YouVersion Logo
Search Icon

1 Croinicí 12

12
1Sin iad na fir a ghabh le Dáiví ag Zicleag agus é fós díbeartha ó láthair Shóil mac Chís; ba ghaiscígh iad, lámh ar gcúl sa chath; 2Saigheadóirí iad ar chomhdheas dóibh deas agus clé leis an mbogha, agus le clocha nó saigheada. De ghaolta Shóil an Bhiniáimineach: 3Aichíeizir an taoiseach, Ióáis, beirt mhac Sheamá ó Ghibeá, Ízíael agus Peilit, mic Azmávat, Barácá agus Iéahú ó Anatót, 4Ismáiá ó Ghibeón, laoch ar an tríocha agus ceannaire os a gcionn; 5 Irimia, Iachaizíéil, Ióchánán, Iózábád ó Ghadaerót; 6Ealúzai, Írímeot, Bailiá, Seamariá, Seafatiá ó Hairíf; 7Ealcáná, Isíá, Azarael, Ióeizir, Iáisiobám, Corachaigh; 8Ióaelá, Zabadiá, clann mhac Iarochám ó Ghadór.
9Ghabh Gádaigh áirithe le Dáiví sa daingean san fhásach. Ba laochra groí iad, oilte ar sciath agus ga. Ba leoin iad ar dhealramh, agus ba gheall le fianna iad ar na sléibhte le luas. 10Eizir an taoiseach, Obaidiá an tánaiste, Eilíáb an tríú duine, 11Mismeaná an ceathrú, Irimia an cúigiú, 12Atai an séú, Eilíael an seachtú, 13Ióchánán an t‑ochtú, Ealzábád an naoú, 14Irimia an deichiú, Macbanai an t‑aonú duine déag. 15Ba cheannairí airm na Gádaigh sin, agus gach duine díobh i gceannas, an té ba shuaraí i mbun céad duine, an té ba mhó i mbun míle. 16Sin iad an dream a ghabh thar an Iordáin sa chéad mhí agus í ag cur thar a bruacha go léir, agus a chuir an teitheadh ar gach duine a raibh cónaí orthu ar a bruacha thoir agus thiar.
17Tháinig cuid de chlann Bhiniáimin agus de chlann Iúdá chomh maith chuig Dáiví sa dún. 18Chuaigh Dáiví ina gcoinne agus dúirt sé leo: “Má tháinig sibh chugam mar chairde le cabhrú liom, táim lánullamh ó chroí aontú libh; ach más dʼfhonn mé a bhrath le mo naimhde, cé nach bhfuil aon urchóid ar mo lámha, ansin go gcoimeáda Dia ár sinsear súil oraibh agus go dtuga daorbhreith oraibh.” 19Ansin tháinig an spiorad de ruathar ar Amásai, ceannaire an tríochad, agus dúirt sé:
“Leatsa sinn, a Dháiví! Agus táimid leat, a mhic Ieise!
Síocháin faoi dhó duit, agus síocháin do do lucht cúnta.
Óir tá cabhair do Dhé chugat.”
Ghlac Dáiví leo ansin, agus rinne oifigigh díobh ar a shaighdiúirí.
20Ghabh cuid de chlann Mhanaise le Dáiví agus é ag dul chun catha in aghaidh Shóil. Ach níor thug sé aon chabhair dóibh siúd mar chuaigh taoisigh na bhFilistíneach i gcomhairle le chéile agus chuireadar chun siúil é. “Dá dtugadh sé cúl linn agus gabháil le Sól, a mháistir,” ar siad, “bheadh ár gceann i mbaol.” 21Bhí sé ar a bhealach go Zicleag nuair a ghabh an mhuintir seo leanas de chlann Mhanaise leis: Adná, Iózábád, Ídíéil, Míocáéil, Iózábád, Eilíhiú, Zileatai, ceannairí míle i Manaise. 22Ba thaca iadsan do Dháiví agus dá shluaite, mar gur churaí calma iad go léir, agus rinneadh oifigigh san arm díobh. 23Bhí cabhair fear ag teacht chun Dáiví in aghaidh an lae i dtreo gur tháinig fás faoina longfort go ndearnadh longfort ábhalmhór de.
Lucht Tacaíochta Dháiví
24Seo, de réir an rolla, áireamh na laochra ullamh chun catha a ghabh le Dáiví i Heabrón chun ríocht Shóil a sheachadadh dó de réir ordú an Tiarna: 25Clann Iúdá ag iompar scéithe agus ga: sé mhíle ocht gcéad laoch faoi arm catha; 26de chlann Shimeon: seacht míle céad laoch cróga i gcath; 27de chlann Léiví: ceithre mhíle sé chéad, 28seachas Iahóideá a bhí i gceannas chlann Árón, le trí mhíle seacht gcéad díobhsan, 29agus Zádóc, laoch óg cróga, agus beirt cheannasaí fichead de fhiní a athar; 30de chlann Bhiniáimin: trí mhíle de ghaolta Shóil, a raibh a bhformhór go dtí sin i seirbhís theaghlach Shóil; 31de chlann Eafráim: fiche míle ocht gcéad de laochra cróga, fir a raibh cáil orthu i measc a bhfiní; 32de leath-threibh Mhanaise: ocht míle déag a ainmníodh dʼaonghnó le dul agus Dáiví a fhógairt ina rí; 33de chlann Íosácár, fir a thuig tráth agus antráth, agus cathain agus conas ba cheart dʼIosrael beart a dhéanamh: dhá chéad taoiseach agus a ngaolta go léir faoina gceannas; 34de chlann Zabúlun: caoga míle fear ullamh chun seirbhíse, réidh chun catha, le hairm chogaidh de gach sort, lucht teann tacaíochta aige; 35 de chlann Naftáilí: míle oifigeach, agus tríocha seacht míle fear faoi airm, le sciath agus ga; 36 de chlann Dhán: fiche ocht míle sé chéad, réidh chun catha; 37 de chlann Áiséar: daichead míle fear, ullamh chun seirbhíse, réidh chun catha. 38 Ón Olliordáin: céad agus a fiche míle fear de chlann Reúbaen, Gád, agus leaththreibh Mhanaise, le hairm chogaidh de gach sórt.
39 Tháinig na fir chogaidh seo go léir go Heabrón in eagar catha agus é dʼaidhm agus de chuspóir acu Dáiví a fhógairt ina rí ar Iosrael; bhí an chuid eile dʼIosrael chomh maith meáite ar rí a dhéanamh de Dháiví. 40 Dʼfhan siad ansiúd le Dáiví ag ithe agus ag ól ar feadh trí lá. Bhí ullmhúchán déanta ag a ngaolta dóibh. 41Tháinig ina theanntasan, a ngaolta ó chomh fada i gcéin le hÍosácár, Zabúlun, agus Naftáilí, le bia ar asail agus ar chamaill, ar mhiúileanna, agus ar dhaimh–thug siad leo raidhse mine, cácaí figí, crobhaingí rísíní, fíon, ola, daimh agus caoirigh; mar bhí lúcháir in Iosrael.

Currently Selected:

1 Croinicí 12: ABN

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in