YouVersion Logo
Search Icon

1 Croinicí 14

14
Dáiví faoi Bhua in Iarúsailéim
1Chuir Híorám rí na Tuíre teachtairí go Dáiví le hadhmad céadair agus saoir chloiche, agus saoir adhmaid, le pálás a thógáil dó. 2Thuig Dáiví ansin go raibh sé daingnithe ag an Tiarna mar rí ar Iosrael, agus go raibh a réimeas á mhóradh ar mhaithe lena phobal Iosrael. 3Ghlac Dáiví a thuilleadh ban chuige i Iarúsailéim agus ghin sé a thuilleadh mac agus iníonacha. 4Seo iad ainmneacha na leanaí a rugadh dó in Iarúsailéim: Seamúa, Seobáb, Nátán, Solamh, 5Ibcheár, Eilíseúa, Eilpilit, 6Noga, Neifig, Iáifía, 7Eilíseámá, Beiliádá, agus Eilífilit.
8Nuair a chuala na Filistínigh gur ungadh Dáiví ina rí ar Iosrael go léir mháirseáil siad go léir amach ar a thóir. Chuala Dáiví ina thaobhsan agus ghabh sé amach ina gcoinne. 9Nuair a tháinig na Filistínigh chuireadar cóiriú oscailte catha orthu féin i nGleann Rafáím. 10Chuaigh Dáiví i gcomhairle le Dia á rá: “An rachaidh mé in aghaidh na bhFilistíneach? An dtabharfaidh tú i mo lámha dom iad?” Dʼfhreagair an Tiarna é: “Ionsaigh iad! Tabharfaidh mé i do lámha duit iad.” 11Ghabh siad suas go Bál Parázaím dá bhrí sin agus bhuaigh Dáiví orthu ansiúd. Dúirt Dáiví: “Rinne an Tiarna maidhm i líne mo namhad le mo chabhair, faoi mar a dhéanfadh tuile na habhann.” Tugadh, dá bhrí sin, Bál Parázaím (nó Maidhm an Tiarna) ar an áit sin. 12Dʼfhág na Filistínigh a n‑íola ansiúd agus dʼordaigh Dáiví iad a dhó, rud a rinneadh.
13Tháinig na Filistínigh arís agus chuir siad cóiriú oscailte catha orthu féin sa ghleann. 14Chuaigh Dáiví i gcomhairle le Dia agus dʼfhreagair Dia é: “Ná hionsaigh iad ceann ar aghaidh; gábh timpeall agus cuir cath orthu os comhair na gcrann balsaim. 15Nuair a chloisfidh tú trup na gcoiscéimeanna ar bharr na gcrann balsaim, ar aghaidh le dʼionsaí mar is é an Tiarna a bheidh ann ag gabháil romhat chun briseadh ar arm na bhFilistíneach.” 16Rinne Dáiví mar a dʼordaigh an Tiarna dó, agus chuir sé an ruaig ar na Filistínigh ó Ghibeón ar aghaidh go dtí Bealach Gheizir. 17Leath cáil Dháiví ar fud na gcríoch go léir, agus líon an Tiarna gach cine le heagla roimhe.

Currently Selected:

1 Croinicí 14: ABN

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in