YouVersion Logo
Search Icon

1 Ríthe 19

19
Éilias ag Horaeb
1Nuair a dʼinis Acháb do Ízeibil a raibh déanta ag Éilias agus conas mar a chuir sé na fáithe go léir chun báis le faobhar claímh, 2chuir Ízeibil teachtaireacht go hÉilias a rá: “Go ndéana na déithe a leithéid seo agus a leithéid siúd sa bhreis liom mura mbíonn an íde chéanna tugtha agam ar dʼanamsa agus a tugadh ar anam duine acu um an dtaca seo amárach!” 3Tháinig scéin air agus dʼéirigh sé agus rith lena anam. Tháinig sé go Béar Seaba, a bhaineann le Iúdá, agus dʼfhág sé a sheirbhíseach ansiúd. 4Chuaigh sé féin ar aghaidh turas lae isteach san fhásach, agus shuigh faoi thor aitinn agus dʼiarr go bhfaigheadh bás. “A Thiarna,” ar sé, “tá mo sháith agam. Beir leat mʼanam. Ní fearr mé ná mo shinsir.” 5Ansin luigh sé síos agus thit a chodladh air faoin tor aitinn. Ach, féach, chorraigh aingeal é agus dúirt: “Éirigh agus ith!” 6Dʼamharc sé thart agus siúd ag a cheann toirtín a bruitheadh ar leaca te agus crúiscín uisce. Dʼith sé agus dʼól sé agus ansin luigh sé síos arís. 7Tháinig aingeal an Tiarna ar ais chuige an dara huair, chorraigh é agus dúirt: “Éirigh agus ith nó beidh an t‑aistear ró-fhada duit.” 8Dʼéirigh sé mar sin, agus dʼith sé agus dʼól sé, agus neartaigh an bia chomh mór sin é gur shiúil sé daichead lá agus daichead oíche nó gur shroich sé Horaeb, sliabh Dé.
9Agus chuaigh sé isteach san uaimh ansiúd agus chaith an oíche ann. Agus tháinig briathar an Tiarna chuige á rá: “Cad tá tú a dhéanamh anseo, a Éilias?” 10Dʼfhreagair sé: “Táim lán de dhíograis agus de dhúthracht do Thiarna na Slua, mar gur thréig clann Iosrael [thú] gur leagadar dʼaltóirí, agus gur chuireadar dʼfháithe chun báis. Níl fágtha ach mise agus tá siad ar thóir mʼanama, ar tí mo mharaithe.” 11Ansin fuair sé an focal: “Gabh amach agus seas ar an sliabh os comhair an Tiarna.” Chuaigh an Tiarna féin thar bráid ansin. Tháinig gaoth láidir, chomh tréan sin gur réab sí na sléibhte agus go ndearna smionagar de na carraigeacha roimh an Tiarna. Ach ní raibh an Tiarna sa ghaoth. I ndiaidh na gaoithe tháinig crith talún. Ach ní raibh an Tiarna sa chrith talún. 12I ndiaidh an chrith talún, tháinig tine. Ach ní raibh an Tiarna sa tine. I ndiaidh na tine, tháinig fuaim chogair bhig. 13Nuair a chuala Éilias é sin, chlúdaigh sé a aghaidh lena chlóca; chuaigh sé amach agus sheas sé i mbéal na huaimhe. Tháinig guth chuige á rá: “Cad tá tú a dhéanamh anseo, a Éilias?” 14Dʼfhreagair sé: “Tá mé lán de dhúthracht gan staonadh ar son Tiarna na Slua, mar gur thréig clann Iosrael [thú], gur leagadar dʼaltóirí, agus gur chuireadar dʼfháithe chun báis. Níl fágtha ach mise agus tá siad ar thóir mʼanama, ar tí mo mharaithe.”
15Dúirt an Tiarna leis: “Imigh leat agus gábh ar ais an bóthar céanna go fásach na Damaisce. Tar éis teacht duit déan Hazáéil a ungadh ina rí ar Arám; 16agus Iéahú mac Nimsí a ungadh ina rí ar Iosrael, agus Eilíseá mac Sheáfát ó Ábael Machólá a ungadh ina fháidh le teacht i do dhiaidh. 17Cibé a thiocfaidh slán ó chlaíomh Hazáéil, cuirfidh Iéahú chun báis iad; agus cibé a thiocfaidh slán ó chlaíomh Iéahú cuirfidh Eilíseá chun báis iad. 18Ach déanfaidh mé anacal anama ar sheacht míle in Iosrael, gach glúin nár feacadh do Bhál, gach béal nár phóg é.”
Glao Eilíseá
19Dʼimigh sé ón áit sin agus tháinig ar Eilíseá mac Sheáfát agus é ag treabhadh; bhí dhá dhamh déag sa chuingir aige agus é féin leis an dara ceann déag. Chuaigh Éilias thart i ndeas dó agus chaith a chlóca anuas air. 20Dʼfhág sé an chuingir agus rith sé ar thóir Éilias. “Lig dom mʼathair agus mo mháthair a phógadh,” ar sé; “agus ansin leanfaidh mé thú.” Dʼfhreagair Éilias: “Gabh ar ais; óir an ndearna mé rud ar bith duit?” 21Thiontaigh Eilíseá i leataobh óna lorg, ghlac sé an chuingir agus mharaigh iad, agus leis na cuingeacha mar ábhar tine, bhruith sé feoil na ndamh; ansin thug sé do na fir í agus dʼitheadar. Dʼéirigh sé ansin agus lean Éilias agus bhí ina shearbhónta aige.

Currently Selected:

1 Ríthe 19: ABN

Highlight

Share

Compare

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in