YouVersion Logo
Search Icon

1 Ríthe 11

11
Solamh ag Teip
1Thug Solamh rí grá do chuid mhór ban ón gcoigrích, ní amháin dʼiníon Fhorainn ach do mhná de na Móábaigh, na hAmónaigh, na hEadómaigh, na Síodónaigh, na Hitigh, 2na ciníocha úd faoina ndúirt an Tiarna le clann Iosrael: ‘Na téigí chucu agus ná tagadh siadsan chugaibh, nó is cinnte go n‑iompóidh siad bhur gcroí chun a ndéithe féin.” Ach bhí cion as cuimse ag Solamh orthu. 3Bhí seacht gcéad bean aige a bhí ar chéim ríoga agus trí chéad leannán. 4Nuair a chuaigh Solamh anonn in aois, chlaon a mhná céile a chroí i dtreo déithe eile, agus ní raibh a chroí go hiomlán ag an Tiarna, a Dhia, mar bhí croí a athar, Dáiví. 5Dʼéirigh sé ceanúil ar Aisteárat, bandia na Síodónach, agus ar Mhiolcom uafás na nAmónach. 6Rinne Solamh an t‑olc i súile an Tiarna agus níor lean sé an Tiarna lena chroí go hiomlán, mar a rinne Dáiví, a athair. 7Ansin is ea a thóg Solamh ardionad do Chamóis uafás Mhóáb, agus do Mhoilic uafás na nAmónach, ar an gcnoc lastoir de Iarúsailéim. 8Rinne sé amhlaidh dá mhná coigríocha go léir a dʼofráladh túis agus íobairtí dá ndéithe.
9Bhí fearg ar an Tiarna le Solamh de bhrí gur iompaigh sé a chroí ón Tiarna, Dia Iosrael, a thaispeáin é féin dó faoi dhó, 10agus a chros air ansin déithe eile a leanúint. Ach níor chuir sé ar ordaigh an Tiarna i gcrích. 11Dúirt an Tiarna dá bhrí sin le Solamh: “Ós mar seo atá do ghníomhartha agus nach gcomhlíonann tú mo chonradh ná mo reachtanna, a cheangail mé ort, bainfidh mé an ríocht díot go cinnte dearfa, agus bronnfaidh mé ar dhuine de do shearbhóntaí í. 12Mar gheall ar Dháiví, mo shearbhónta, áfach, ní dhéanfaidh mé é sin le linn do shaoil féin, ach bainfidh mé de do mhac í. 13Mar sin féin ní bhainfidh mé an ríocht go hiomlán de. Mar gheall ar Dháiví, mo shearbhónta, agus ar Iarúsailéim, atá tofa agam, tabharfaidh mé aon treibh amháin do do mhac.”
Naimhde
14Dʼardaigh an Tiarna namhaid in aghaidh Sholaimh, Hadad an tEadómach; de ríshliocht Eadóm eisean. 15Nuair a chloígh Dáiví Eadóm chuaigh Ióáb, ceannasaí an airm, chun na mairbh a adhlacadh agus chuir sé gach fear agus fireannach in Eadóm chun báis. 16Dʼfhan Ióáb agus Iosrael go léir ansiúd ar feadh sé mhí nó go raibh gach fireannach in Eadóm curtha chun báis acu. 17Ach theith Hadad, agus Eadómaigh eile a bhí ag seirbhís dá athair, chun na hÉigipte; ní raibh i Hadad ach buachaill ag an am sin. 18Chuir siad chun bealaigh ó Mhidián agus ar theacht go Párán thug siad roinnt fear ó Phárán leo, agus ar aghaidh go dtí an Éigipt, go Forann, rí na hÉigipte. Thug seisean teach dó, agus coinmhe, agus fearann dó féin. 19Thug Forann gean a chroí do Hadad agus thug sé deirfiúr a chéile mar bhean dó, deirfiúr na Céad Mhná, Tachpanaes. 20Agus rug deirfiúr Thachpanaes mac dó, Ganubat, agus rinne Tachpanaes é seo a chur ó dhiúl i dteach Fhorainn; agus oileadh Ganubat i dteach Fhorainn i measc clann mhac Fhorainn. 21Ach nuair a fuair Hadad scéala agus é san Éigipt go raibh Dáiví imithe chun suain lena shinsir, agus go raibh Ióáb, ceannasaí an airm marbh, dúirt Hadad le Forann: “Lig dom imeacht agus filleadh ar mo thír féin.” 22Ach dúirt Forann leis: “Cad a bhí de dhíth ort faramsa a rá is go bhfuil tú anois ag iarraidh filleadh ar do thír féin?” “Ní raibh aon ní,” ar sé, “ach lig dom imeacht.”
