1 Samúéil 17
17
Dúshlán Ghóla
1Chuir na Filistínigh tionól ar a sluaite chun catha; chruinníodar le chéile i Sócó, baile in Iúdá, agus shuíodar a gcampa idir Sócó agus Azaecá in Eifis Daimím. 2Chruinnigh Sól agus fir Iosrael chomh maith agus shuíodar a gcampa i nGleann Éileá agus chóiríodar iad féin in eagar catha in aghaidh na bhFilistíneach. 3Sheas na Filistínigh ar shliabh ar thaobh agus na hIosraelaigh ar shliabh ar an taobh eile agus gleann eatarthu. 4Thainig gaiscíoch eadrána, darbh ainm Góla as Gat, amach as campa na bhFilistíneach; bhí sé sé bhanlámh go leith ar airde. 5Bhí cafarr práis ar a cheann, lúireach mar chosaint air agus bhí cúig mhíle seicil de mheáchan práis sa lúireach sin. 6Bhí buataisí práis ar a chosa agus ga práis thar a ghuaillí. 7Bhí sáfach a shleá mar bhíoma fíodóra, agus sé chéad seicil de mheáchan iarainn mar cheann ar an tsleá sin. Bhí giolla roimhe amach ag iompar a scéithe. 8Sheas sé os comhair sluaite Iosrael agus dʼfhógair dóibh in ard a chinn agus a ghutha: “Cad ab áil libh amach do bhur gcur féin in eagar catha? Nach Filistíneach mise agus nach sibhse daoir Shóil? Toghaigí fear díbh féin agus tagadh sé anuas i mo aghaidh. 9Má ritheann leis comhrac liom agus mé a mharú, ansin beimidne inár ndaoir agaibhse; ach má bhuaimse air, agus é a mharú, beidh sibhse in bhur ndaoir againne, ag déanamh seirbhíse dúinn.” 10Lean an Filistíneach air: “Tugaim dúshlán sluaite Iosrael inniu; cuiridís fear chugam le comhrac aonair a dhéanamh liom.” 11Nuair a chuala Sól agus Iosrael go léir na focail sin ón bhFilistíneach thit an lug ar an lag acu agus tháinig scéin orthu.
Tagann Dáiví
12Mac le hEafrátach ó Bheithil darbh ainm Ieise a ba ea Dáiví. Bhí ochtar mac ag Ieise, agus le linn Shól bhí sé aosta cheana féin agus [anonn sna blianta]. 13Dʼimigh an triúr mac ba shine le Ieise agus leanadar Sól chun cogaidh. Seo iad ainmneacha an triúr mac a chuaigh chun cogaidh–Eilíáb an chéadghin, Aibíonádáb an dara mac agus Seamá an tríú mac. 14Dáiví an sóisear; lean an triúr ba shine Sól. 15(Bhíodh Dáiví ar a sheal ag déanamh seirbhíse do Shól agus ag aoireacht caoirigh a athar i mBeithil. 16Thagadh an Filistíneach ina láthair agus sheasadh sé ansiúd gach maidin agus trathnóna ar feadh daichead lá.) 17Dúirt Ieise le Dáiví a mhac: “Beir leat an t‑éafá seo de ghrán tíortha agus na deich mbuilíní seo go dtí do dheartháireacha, agus brostaigh ort go campa do dheartháireacha, 18agus beir leat na deich gcáiseanna seo leo go dtí a n‑oifigeach míle; cuir tuairisc sláinte do dheartháireacha agus tabhair comhartha éigin ar ais uathu. 19Tá siad le Sól agus leis na hIosraelaigh go léir i nGleann Éileá, ag troid in aghaidh na bhFilistíneach.”
