1 Croinicí 15
15
An Áirc i gCathair Dháiví
1Thóg Dáiví tithe dó féin i gcathair Dháiví agus dʼullmhaigh sé áit dʼáirc an Tiarna, agus thóg both di. 2Ansin dúirt Dáiví: “Ní ceadmhach ach do na Léivítigh áirc Dé a iompar, óir thogh an Tiarna iad le háirc an Tiarna a iompar agus le fónamh dó go brách.” 3Chruinnigh Dáiví Iosrael go léir le chéile in Iarúsailéim chun áirc Dé a thabhairt suas chun na háite a bhí ullamh aige di. 4Chruinnigh Dáiví le chéile clann Árón agus clann Léiví; 5de chlann Chohát: Úiríéil an taoiseach agus a chéad gaol agus fiche; 6de chlann Mharáraí: Asáiá an taoiseach agus a dhá chéad gaol agus fiche; 7de chlann Ghéirseom: Ióéil an taoiseach agus a chéad gaol agus tríocha; 8de chlann mhac Eilízáfán: Seamáíá an taoiseach agus a dhá chéad gaol; 9de chlann Heabrón: Eilíéil an taoiseach agus a cheithre fichid gaol; 10de chlann mhac Uizíéil: Aimíonádáb an taoiseach agus a dháréag gaol ar chéad.
11Chuir Dáiví fios ar na sagairt Zádóc agus Aibíátár agus ar na Léivítigh Úiriéil, Asáiá, Ióéil, Seamáiá, Eilíéil agus Aimíonádáb. 12Dúirt sé leosan: “Sibhse cinn finí na dteaghlach Léivíteach; naomhaígí sibh féin agus bhur ngaolta agus tugaigí áirc an Tiarna, Dia Iosrael, suas chun na háite atá ullamh agam di. 13Is de bhrí nach raibh sibh ann an chéad uair a bhladhm an Tiarna ár nDia inár n‑aghaidh, mar ní dheachamar faoina déin sa tslí is dual.” 14Naomhaigh na sagairt agus na Léivítigh iad féin le háirc an Tiarna, Dia Iosrael, a bhreith suas. 15Dʼiompair na Léivítigh áirc Dé agus a cuaillí ar a nguaillí faoi mar a dʼordaigh Maois de réir bhriathar an Tiarna.
16Agus dúirt Dáiví le cinn urra na Léivíteach a ngaolta a cheapadh mar chantairí chun geantraí a sheinm ar a ngléasanna ceoil, ar chláirseacha, ar chruiteanna agus ar chiombail. 17Ansin cheap na Léivítigh Héamán mac Ióéil; Ásáf mac Bheiriciá, duine dá ghaolta; Éatán mac Chúiseáiá, duine dá ngaolta de chlann Mharáraí; 18agus ina dteanntasan, sa chéad ghrád eile, a ngaolta: Zacairiá mac Iaizíéil, Simíreámót, Íchíéil, Uiní, Eilíáb, Banáiá, Másaeiá, Maititiá, Eilífilaehú, Micnéiá, Óbaed Eadóm, Íéil, lucht faire an gheata. 19Na cantairí Héamán, Ásáf, agus Éatán–bhí siadsan leis na ciombail chré-umha a bhualadh; 20Zacairiá, Iáizíéil, Simíreámót, Ichíéil, Uiní, Eilíáb, Másaeiá, Banáiá–bhí siadsan leis an gcruit eochrach a sheinm; 21Maititiá, Eilífilaehú, Micnéiá, Óbaed Eadóm, Íéil, Azaiziá–bhíodarsan leis an mbuille a ghabháil agus an lir ochtávach a sheinm. 22Canainiá ceannaire ceoil na Léivíteach, a bhí oilte ar an gceol, bhí sé le dul i gceannas air. 23Bhí Beiriciá agus Ealcáná le bheith i bhfeighil gheata na háirce. 24Bhí na sagairt Seabainiá, Ióiseáfát, Natanael, Amásai, Zacairiá, Banáiá, Eilíeizir, leis an stoc a shéideadh roimh áirc Dé; bhí Óbaed Eadóm agus Íchiá le bheith i bhfeighil gheataí na háirce.
25Dʼimigh Dáiví agus seanóirí Iosrael agus na ceannairí míle le háirc chonradh an Tiarna a bhreith ó theach Óbaed Eadóm faoi lúcháir mhór. 26De bhrí go raibh Dia ag cabhrú leis na Léivítigh a bhí ag iompar áirc chonradh an Tiarna, dʼofráil siad seacht dtarbh agus seacht reithe. 27Bhí éide de línéadach mín ar Dháiví mar a bhí ar na Léivítigh go léir a bhí ag iompar na háirce, ar an cantairí agus ar Chanainiá, an té a bhí i gceannas ar cheol na gcantairí. Chaith Dáiví an t‑éafód lín freisin. 28Thug Iosrael go léir áirc chonradh an Tiarna aníos le gártha, le séideadh na hadhairce agus na stoc, le bualadh na gciombal, agus le téada cruite agus cláirsí ar crith. 29Nuair a bhí áirc chonradh an Tiarna ag gabháil isteach i gcathair Dháiví, bhí Míceal iníon Shóil ag faire ón bhfuinneog agus chonaic sí Dáiví ag rince agus ag ábhacht os comhair an Tiarna; fuair sí drochmheas air ina croí.
Currently Selected:
1 Croinicí 15: ABN
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 1981
Úsáidtear le cead. Used by permission.