YouVersion Logo
Search Icon

1 Ríthe 12

12
Easaontas
1A luaithe a chuala Iarobám mac Nabát an scéala agus é fós san Éigipt mar ar theith sé ó Sholamh rí, dʼfhill sé ón Éigipt. 2Chuaigh Rachabám go Seicim mar go raibh Iosrael go léir imithe go Seicim chun é a fhógairt ina rí, 3(agus chuir siad fios ar Iarobám agus tháinig sé féin agus comhthionól Iosrael go léir) agus dúradar le Rachabám: 4“Chuir dʼathair ualach trom orainn le hiompar; bog daoirse dhian dʼathar, agus a chuing throm orainn agus déanfaimid seirbhís duit.” 5Dúirt sé leo: “Imígí libh ar feadh trí lá, agus ansin tagaigí ar ais chugam.” Agus dʼimigh na daoine leo.
6Ansin chuaigh Rachabám rí i gcomhairle leis na seanóirí a bhí ag déanamh seirbhíse dá athair Solamh fad a mhair sé. “Cén freagra,” ar sé, “ar chóir dom dar libh a thabhairt don mhuintir seo?” 7Dúirt siad leis: “Déan freastal ar an bpobal seo inniu, agus bí mar a bheadh seirbhíseach acu, labhair go lách leo, agus beidh siad mar sheirbhísigh agat go deo.” 8Ach dhiúltaigh sé don chomhairle a thug na seanóirí dó agus chuaigh sé i gcomhairle leis na hógánaigh a dʼfhás suas leis féin agus a bhí ina sheirbhís. 9“Cén freagra a chomhairlíonn sibh dúinn a thabhairt don mhuintir seo a dúirt liom: ‘Bog dínn an chuing a leag dʼathair orainn’?” ar sé leo. 10Agus dʼfhreagair an dream óg a dʼfhás suas leis: “Tabhair an freagra seo don mhuintir úd a dúirt: ‘Chuir dʼathair ualach trom orainn le hiompar, ach déan é a éadromú dúinn’–abair é seo leo: ‘Is raimhre mo lúidín ná coim mʼathar. 11Leag mʼathair ualach trom oraibh. Cuirfidh mise, más ea, breis ualaigh oraibh. Bhuail mʼathair sibh le lasca; buailfidh mise sibh le scairpeanna.’ ”
12An tríú lá tháinig (Iarobám agus) an pobal go léir go Rachabám, faoi mar a dʼordaigh an rí á rá: “Tagaigí chugam arís an treas lá.” 13Níor thug an rí aon aird ar an gcomhairle a thug na seanóirí dó, ach thug freagra garbh ar an bpobal, 14agus labhair leo de réir chomhairle na n‑ógfhear agus dúirt: “Leag mʼathair ualach trom oraibh. Cuirfidh mise, más ea, breis ualaigh oraibh. Bhuail mʼathair sibh le lasca; buailfidh mise sibh le scairpeanna.” 15Níor éist an rí dá réir sin leis an bpobal, agus bhí sin curtha i gcrích ag an Tiarna ionas go gcomhlíonfadh sé an gealltanas a thug sé ó bhéal Aichíá ó Shileo do Iarobám mac Nabát. 16Nuair a chonaic Iosrael go léir nach raibh aon aird á tabhairt ag an rí orthu, dʼfhreagair an pobal an rí:
“Cén chuid atá againn i nDáiví?
Níl aon oidhreacht againn i mac Ieise.
Chun bhur mbothanna libh, a Iosrael!
Tabhair aire do do theach féin feasta, a Dháiví!”
Agus dʼimigh Iosrael leo chun a mbothanna. 17Ach bhí Rachabám ina rí ar chlann mhac Iosrael a bhí ina gcónaí i gcathracha Iúdá. 18Ansin chuir Rachabám rí uaidh Adorám a bhí i bhfeighil lucht an tsaothair éigeantaigh, ach chuir na hIosraelaigh go léir chun báis de chlocha é; ansin bhrostaigh Rachabám agus phreab ina charbad agus theith go Iarúsailéim. 19Agus ar an gcuma sin tá Iosrael scartha ó theaghlach Dháiví go dtí an lá inniu féin.
