agam.” 22Thug Sól ordú dá ghiollaí mar leanas dá bhrí sin: “Labhraigí le Dáiví os íseal agus abraigí: ‘Féach, tugann an rí gean duit agus tá cion ag a shearbhóntaí go léir ort; bí i do chliamhain ag an rí más ea.’ ” 23Dúirt giollaí Shóil na nithe sin go léir i gcogar le Dáiví; agus dʼfhreagair Dáiví: “An dóigh libh go bhfuil sé breá bog agamsa a bheith i mo chliamhain ag an rí agus mé gan mhaoin gan cháil.” 24Ansin dúirt giollaí Shóil leis siúd: “A leithéid seo a dúirt Dáiví.” 25Dʼfhreagair Sól: “Abraigí le Dáiví: ‘Níl de spré ón rí ach céad forchraiceann de chuid na bhFilistíneach mar dhíoltas ar naimhde an rí.’ ” Bhí Sól á bheartú go dtitfeadh Dáiví le láimh an bhFilistíneach.
26Thug a ghiollaí an scéala seo do Dháiví agus bhí lúcháir air a mheas go mbeadh sé ina chliamhain ag an rí. Sula raibh an t‑am tagtha 27dʼéirigh Dáiví agus chuir chun bealaigh, é féin agus a chuid fear, agus mharaigh sé dhá chéad de na Filistínigh. Thug Dáiví a dhá gcéad forchraiceann leis agus chomhair ansiúd i láthair an rí iad, ionas go mbeadh sé ina chliamhain ag an rí. Ansin thug Sól a iníon Míceal dó mar bhean.
28Thuig Sól go dianmhaith ansin go raibh an Tiarna le Dáiví, agus go raibh cion ag [teaghlach Iosrael go léir] air, 29agus ba mhóide a eagla roimh Dháiví agus rinne de namhaid buan do Dháiví. 30Théadh taoisigh na bhFilistíneach amach chun catha, ach gach uair a théidís chun catha ba mhó í caithréim Dháiví ná caithréim cheannairí Shóil go léir, agus bhí clú agus cáil dá réir air.
Currently Selected:
1 Samúéil 18: ABN
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 1981
Úsáidtear le cead. Used by permission.