1 Ríthe 18
18
Éilias agus Acháb
1Tar éis tamaill fhada tháinig briathar an Tiarna chun Éilias sa tríú bliain: “Imigh leat agus téigh i bhfianaise Acháb; táim ar tí fearthainn a dháileadh ar an tír.” 2Dʼimigh Éilias leis le dul i bhfianaise Acháb. De bhrí gur ghoill an gorta go trom ar an tSamáir 3chuir Acháb fios ar Obaidiá, reachtaire an pháláis, agus fear a raibh an-urraim aige don Tiarna. 4Nuair a bhí Ízeibil ag bású fáithe an Tiarna, rug Obaidiá céad fáidh leis agus chuir i bhfolach iad, leathchéad díobh sa turas, agus bheathaigh sé iad le harán agus le huisce. 5Dúirt Acháb le hObaidiá: “Téanam, ní foláir dúinn an tír a chuardach idir thoibreacha agus ghleannta, le súil go bhfaighimis féar a choimeádfadh ár gcapaill agus ar miúileanna beo, agus nach gcaithfimis cuid dár stoc a mharú.” 6Roinneadar an tír eatarthu don chuardach; dʼimigh Acháb bóthar amháin leis féin, agus dʼimigh Obaidiá bóthar eile leis féin. 7Ar an tslí dʼObaidiá, bʼsheo chuige ina choinne Éilias: dʼaithin sé é agus chrom chun talún agus dúirt: “Nach tú, a thiarna, Éilias?” 8“Is mé sin,” a dʼfhreagair sé, “agus imigh leat agus abair le do mháistir: ‘Tá Éilias anseo, féach!’ ” 9Ach dúirt Obaidiá: “Cén peaca a rinne mé a rá is go gcuirfeá do shearbhónta i láimh Acháb le go marófaí mé? 10Dar an Tiarna do Dhia beo, níl aon chine ná ríocht nár chuir mo thiarna tóir ort ann; agus nuair a deiridís: ‘Níl sé anseo,’ chuireadh sé an ríocht nó an náisiún faoi mhionn nach raibh tú faighte acu. 11Agus anois deir tú liom: ‘Imigh leat agus abair le do mháistir: Tá Éilias anseo!’ 12A luaithe a imeoidh mise uait, fuadóidh spiorad an Tiarna thú go ball éigin nach eol domsa. Tiocfaidh mise agus déarfaidh mé é le hAcháb agus nuair nach bhféadfaidh sé thú a fháil, cuirfidh sé chun báis mé cé gur thug mise, do shearbhónta, urraim don Tiarna riamh óna óige. 13Nár insíodh do mo thiarna céard a rinne mé nuair a bhí Ízeibil ag bású fáithe an Tiarna, conas mar a chuir mé céad duine dʼfháithe an Tiarna i bhfolach, leathchéad díobh sa turas, agus a bheathaigh mé iad le harán agus le huisce. 14Agus anois deir tú liom: ‘Imigh leat agus abair le do mháistir: Tá Éilias anseo!’ Maróidh sé mé!” 15Dʼfhreagair Éilias: “Dar Tiarna beo na Slua, dá ndéanaim seirbhís, seasóidh mé ina fhianaise inniu.”
16Dʼimigh Obaidiá ar lorg Acháb agus thug sé an scéala dó, agus dʼimigh Acháb ansin in airicis Éilias. 17Nuair a chonaic Acháb Éilias, dúirt sé leis: “Ansin duit, a sciúirse Iosrael!” 18“Ní mise sciúirse Iosrael, ní mise sin, ach thusa agus teaghlach dʼathar, mar thréig sibh (aitheanta) an Tiarna agus lean sibh na Bálaím. 19Cuir fios ar Iosrael go léir anois más ea agus cruinnigh i mo thimpeall ar Shliabh Chairmeil iad, agus na ceithre chéad go leith fáidh de chuid Bhál chomh maith (agus na ceithre chéad fáidh do chuid Aiséará) a shuíonn chun boird le Ízeibil.”
