YouVersion Logo
Search Icon

1 Ríthe 17

17
Éilias
An Triomach
1Dúirt Éilias an Tisbíoch ó Thisbé i nGileád le hAcháb: “Dar an Tiarna beo, Dia Iosrael, dá ndéanaim seirbhís, ní thiocfaidh drúcht ná fearthainn sna blianta beaga romhainn, ach de réir mar ordóidh mise.” 2Tháinig briathar an Tiarna chuige á rá: 3“Imigh leat as an áit seo, gábh soir agus téigh i bhfolach i nGleann Chéirít atá taobh thoir den Iordáin. 4Bí ag ól as an sruthán agus thug mé ordú do na fiacha bia a sholáthar duit ansin.” 5Rinne sé mar a dúirt an Tiarna leis; dʼimigh sé agus dʼfhan sé i nGleann Chéirít atá taobh thoir den Iordáin. 6Thugadh na fiacha arán chuige ar maidin agus feoil um thráthnóna, agus dʼóladh sé uisce an tsrutháin.
7Ar ball beag chuaigh an sruthán i ndísc toisc nach raibh fearthainn sa tír. 8Ansin tháinig briathar an Tiarna chuige á rá: 9“Éirigh agus imigh leat go Zárafat, cathair Shíodónach, agus fan ansin. Thug mé ordú, féach, do bhaintreach ansiúd thú a chothú.” 10Dʼéirigh sé agus dʼimigh mar sin go Zárafat. Nuair a bhain sé geata na cathrach amach, bhí baintreach ann ag cruinniú brosna. Chuir sé forrán uirthi agus dúirt: “Tabhair chugam le do thoil braoinín uisce i soitheach, ionas go mbeadh deoch uisce agam.” 11Bhí sí ar tí imeacht faoina choinne nuair a ghlaoigh sé uirthi: “Ar mhiste leat,” ar sé, “blúire aráin a thabhairt chugam i do láimh.” 12“Dar an Tiarna do Dhia beo,” a dʼfhreagair sí, “níl builín aráin ar bith agam, níl ach glac mine i bpróca agus braoinín ola i gcrúiscín. Tá mé ag cruinniú cipín nó dhó anois roimh dhul isteach chun an méid sin a ullmhú dom féin agus do mo mhac le hithe, agus ansin gheobhaimid bás.” 13Ach dúirt Éilias léi: “Ná bíodh eagla ort, imigh agus déan mar a dúirt tú, ach déan toirtín beag domsa as i dtús ama, agus tabhair chugam é, agus ina dhiaidh sin déan tuilleadh duit féin agus do do mhac. 14Óir is mar seo a labhraíonn an Tiarna, Dia Iosrael:
‘Ní bheidh an próca mine ídithe,
ní bheidh an crúiscín ola folamh,
nó go dtiocfaidh an lá a chuirfidh an Tiarna
fearthainn ar aghaidh na talún.’ ”
15Dʼimigh sí agus rinne mar a dúirt Éilias léi agus dʼith siad an bia, ise, eisean agus [a mac] ar feadh a lán laethanta. 16Ní raibh an próca mine ídithe na an crúiscín ola folamh, díreach mar a dúirt an Tiarna roimh re trí bhéal Éilias.
Mac Marbh Beo
17Tamall ina dhiaidh sin bhuail taom tinnis mac na mná, bean an tí; bhí sé chomh breoite sin nár fhan an dé ann. 18Dúirt an bhean le hÉilias: “Cad é atá agat i mʼéadan, a ghiolla Dé? An le mo pheacaí a chur ina luí orm agus le mo mhac a chur á mharú a tháinig tú anseo?” 19“Tabhair dom do mhac,” ar seisean. Thóg sé as a baclainn é, dʼiompair chun an tseomra uachtaraigh é, an áit a raibh cónaí air féin, agus dʼfhág sé ina luí ar a leaba féin é. 20Ghlaoigh sé go hard ar an Tiarna: “A Thiarna, a Dhia liom, an é is toil leat buaireamh a chur ar an mbaintreach atá ag tabhairt aire dom trí bhás a mic?” 21Shín sé é féin ar an leanbh trí huaire agus é ag glaoch go hard ar an Tiarna: “A Thiarna, a Dhia liom, impím ort go dtaga an t‑anam isteach sa leanbh seo arís.” 22Thug an Tiarna cluas dʼurnaí Éilias agus tháinig an t‑anam isteach sa leanbh athuair agus bhí sé beo. 23Rug Éilias ar an leanbh agus thug anuas é ón seomra uachtarach agus isteach sa teach agus thug sé dá mháthair é. 24“Féach,” arsa Éilias, “tá do mhac beo.” Dʼfhreagair an bhean: “Tá a fhios agam anois gur giolla Dé thú agus gur fíor briathar an Tiarna i do bhéal.”

Currently Selected:

1 Ríthe 17: ABN

Highlight

Share

Compare

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in