YouVersion Logo
Search Icon

1 Croinicí 16

16
1Thug siad áirc an Tiarna isteach agus chuir siad í sa bhoth a bhí réitithe ag Dáiví di; agus dʼofráladar íobairtí uileloiscthe agus íobairtí comaoineach i láthair Dé. 2Nuair a bhí deireadh na n‑íobairtí dóite agus na n‑íobairtí comaoineach ofráilte ag Dáiví, bheannaigh sé an pobal in ainm an Tiarna. 3Ansin roinn sé ar na hIosraelaigh go léir, idir fhir agus mhná, builín aráin an duine, píosa feola, glac dátaí, agus císte rísíní.
Seirbhís i Láthair na hÁirce
4Cheap Dáiví cuid de na Léivítigh ina ministirí os comhair áirc an Tiarna leis an Tiarna, Dia Iosrael, a impí, a ghlóiriú, agus a mholadh: 5Ásáf i gceannas, Zacairiá sa dara háit, ansin [Uizíéil], Simíreámót, Íchíéil, Maititiá, Eilíáb, Banáiá, Óbaed Eadóm, Íéil. An chláirseach agus an chruit a bhí le seinm acusan; bhí Ásáf leis na ciombail a bhualadh. 6Bhí na sagairt Banáiá agus Iachaizíéil leis an adharc a shéideadh gan stad os comhair áirc chonradh an Tiarna. 7An lá sin rinne Dáiví, fear molta an Tiarna thar chách, an t‑amhrán molta seo a chur faoi chúram Ásáf agus a ghaolta:
8Tugaigí buíochas don Tiarna, glaoigí go hard ar a ainm.
Foilsígí a oibreacha i measc na gciníocha!
9Canaigí dó, seinnigí dó,
Insígí a éachtaí go léir!
10Bíodh mórtas oraibh mar gheall ar a ainm naofa,
Agus bíodh lúcháir chroí ar an muintir atá sa tóir ar an Tiarna.
11Bíodh tóir agaibh ar an Tiarna agus ar a neart,
Lorgaígí a ghnúis gan stad.
12Bíodh cuimhne agaibh ar na hiontais a rinne sé,
Ar na héachtaí a rinne sé, agus ar bhreitheanna a bhéil.
13A cheap Iosrael, a sheirbhíseach,
A chlann mhac Iacóib a thogh sé!
14Eisean, an Tiarna, ár nDia;
Tá a údarás os cionn na cruinne go léir.
15Is cuimhin leis a chonradh go síoraí,
Agus a bhriathar ceannais ar feadh na mílte glún,
16An conradh a rinne sé le hAbrahám,
An mionn a mhionnaigh sé le hÍosác,
17Agus a dhaingnigh sé le Iacób ina reacht daingean,
Agus le hIosrael ina chonradh síoraí,
18Á rá: “Duitse a thabharfaidh mé tír Chanán,
Mar oidhreacht athartha.”
19Nuair ba bheag é a líon,
Ina ndeoraithe ann gan aird,
20Ag dul ó chine go cine,
Ó ríocht anseo go pobal ansiúd,
21Níor lig sé dʼaon duine luí orthu,
Ach smachtaigh sé ríthe ar a son.
22“Ná bainigí le mo lucht ungtha,” ar sé,
“Ná déanaigí dochar do mo fháithe!”
23Canaigí don Tiarna, a thíortha uile;
Fógraígí a shlánú ó lá go lá.
24Insígí faoina ghlóir i measc na gciníocha!
Agus faoina éachtaí i measc na bpobal go léir.
25Óir is mór é an Tiarna, agus tá sé le moladh go hard.
Agus tá urraim ag dul dó thar na déithe go léir.
26Níl sna déithe go léir ach neamhní,
Ach rinne an Tiarna féin na spéartha.
27Tá glóir agus mórgacht ina láthair,
Cumhacht agus lúcháir ina áit féin.
28Tugaigí glóir agus cumhacht
Mar cháin don Tiarna, a theaghlacha pobal;
29Tugaigí an ghlóir is dual dá ainm, don Tiarna!
Beirigí amach an ofráil agus tugaigí os a chomhair í.
Adhraigí an Tiarna ina chúirt naofa.
30Bí-se, a chruinne go léir, ar crith roimhe.
Rinne sé an domhan daingean dobhogtha;
31Bíodh lúcháir ar na flaithis, agus aoibhneas ar talamh!
Abraigí i measc na gciníocha: “Sé an Tiarna is Rí!”
32Go lige an fharraige, agus a bhfuil inti, búir aisti;
Bíodh lúcháir ar na goirt agus ar a bhfuil iontu.
33Cuireadh crainn na coille gáir áthais suas,
i bhfianaise an Tiarna mar tá sé ag teacht a rialú na cruinne.
34Beirigí buíochas leis an Tiarna mar is maith é;
Maireann a bhuanghrá go brách!
35Abraigí: “Tarrthaigh sinn, a Dhia ár slánaithe;
Cruinnigh le chéile sinn agus fuascail sinn ó lár na gciníocha;
Ionas go gceiliúrfaimis dʼainm naofa,
Agus go mbeadh mórtas orainn do do mholadh.
36Go mba beannaithe é an Tiarna, Dia Iosrael,
ó shíoraíocht go síoraíocht.”
Ansin dúirt an pobal go léir “Amen” agus mhol siad an Tiarna.
37Dʼfhág Dáiví Ásáf agus a ghaolta ansiúd os comhair áirc chonradh an Tiarna le seirbhís bhuan a dhéanamh os comhair na háirce mar a dʼéiligh gach lá; 38agus Óbaed Eadóm lena ochtar gaol agus trí fichid; cuireadh Obaed Eadóm, mac Iadútún, agus Hosá i bhfeighil an gheata.
39Dʼfhág sé Zádóc an sagart agus a shagairt ghaoil os comhair thaibearnacal an Tiarna ar an ardionad i nGibeón, 40le híobairtí uileloiscthe a ofráil gan stad maidin agus tráthnóna ar altóir an uileloiscthe agus le gach a bhfuil scríofa i ndlí an Tiarna, an dlí a leag sé ar Iosrael, a chomhlíonadh. 41Bhí Héamán agus Iadútún ina dteannta agus an chuid eile díobh siúd a toghadh agus a ainmníodh le Dia a mholadh, “mar maireann a bhuanghrá de shíor”. 42Bhí Héamán agus Iadútún i bhfeighil na stoc agus na gciombal agus na n‑uirlisí don cheol a bhí ag gabháil le hiomainn mholta Dé. Cuireadh clann mhac Iadútún i bhfeighil an gheata.
43Ansin dʼimigh an pobal go léir leo, gach duine chun a thí féin, agus dʼfhill Dáiví abhaile le beannacht a chur ar a theaghlach féin.

Currently Selected:

1 Croinicí 16: ABN

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in