YouVersion Logo
Search Icon

1 Ríthe 10

10
Banríon Sheabá
1Nuair a leathnaigh clú Sholaimh, maidir le hainm an Tiarna, amach fad le banríon Sheabá, tháinig sí ag triall air chun é a phromhadh le ceisteanna crua. 2Thug sí cóisir ollmhór léi go Iarúsailéim, camaill faoi ualach spíosraí agus na múrtha óir agus liaga lómhara. Ar theacht chun Solaimh di, labhair sí leis go neamhbhalbh 3agus bhí freagra ag Solamh ar gach ceist dár chuir sí; ní raibh ceann ar bith acu ródhiamhair don rí le freagra a thabhairt di. 4Nuair a chonaic banríon Sheabá chomh críonna ar fad agus a bhí Solamh, an pálás a bhí tógtha aige, 5bia a bhoird agus an chóir a bhí ar a oifigigh, eagrú a lucht freastail agus an feisteas a bhí orthu, lucht iompair na gcorn aige agus na híobairtí dóite a dʼofráladh sé i dTeampall an Tiarna, baineadh stangadh aisti, 6agus dúirt sí leis an rí: “Ba í an fhírinne, mar sin, a chuala mé i mo thír féin faoi do chúraimí agus faoi do chríonnacht! 7Nó gur tháinig mé agus go bhfaca mé le mo shúile cinn é, níorbh fhéidir liom an tuairisc a chreidiúint; ach is léir nár inis siad a leath dom; sáraíonn tú le críonnacht agus le saibhreas, an tuairisc a chuala mé. 8Nach méanar do do mhná céile! Nach méanar do na seirbhísigh seo agat a bhíonn ag síorfhreastal ort agus a chluineann do chríonnacht! 9Moladh leis an Tiarna do Dhia, a bhronn an chomaoin seo ort agus a chuir ar ríchathaoir Iosrael thú. De bhrí go raibh grá bithbhuan ag an Tiarna dʼIosrael, rinne sé rí díotsa chun an chóir agus an ceart a riar.” 10Bhronn sí céad fiche tallann óir ansin ar an rí agus lear mór spíosraí agus liaga lómhara. Níor tháinig saibhreas spíosraí riamh ina dhiaidh sin a bhí inchurtha leo siúd a bhronn banríon Sheabá ar Sholamh rí. 11Agus cabhlach Híorám a thug ór ó Óifír, thug sé chomh maith lastaí móra dʼadhmad almug agus de liaga lómhara. 12Den adhmad almug rinne an rí teanntaí do Theampall an Tiarna, agus don phálás ríoga, agus lireanna agus cruiteanna do na ceoltóirí; níor tháinig a thuilleadh den adhmad almug sin ó shin, ná ní fhacthas aon chuid de go dtí an lá seo féin. 13Agus bhronn Solamh rí ar bhanríon Sheabá gach arbh áil léi, agus bronntanais le barr a fhéile ríoga féin chomh maith. Ansin dʼimigh sí léi abhaile chun a tíre féin, í féin agus a searbhóntaí.
Solamh Saibhir
14Sé chéad agus a seasca sé thallann óir an meáchan óir a thagadh go Solamh le haghaidh na bliana, 15seachas a dtagadh chuige mar cháin ón lucht trádála agus mar bhrabús na gceannaithe, agus ó ríthe na hAráibe go léir, agus ó rialtóirí na tíre. 16Rinne Solamh rí dhá chéad sciath mhór dʼór ceárta; chuaigh sé chéad seicil óir i ngach sciath. 17Agus rinne sé trí chéad sciath bheag dʼór ceárta, agus chuaigh trí mhíoná óir i ngach sciath, agus chuir an rí iad i Halla Fhoraois na Liobáine. 18Rinne an rí chomh maith ríchathaoir mhór eabhair, agus chumhdaigh í le hór athleáite. 19Bhí sé chéim chun na ríchathaoireach, agus bhí ceann lao ar chúl na cathaoireach; bhí taca uillinne ar gach taobh den ríchathaoir; bhí dhá leon le taobh na dtacaí 20agus dhá leon déag ar na céimeanna, leon ag dhá cheann gach céime de na sé céimeanna. Ní dhearnadh a leithéid riamh in aon ríocht eile.
21Ba dʼór soithí óil uile Sholaimh rí, agus ba dʼór fíre gréithe uile Halla Fhoraois na Liobáine, gan aon ní dʼairgead mar ba bheag an meas a bhí ar airgead le linn Sholaimh. 22Bhí cabhlach Thairsís ar muir ag an rí in éineacht le cabhlach Híorám. Uair gach trí bliana thagadh cabhlach Thairsís le hór, airgead, eabhar, ápaí agus babúin. 23Sháraigh Solamh rí ríthe an domhain go léir ar shaibhreas agus ar eagna. 24Thagadh an saol mór go léir ar lorg éisteacht ó Sholamh ionas go gcloisfidís an eagna a chuir Dia ina chroí isteach, 25agus thugadh gach duine díobh a thabhartas féin leis–soithí óir, soithí airgid, fallaingí, airm, spíosraí, capaill agus miúileanna. Agus mar sin a bhí an scéal bliain i ndiaidh na bliana.
26Bhailigh Solamh carbaid agus capaill le chéile; bhí míle ceithre chéad carbad aige, agus dhá mhíle dhéag capall. Bhuanaigh sé iadsan sna cathracha carbad agus in aice an rí in Iarúsailéim. 27Dʼfhág an rí go raibh airgead chomh coitianta céanna le clocha in Iarúsailéim, agus céadair chomh flúirseach le seiceamair na nÍsleán. 28Dhéantaí capaill Sholaimh a allmhairiú ón Éigipt agus ó [Chilicia], agus ghlacadh gníomhairí an rí leo ó Chilicia ar phraghas cinnte. 29Dhéantaí carbad a allmhairiú ón Éigipt ar shé chéad seicil, agus capall ar chéad go leith. Dhéantaí iadsan a onnmhairiú trí ghníomhairí an rí go dtí ríthe na Hiteach agus ríthe Arám ar an tslí chéanna.

Currently Selected:

1 Ríthe 10: ABN

Highlight

Share

Compare

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in