23Dʼardaigh Dia namhaid eile dó, Razón mac Eiliádá. Theith seisean óna mháistir Hadad Eizir rí Zóbá. 24Bhailigh roinnt fear ina thimpeall agus rinne ceannaire buíon foghlaithe de (ach rinne Dáiví ár orthu). Chuaigh siad go dtí an Damaisc agus chuir siad faoi ann agus rinne rí ar an Damaisc de. 25Bhí sé namhdmhar le hIosrael fad a mhair Solamh agus bhíodh sé ag déanamh na hurchóide dála Hadad; bʼfhuath leis Iosrael agus bhí sé i gceannas na Síre.
Ceannairc Iarobám
26Mac do Nabát, Eafráimeach ó Zaraedá, ab ea Iarobám; Zarúá ab ainm dá mháthair, agus baintreach ab ea í. Bhí sé ag déanamh seirbhíse do Sholamh, ach rinne sé ceannairc. 27Seo mar a rinne sé an cheannairc: Bhí Solamh ag tógáil an Mhileo agus ag iamh na bearnan i nDúnfort Dháiví, a athair. 28Bhí céimíocht ag an ógfhear Iarobám agus nuair a chonaic Solamh a dhícheallaí a bhí sé, chuir sé i bhfeighil shaothar lucht daoirse theach Iósaef go léir é. 29Lá dá ndeachaigh Iarobám amach as Iarúsailéim, casadh an fáidh Aichíá ó Shileo air ar an mbóthar; bhí fallaing nua ar Aichíá, agus bhí an bheirt acu leo féin i lár na tuaithe. 30Rug Aichíá ar an bhfallaing nua a bhí air féin agus stróic sé ina dhá stiall déag í. 31Dúirt sé le Iarobám: “Beir leat deich stiall faoi do choinne féin, óir is mar seo a labhraíonn an Tiarna Dia Iosrael: ‘Táim ag dul a stróiceadh na ríochta ó lámha Sholaimh agus tabharfaidh mé deich dtreibh duitse. 32(Coinneoidh sé aon treibh amháin ar son Dháiví, mo shearbhónta, agus ar son Iarúsailéim an chathair atá tofa agam as treibheanna uile Iosrael) 33mar gur thréig sé mé agus gur thug sé ómós dʼAisteárat bandia na Síodónach, agus do Chamóis dia Mhóáb, agus do Mhiolcom dia na nAmónach; níor lean sé mo bhealaí, agus an ceart a dhéanamh i mo láthair, ná mo dhlíthe ná mo reachtanna a chomhlíonadh mar a rinne Dáiví a athair. 34Ní sracfaidh mé an ríocht ar fad mar sin féin as a láimh, mar go ndearna mé prionsa de fad a mhairfidh sé ar son mo shearbhónta Dáiví a thogh mé, a choimeád mʼaitheanta agus mo dhlíthe. 35Stoithfidh mé an ríocht as láimh a mhic, áfach, agus tabharfaidh mé duitse í, deich dtreibh. 36Ach tabharfaidh mé aon treibh amháin dá mhac, ionas go mbeidh lóchrann i mo láthair i gcónaí ag mo shearbhónta Dáiví i mʼfhianaise i Iarúsailéim, an chathair a thogh mé mar áit chónaithe do mʼainm. 37Béarfaidh mé tusa liom, agus rialóidh tú ar oiread agus is mian leat, agus beidh tú i do rí ar Iosrael. 38Má éisteann tú le mʼorduithe go léir duit agus má leanann tú mo shlite, agus má dhéanann tú an ceart i mo láthair, ag comhlíonadh mo dhlíthe agus mʼaitheanta, mar a rinne Dáiví mo shearbhónta, beidh mé in éineacht leat, agus tógfaidh mé teach daingean duit, mar a rinne mé do Dháiví, agus tabharfaidh mé Iosrael duit, 39agus ar an gcuma sin déanfaidh mé sliocht Dháiví a umhlú, ach ní go deo é.’ ”
40Rinne Solamh iarracht ar Iarobám a mharú, ach dʼéalaigh seisean leis agus theith chun na hÉigipte go Síseac rí na hÉigipte, agus dʼfhan sé san Éigipt go bhfuair Solamh bás.
Bás Sholaimh
41An chuid eile de stair Sholaimh, a imeachtaí go léir, agus a eagna–nach bhfuil sé sin go léir scríofa i Leabhar Ghníomhartha Sholaimh. 42Mhair réimeas Sholaimh in Iarúsailéim ar Iosrael go léir daichead bliain. 43Ansin chuaigh Solamh chun suain lena shinsir agus cuireadh é i nDúnfort Dháiví a athair. Tháinig Rachabám a mhac i gcomharbacht air.

Currently Selected:

1 Ríthe 11: ABN

Highlight

Share

Compare

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in