Is é a bhí á chanadh ag na mná agus iad ag rince:
“Mharaigh Sól a mhílte,
agus Dáiví a dheicheanna de mhílte.”
Tháinig cuthach ar Shól agus ghoill an chaint sin air. Agus dúirt sé: “Chuir siad na deicheanna de mhílte i leith Dháiví agus níor chuir siad i mo leithse ach na mílte. Níl de dhíth air anois ach an ríocht.”