An Tiarna nó Bál
20Chuir Acháb tionól ar chlann Iosrael uile agus bhailigh sé na fáithe le chéile ar Shliabh Chairmeil. 21Shiúil Éilias amach os comhair an phobail go léir agus dúirt: “Cá fhad atá sé ar intinn agaibh a bheith ag bacadhradh, seal ar leathchois amháin, agus seal ar an gceann eile? Más é an Tiarna is Dia ann, leanaigí é, más é Bál, leanaigí eisean.” Ní raibh focal as an bpobal. 22Ansin dúirt Éilias leo: “Mise agus mise amháin a fágadh mar fháidh de chuid an Tiarna, ach tá ceithre chéad go leith fáidh de chuid Bhál ann. 23Tugtar dhá tharbh chugainn; toghadh siadsan ceann amháin dóibh féin, déanaidís codanna de agus cuiridís ar an gconnadh é ach gan tine ar bith a lasadh faoi. Ullmhóidh mise an tarbh eile agus cuirfidh mé ar an gconnadh é gan tine ar bith a lasadh faoi. 24Glaoigí ar ainm bhur ndé agus glaofaidh mise ar ainm an Tiarna; an dia a fhreagróidh le tine, is é is Dia dáiríre ann.” Dʼfhreagair an pobal go léir: “Tá go maith.” 25Dúirt Éilias ansin le fáithe Bhál: “Toghaigí tarbh agus tosaígí mar is líonmhaire sibhse. Glaoigí ar ainm bhur ndé; ach ná lasaigí tine faoi.” 26Ghlac siad an tarbh a tugadh dóibh agus dʼullmhaíodar é agus ó mhaidin go meán lae bhí siad ag glaoch ar ainm Bhál. “A Bhál,” a ghlaodar, “tabhair freagra orainn!” Ach ní raibh guth ná freagra le cloisteáil agus iad ag damhsa go bacach thart timpeall ar an altóir a bhí déanta acu. 27Tháinig an meán lae agus bhí Éilias ag magadh fúthu: “Glaoigí níos airde,” ar seisean, “mar is dia é; tá sé gafa nó cruógach, nó imithe ar thuras, nó bʼfhéidir gur ina chodladh atá sé agus nach mór é a dhúiseacht.” 28Ar an ábhar sin ghlaodar níos airde fós agus shádar iad féin mar ba nós leo le claimhte agus le sleánna nó go raibh an fhuil ina slaoda leo. 29Chuaigh an meán lae thart agus bhí siad ag radaireacht leo nó gur tháinig tráth ofrála na habhlainne, ach guth ná freagra ná aird ar bith níor tugadh orthu.
30Ansin dúirt Éilias leis an bpobal go léir: “Tagaigí níos cóngaraí dom,” agus dhruid an pobal go léir láimh leis. Dheisigh sé altóir an Tiarna a bhí leagtha ar lár. 31Ghlac Éilias dhá chloch déag, ag freagairt dʼuimhir na dtreibheanna de chlann mhac Iacóib ar tháinig briathar úd an Tiarna chucu: “Iosrael a ghairfear díbh!” 32agus rinne sé altóir in ainm an Tiarna de na clocha. Timpeall na haltóra thochail sé díog a bhí mór go leor le dhá mhiosúr síl a choinneáil. 33Ansin chóirigh sé an connadh, rinne codanna den tarbh agus leag ar an gconnadh é. 34Ansin dúirt sé: “Líonaigí ceithre phróca dʼuisce agus doirtigí ar an íobairt uileloiscthe agus ar an gconnadh é.” Rinne siad amhlaidh. Dúirt sé: “Déanaigí an dara huair é,” agus rinne. Dúirt sé: “Déanaigí an tríú huair é,” agus rinne. 35Bhí an t‑uisce ag rith timpeall na haltóra agus bhí an díog féin lán dʼuisce. 36Ag tráth ofrála na habhlainne sheas Éilias fáidh chun tosaigh: “A Thiarna, a Dhia Abrahám, Íosác agus Iosrael,” ar seisean, “tabhair le fios dóibh inniu gur tusa is Dia in Iosrael agus gur mise do shearbhónta, agus go ndéarna mé na rudaí seo uile ar ordú uaitse. 37Freagair mé, a Thiarna, freagair mé, ionas go mbeidh a fhios ag an bpobal seo gur tusa, a Thiarna, is Dia agus go bhfuil tú ag iompó a gcroí ar ais chugat!”
38Ansin thit tine an Tiarna agus loisc sé an íobairt uileloiscthe agus an connadh agus ligh sí suas an t‑uisce sa díog. 39Nuair a chonaic an pobal uile é sin, thiteadar ar a n‑aghaidh agus ghlaodar: “Is é an Tiarna is Dia ann; is é an Tiarna is Dia ann.” 40Dúirt Éilias: “Gabhaigí fáithe Bhál agus ná ligigí dʼaon duine díobh éalú.” Ghabhadar iad agus thug Éilias síos go Gleann Chíseon iad agus bhásaigh ansiúd iad.
41Dúirt Éilias le hAcháb: “Gabh ar ais agus bí ag ithe agus ag ól, mar cluinim tormán na fearthainne.” 42Nuair a dʼimigh Acháb ar ais le bia agus deoch a chaitheamh, chuaigh Éilias suas go barr Chairmeil, dʼumhlaigh sé go talamh agus chuir a aghaidh idir a ghlúine. 43“Gabh suas anois,” ar sé lena sheirbhíseach, “agus féach amach i dtreo na farraige.” Chuaigh sé suas agus dʼfhéach sé. “Níl rud ar bith ann,” ar seisean. “Gabh ar ais seacht n‑uaire,” arsa Éilias. 44An seachtú huair dúirt an seirbhíseach: “Tá scamall ann anois, chomh beag le láimh duine, ag éirí as an bhfarraige.” Dúirt Éilias: “Imigh suas agus abair le hAcháb: ‘Ullmhaigh an carbad agus téigh síos, sula gcuire an fhearthainn cúl ort.’ ” 45Agus leis sin dʼéirigh an spéir dorcha le scamaill agus le síon agus tháinig batharnach bháistí. Léim Acháb isteach ina charbad agus thriall sé ar Izréil. 46Bhí lámh an Tiarna ar Éilias; chrap sé a chlóca timpeall air féin agus rith sé roimh Acháb go himeall Izréil.
Currently Selected:
1 Ríthe 18: ABN
Highlight
Share
Compare
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 1981
Úsáidtear le cead. Used by permission.