1 Croinicí 13
13
An Áirc ar Ais
1Chuaigh Dáiví i gcomhairle leis na ceannairí míle agus na ceannairí céad, agus le gach ceannasaí. 2Dúirt Dáiví le comhthionól uile Iosrael: “Más mian libh é, agus más é toil an Tiarna ár nDia é, seolfaimid teachtairí go dtí ar ngaolta eile ar fud críocha Iosrael go léir, agus go dtí na sagairt agus na Léivítigh sna cathracha agus sna tailte féaraigh ina gcóngar chomh maith, á iarraidh orthu gabháil linn. 3Ansin tabharfaimid áirc ár nDé linn mar rinneamar faillí inti le linn Shóil.” 4Dʼaontaigh an comhthionól go léir leis sin mar gur tuigeadh dóibh gurb é an ceart é a dhéanamh.
5Chruinnigh Dáiví Iosrael go léir le chéile ó Shíochór na hÉigipte go Bealach Hamát dʼfhonn áirc Dé a thabhairt ar ais ó Chiriat Iáraím. 6Chuaigh Dáiví agus Iosrael go léir suas go Bálá, go Ciriat Iáraím in Iúdá chun áirc Dé, ar a dtugtar ainm an Tiarna atá ina shuí ar na ceiribíní, a thabhairt aníos ón áit sin. 7Leag siad áirc Dé ar charr nua i dteach Aibíonádáb. Bhí Uzá agus Aichió ag tiomáint an chairr, 8agus bhí Dáiví agus Iosrael go léir ag rince os comhair Dé ar a ndícheall, ag gabháil amhrán le ceol na lirí, na gcruiteanna, na mbodhrán, na gciombal, agus na dteampán. 9Nuair a thángadar chomh fada le hurlár buailte na Bunsaí, shín Uzá a lámh uaidh amach le greim a bhreith ar an áirc mar go raibh na daimh ag tuisliú. 10Ansin las fearg an Tiarna in aghaidh Uzá agus leag sé ar lár é mar gur chuir sé lámh ar an áirc, agus fuair sé bás ansiúd i láthair Dé. 11Bhí Dáiví míshásta mar gur bhladhm an Tiarna i bhfearg in aghaidh Uzá; agus tugtar an Bhladhm-in-aghaidh-Uzá ar an áit ó shin.
12Bhí eagla ar Dháiví an lá sin roimh Dhia. “Conas a thabharfainn áirc Dé liom abhaile?” ar sé. 13Níor thug Dáiví an áirc leis abhaile go cathair Dháiví dá bhrí sin, ach thug sé í go teach Óbaed Eadóm an Gatach. 14Dʼfhan áirc Dé le muintir Óbaed Eadóm, ina theach, ar feadh trí mhí, agus chuir an Tiarna a bheannacht ar mhuintir Obaed Eadóm agus ar a raibh aige.
Currently Selected:
1 Croinicí 13: ABN
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 1981
Úsáidtear le cead. Used by permission.