1
1 Samúéil 17:45
An Bíobla Naofa 1981
ABN
Ach dʼfhreagair Dáiví an Filistíneach: “Tá tú ag teacht i mʼaghaidh le claíomh agus le sleá agus le ga, ach táimse ag teacht i dʼaghaidhse in ainm Tiarna na Slua, Dia airm Iosrael, ar thug tú a dhúshlán.
Compare
Explore 1 Samúéil 17:45
2
1 Samúéil 17:47
agus go mbeidh a fhios ag an gcomhthionól seo ar fad nach le claíomh ná le sleá a dhéanann an Tiarna fuascailt, mar is leis an Tiarna an cath agus tabharfaidh sé sibhse isteach inár lámhana.”
Explore 1 Samúéil 17:47
3
1 Samúéil 17:37
Lean Dáiví air: “An Tiarna a dʼfhuascail mé ó lapaí an leoin agus na beithre, déanfaidh sé mé a fhuascailt ó láimh an Fhilistínigh seo.” Dúirt Sól le Dáiví: “Imigh, agus go raibh an Tiarna leat!”
Explore 1 Samúéil 17:37
4
1 Samúéil 17:46
Tabharfaidh an Tiarna isteach i mo láimh thú inniu agus leagfaidh mé ar lár thú; bainfidh mé an ceann díot; agus inniu féin tabharfaidh mé coirp shluaite na bhFilistíneach dʼéanlaith an aeir agus dʼainmhithe an mhachaire, chun go mbeidh a fhios ag an domhan go léir go bhfuil Dia in Iosrael
Explore 1 Samúéil 17:46
5
1 Samúéil 17:40
Rug sé greim ar a bhachall dá bhrí sin, thogh cúig clocha sleamhna as leaba an tsrutháin agus chuir chuige ina mhála nó ina sparán aoire iad; dʼimigh sé leis ansin in aghaidh an Fhilistínigh agus a chrann tabhaill ina láimh aige.
Explore 1 Samúéil 17:40
6
1 Samúéil 17:32
“Ná bíodh drochmhisneach ar aon duine mar gheall air,” arsa Dáiví le Sól, “rachaidh do shearbhónta anseo chun troda leis an bhFilistíneach seo.”
Explore 1 Samúéil 17:32