20Dʼéirigh Dáiví go moch ar maidin, dʼfhág aoire i bhfeighil na gcaorach, dʼardaigh leis an lón, agus dʼimigh mar a dʼordaigh Ieise dó. Tháinig sé go dtí an longfort agus an slua ag dul amach chun a láithreacha troda, agus an gháir chatha á cur in airde acu. 21Chóirigh Iosrael agus na Filistínigh iad féin in eagar catha ar aghaidh a chéile amach. 22Dʼfhág Dáiví a aistrithe faoi chúram gharda an bhagáiste, agus rith go dtí an líne chatha agus tháinig chun a dheartháireacha ag cur a dtuairisce. 23Fad a bhí sé ag caint leo, seo aníos ó shluaite na bhFilistíneach, an gaiscíoch (darbh ainm Góla, an Filistíneach ó Ghat); labhair sé mar a dhéanadh cheana agus chuala Dáiví é. 24A luaithe a chonaic fir Iosrael an fear seo, theitheadar uaidh agus scéin ina gcroí. 25Dúirt fir Iosrael: “An bhfaca tú an fear seo ag teacht aníos anois? Tá sé ag teacht chun dúshlán Iosrael a thabhairt. An té a mharóidh é, tabharfaidh an rí mórchuid maoine dó, agus a iníon le pósadh, agus tabharfaidh sé saoirse Iosrael do theaghlach a athar.”
26Chuir Dáiví ceist ansin ar na fir a bhí ina seasamh taobh leis: “Cén luach saothair a gheobhaidh an té a mharóidh an Filistíneach seo agus a ghlanfaidh an smál dʼIosrael? Cé hé an Filistíneach seo gan timpeallghearradh a bhfuil sé de dhánaíocht aige masla a thabhairt do shluaite Dé bheo?” 27Thug an slua an freagra céanna air á rá: “Sin é an luach saothair a thabharfar don té a mharóidh é.” 28Eilíáb, an deartháir ba shine aige, chuala sé é ag caint leis na fir agus tháinig fearg air le Dáiví agus dúirt: “Cad a thug thusa anseo anuas? Cé a dʼfhág tú i bhfeighil an chúpla caora úd san fhásach? Is eol dom dʼuabhar agus an t‑olc i do chroí; tháinig tú ó dheas chun faire ar an gcath.” 29Dʼfhreagair Dáiví: “Cad é seo anois atá déanta agam? Cad a bhí ann ach focal?” 30Chas sé uaidh más ea le labhairt le duine eile, agus chuir sé an cheist chéanna air; agus fuair sé an freagra céanna ó gach duine. 31Ach éisteadh le caint Dháiví agus rinneadh í a aithris do Shól agus chuir seisean fios air.
Dáiví sa Bhearna
32“Ná bíodh drochmhisneach ar aon duine mar gheall air,” arsa Dáiví le Sól, “rachaidh do shearbhónta anseo chun troda leis an bhFilistíneach seo.” 33Dúirt Sól le Dáiví: “Ní féidir duitse dul chun troda i gcoinne an Fhilistínigh seo; níl ionat ach ógánach, agus is laoch gaile eisean óna óige.” 34Dúirt Dáiví le Sól: “Bhíodh do shearbhónta i bhfeighil a chaorach dá athair, agus nuair a thagadh leon nó beithir agus uan a sciobadh ón tréad 35théinn sa tóir air, bhuailinn chun láir é, agus bhaininn as a bhéal é; dá dtabharfadh sé aghaidh orm, bhéarfainn ar mheigeall air agus bhuailfinn chun láir é agus mharóinn. 36Mharaigh do shearbhónta idir leoin agus bheithreacha, agus tabharfar an íde chéanna leo ar an bhFilistíneach seo gan timpeallghearradh ós rud é gur thug sé a dhúshlán le sluaite Dé bheo.” 37Lean Dáiví air: “An Tiarna a dʼfhuascail mé ó lapaí an leoin agus na beithre, déanfaidh sé mé a fhuascailt ó láimh an Fhilistínigh seo.” Dúirt Sól le Dáiví: “Imigh, agus go raibh an Tiarna leat!”
38Chuir Sól a éide chatha féin ar Dháiví; chuir cafarr práis ar a cheann agus chuir lúireach práis uime. 39Chroch sé a chlaíomh os cionn a éide [ar Dháiví]. Ach cheal taithí ar na fearais sin, níorbh fhéidir le Dáiví siúl leo. “Ní féidir dom siúl leo seo,” arsa Dáiví le Sól, “cheal taithí orthu.” Bhain Dáiví de arís ansin iad.
