1 Croinicí 11
11
Dáiví
Dáiví Rí
1Tháinig treibheanna Iosrael go léir chuig Dáiví ansin i Heabrón. “Féach,” ar siad, “sinne do mhuintir ó dhúchas feola agus smeara. 2San am atá thart nuair a bhí Sól ina rí orainn is tusa a bhí mar thaoiseach ar Iosrael ina gcuid eachtraí go léir; agus dúirt an Tiarna do Dhia leat: ‘Is tusa a bheidh i dʼaoire ar mo phobal Iosrael, is tusa a bheidh mar thaoiseach ar mo phobal Iosrael.’ ” 3Tháinig seanóirí Iosrael go léir chuig an rí ag Heabrón agus rinne Dáiví rí conradh leo ag Heabrón i bhfianaise an Tiarna, agus rinne siad Dáiví a ungadh ina rí ar Iosrael, de réir bhriathar an Tiarna trí bhéal Shamúéil.
4Mháirseáil Dáiví agus a chuid fear ionsar Iarúsailéim, Iabús is é sin mar a raibh na Iabúsaigh, áitritheoirí na tíre. 5Dúirt lucht áitrithe Iabús le Dáiví: “Ní éireoidh leat teacht anseo isteach.” Ach ghabh Dáiví daingean Shíón, dúnfort Dháiví is é sin. 6Dúirt Dáiví: “An té is túisce a bhuailfidh Iabúsach ar lár, déanfar taoiseach agus ceannaire de.” Ba é Ióáb mac Zarúá a ba thúisce a ghabh suas agus a ndearnadh taoiseach de. 7Chuaigh Dáiví chun cónaithe sa daingean agus is mar sin a fuair sé an t‑ainm dúnfort Dháiví. 8Thog sé balla timpeall na cathrach ansin agus an Mileo chomh maith leis an mballa mórthimpeall. Rinne Ióáb an chuid eile den chathair a athnuachan. 9Chuaigh Dáiví i neart agus i neart mar bhí Tiarna na Slua ina chuideachta.
Gaiscígh Dháiví
10Seo iad na príomhghaiscígh, iad siúd a chuaigh chun cinn i gcumhacht lena linn agus a rinne rí de, le hIosrael go léir, de réir bhriathar Dé i dtaobh Iosrael. 11Seo é an liosta de ghaiscígh Dháiví: Iáisiobám Hacmónach, ceannaire an tríocha taoiseach. Eisean a dʼimir a thua chatha ar thrí chéad agus mharaigh iad ar an toirt. 12Ina dhiaidh sin, ar an triúr gaiscíoch, bhí Eileázár mac Dhodó an tAchóchach. 13Bhí seisean le Dáiví ag Pas Daimín nuair a thionóil na Filistínigh chun catha ann. Bhí gort lán dʼeorna ansiúd. Theith na saighdiúirí ó na Filistínigh. 14Sheas siad an fód i lár an ghoirt agus rinne siad é a chosaint agus rinne siad na Filistínigh a threascairt. Thug an Tiarna bua mór chun críche ar an gcuma sin.
15Ghabh triúr den tríocha taoiseach síos go dtí Dáiví ag an gcarraig láimh le hUaimh Adulám nuair a bhí longfort ag buíon Filistíneach i nGleann Rafáím. 16Bhí Dáiví ansin sa dún agus bhí garastún Filistíneach an uair sin i mBeithil. 17Dúirt Dáiví le tnúth: “Uch nár bhreá liom dá dtabharfadh duine éigin deoch uisce dom as tobar Bheithile; tá sé le taobh an gheata.” 18Ansin bhrúigh an triúr gaiscíoch trí longfort na bhFilistíneach agus tharraing siad uisce as an tobar ag geata Bheithile agus thug siad leo é agus thug siad do Dháiví é. Ach ní ólfadh sé é ach é a dhoirteadh mar ofráil don Tiarna. 19“Gura fada uaim, a Thiarna,” ar sé, “é seo a ól. An ólfainn fuil na bhfear seo? Mar chuadar i mbaol anama á bhreith leo.” Ní ólfadh sé é dá bhrí sin. Sin iad bearta an triúr gaiscíoch.
20Ba é Aibísí, deartháir Ióáb, ceannaire an tríochad. Eisean a dʼimir a shleá ar an trí chéad fear agus a mharaigh iad, agus a thuill cáil i measc an tríochad. 21Ba mhó cáil é ná an tríocha agus rinne captaen de orthu, ach ní raibh dul aige ar an triúr.
22Banáiá mac Iahóiádá, laoch ó Chabzael, fear déanta móréachtaí, threascair sé dhá churadh ó Mhóáb. Agus lá sneachta chuaigh sé síos isteach in uaimh agus mharaigh leon ann. 23Ba eisean freisin an té a mharaigh an tÉigipteach, fear mór groí cúig bhanlámh ar airde. Bhí sleá mar bhíoma fíodóra ina láimh ag an Éigipteach; ghabh sé síos ina choinne agus bata ina láimh, sciob an tsleá as láimh an Éigiptigh agus mharaigh eisean léi. 24Ba shin iad bearta Bhanáiá mac Iahóiádá a thuill cáil dó féin i measc an tríocha gaiscíoch. 25Ba mhó cáil é ná an tríocha ach ní raibh dul aige ar an triúr. Chuir Dáiví é i gceannas ar a gharda.
26Na gaiscígh chróga:
Asáhael deartháir Ióáb.
Ealchánán mac Dhodó ó Bheithil.
27Seamót ó Harod.
Heiliz an Palónach.
28Íreá mac Icéis ó Theacóá.
Aibíeizir ó Anatót.
29Sibeacaí ó Huiseá.
Iolaí ó Achó.
30Maharaí ó Natófá.
Héilid mac Bháná ó Natófá.
31Iotai mac Ríobaí ó Ghibeá de threibh Bhiniáimin.
Banáiá ó Phioráton.
32Húrai ó ghleannta Gháis.
Aibíéil ó Bhéit-ha-Arabá.
33Azmárat ó Bhachúraím.
Eiliachbá ó Sheálbon.
34Biné-háisim ó Ghizeon.
Iónátán mac Sheágae ó Harár.
35Aichíám mac Shácár ó Harár.
Eilífilit mac Úr.
36Héifir ó Mhacaerá.
Aichíá an Palónach.
37Heazró ó Chairmeil.
Nárai mac Eazbái.
38Ióéil deartháir Nátán.
Miobchár mac Haigrí.
39Nacharaí ó Bhéarot a dʼiompraíodh airm Ióáb mac Zarúá.
40Íreá ó Iaitír.
Gáraeb ó Iaitír.
41Úiríá an Hiteach.
Zábád mac Achlái.
42Aidíneá mac Shízeá, an Reúbaenach, ceannaire na Reúbaenach, agus ar an Tríocha.
43Hánán mac Mhácá.
Ióiseáfát an Mitneach.
44Uizíá ó Aistearót.
Seámá agus Ieíéil, clann mhac Hótám an tAroéireach.
45Idíéil mac Shimrí, agus Ióchá a dheartháir, an Tízeach.
46Eilíéil an Machavach.
Iríobai agus Ióisaiviá, clann mhac Ealnám.
Itmeá an Móábach.
47Eilíéil, Óbaed, Iásaíéil ó Zobá.
Currently Selected:
1 Croinicí 11: ABN
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 1981
Úsáidtear le cead. Used by permission.