Deighilt
20Nuair a chuala Iosrael go léir go raibh Iarobám ar ais, ghlaodar air chun an chomhthionóil agus rinneadar rí de ar Iosrael go léir. Níor fhan aon duine dílis do theaghlach Dháiví ach treibh Iúdá amháin.
21Ghabh Rachabám suas go Iarúsailéim agus chuir sé tionól ar theaghlach Iúdá go léir, agus ar threibh Bhiniáimin, céad agus ochtó míle de thogha na ngaiscíoch, ionas go gcuirfí cath ar theaghlach Iosrael agus go mbuafaí an ríocht ar ais do Rachabám mac Sholaimh. 22Ach tháinig briathar an Tiarna go Seamaiá an giolla Dé, agus dúirt: 23“Abair é seo le Rachabám, mac Sholaimh, rí Iúdá, le teaghlach Iúdá go léir agus le Biniáimin, agus leis an gcuid eile den phobal: 24Mar seo a deir an Tiarna: ‘Ná téigí suas agus ná troidigí in aghaidh bhur mbráithre, pobal Iosrael. Filleadh gach duine ar a bhaile; an rud seo a tharla, is mise is cúis leis.’ ” (Agus dʼéisteadar go léir le briathar an Tiarna, agus dʼimíodar leo abhaile arís de réir bhriathar an Tiarna.)
25Ansin thóg Iarobám Seicim in ardáin Eafráim agus chuir faoi ann. Ansin dʼfhág sé an áit sin agus dhaingnigh sé Panúéil. 26Agus dúirt Iarobám ina chroí istigh: “Dá réir seo, fillfidh an ríocht seo chun teaghlach Dháiví. 27Má leanann an pobal seo ag dul suas chuig Teampall an Tiarna in Iarúsailéim chun íobairtí a ofráil, iompóidh croí an phobail ar ais athuair chun a dtaoisigh Rachabám, rí Iúdá, agus cuirfidh siad chun báis mé (agus fillfidh siad ar Rachabám, rí Iúdá).” 28Rinne an rí a mhachnamh air seo dá réir sin, agus ansin rinne sé dhá lao óir. Dúirt sé leis an bpobal: “Tá sibh fada go leor ag dul suas go Iarúsailéim; seo agaibh bhur ndéithe, a Iosrael; is iad seo a thug aníos sibh as tír na hÉigipte.” 29Chuir sé ceann díobh ina sheasamh i mBéitéil (agus an ceann eile i nDán, 30agus ba pheaca sin) agus chuaigh mórshiúl den phobal an bealach ar fad go Dán ar bhéala an chinn eile. 31Bhunaigh sé teampall na n‑ardionad agus cheap sé daoine ó ghnáththeaghlaigh mar shagairt, daoine nár de shliocht Léiví iad. 32Lena chois sin bhunaigh Iarobám féile san ochtú mí, ar an gcúigiú lá déag den mhí, ar nós na féile a cheiliúrtaí in Iúdá, agus chuaigh sé suas chun na haltóra. Sin mar a rinne sé i mBéitéil, agus dʼofráil sé íobairtí do na laonna a bhí déanta aige. Agus chuir sé i mBéitéil sagairt na n‑ardionad a bhí bunaithe aige. 33Ar an gcúigiú lá déag den ochtú mí, an mhí a thogh sé dʼaon ghnó, chuaigh sé suas chun na haltóra a bhí déanta aige i mBéitéil. Bhunaigh sé féile do chlann Iosrael agus chuaigh suas chun na haltóra chun túis a íobairt.

Currently Selected:

1 Ríthe 12: ABN

Highlight

Share

Compare

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in