40Rug sé greim ar a bhachall dá bhrí sin, thogh cúig clocha sleamhna as leaba an tsrutháin agus chuir chuige ina mhála nó ina sparán aoire iad; dʼimigh sé leis ansin in aghaidh an Fhilistínigh agus a chrann tabhaill ina láimh aige. 41Bhí an Filistíneach ag teacht agus ag druidim le Dáiví agus a ghiolla scéithe roimhe amach. 42Dʼfhéach an Filistíneach agus chonaic Dáiví agus bhuail drochmheas air é, mar nach raibh ann ach ógánach, buachaill naíonta dealraitheach. 43Dúirt an Filistíneach le Dáiví: “An madra mise, a rá go bhfuil tú ag teacht i mʼaghaidh le bataí?” Agus chuir an Filistíneach mallacht ar Dháiví dar a dhéithe féin. 44Dúirt an Filistíneach le Dáiví: “Gabh anseo i leith chugam agus tabharfaidh mé dʼfheoil dʼéanlaith an aeir agus dʼainmhithe an mhachaire.” 45Ach dʼfhreagair Dáiví an Filistíneach: “Tá tú ag teacht i mʼaghaidh le claíomh agus le sleá agus le ga, ach táimse ag teacht i dʼaghaidhse in ainm Tiarna na Slua, Dia airm Iosrael, ar thug tú a dhúshlán. 46Tabharfaidh an Tiarna isteach i mo láimh thú inniu agus leagfaidh mé ar lár thú; bainfidh mé an ceann díot; agus inniu féin tabharfaidh mé coirp shluaite na bhFilistíneach dʼéanlaith an aeir agus dʼainmhithe an mhachaire, chun go mbeidh a fhios ag an domhan go léir go bhfuil Dia in Iosrael, 47agus go mbeidh a fhios ag an gcomhthionól seo ar fad nach le claíomh ná le sleá a dhéanann an Tiarna fuascailt, mar is leis an Tiarna an cath agus tabharfaidh sé sibhse isteach inár lámhana.”
48A thúisce a chorraigh arm na bhFilistíneach agus a dhruid chun tosaigh chun aghaidh a thabhairt ar Dháiví, [scar] Dáiví leis an líne chatha agus rith i gcoinne an Fhilistínigh. 49Chuir Dáiví a lámh ina mhála, thóg cloch as, agus chaith as a chrann tabhaill í gur bhuail an Filistíneach i gclár a éadain; ghabh an chloch trí chlár a éadain agus thit sé ar a bhéal ar an talamh. 50Sin mar a rug Dáiví bua ar an bhFilistíneach le crann tabhaill agus le cloch gur bhuail an Filistíneach agus gur mharaigh é, gan aon chlaíomh ina láimh ag Dáiví. 51Rith Dáiví ansin go dtí an Filistíneach, sheas os a chionn, rug greim ar a chlaíomh siúd, tharraing as a thruaill é, agus mharaigh é agus bhain an ceann de leis. Nuair a chonaic na Filistínigh go raibh a gcuradh marbh, theitheadar. 52Ar aghaidh le fir Iosrael agus Iúdá ag cur a ngáir chatha astu agus chuireadar tóir ar na Filistínigh go himill Ghat agus go geataí Eacrón. Bhí Filistínigh ghonta sa chosair chró ar feadh an bhóthair ó Sheáraím go Gat agus Eacrón. 53Nuair a dʼfhill clann Iosrael ón tóir ar na Filistínigh, chreachadar a gcampa. 54Rug Dáiví ceann an Fhilistínigh leis agus thug sé go Iarúsailéim é; ach choinnigh sé a airm ina bhoth féin.
Glacann Sól le Dáiví
55Nuair a chonaic Sól Dáiví ag dul in aghaidh an Fhilistínigh dúirt sé le hAibnéar: “A Aibnéar, cé leis an t‑ógánach seo?” “Dar do bheo, a rí,” arsa Aibnéar, “nach eol dom.” 56“Faigh amach,” arsan rí, “cé leis an slataire.” 57Ag filleadh do Dháiví tar éis ár na bhFilistíneach rug Aibnéar leis é agus thug os comhair Shóil é, agus ceann an Fhilistínigh ina láimh. 58“Cé leis thú, a fhir óig?” dʼfhiafraigh Sól de; dʼfhreagair Dáiví: “Le do shearbhónta Ieise ó Bheithil.”
Currently Selected:
1 Samúéil 17: ABN
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 1981
Úsáidtear le cead. Used by permission.