YouVersion Logo
Search Icon

Geinis 40

40
Mínighean Seosamh brionglóidí na beirte Seirbhíseach sa phríosún. Fíoradh é, acht dearmadthar Seosamh.
1Thárla n-a dhéidh seo gur chuir beirt de na h-oifigigh (eunuch)—Giolla an bhídh agus an báicéar righ na h-Éighphte—fearg ar a dtighearna. 2Agus nuair bhuail reacht feirge chuca é, (príomh-ghiolla agus príomh-bháicéar iad,) 3chuir sé isteach sa phríosún chéadna iad, in a rabh an príomh-Choimheadaidhe ar na saighdiuirí, mar a raibh Seosamh in a phríosúnach fosta. 4Acht d'fhág an Coimheadaidhe faoi chúram Sheosamh iad, agus rinne seisean fresdal ortha, d'imthigh tamall beag thart, agus coinnigheadh faoi ghlas iad.
5Agus thárluigh brionglóidí aca beirt, ar an oidhche chéadna, agus bhain gach duine aca a mhíniú fhéin as a bhrionglóid, 's bhí sásta leis. 6Agus nuair bhuail Seosamh isteach chuca ar maidin, agus thug fa ndear an ghruaim a bhí ortha. 7D'fhiafruigh sé díobhtha, a rádh: “Cad chuige díbh bheith níos gruamdha indiu ná mar is gnáthach libh?” 8D'fhreagair siad: “Bhí brionglóidí againn, agus níl éinne lé í a mhíniú dúinn.” Agus arsa Seosamh leo: “Nach le Dia a míniú? Innis do bhrionglóid domh.”
9B'é an Giolla, (butler) an chead fhear a d'innis fa n-a bhrionglóid: “Chonnaic mé crann fíneamhna os mo chómhair. 10A rabh trí craobha air, a' scéigh amach, diaidh-ar-ndiaidh, bachlógaí, agus i ndéidh ['n]a mbláthú tháinig caoir apaidhe fíneamhna ortha. 11Agus bhí corn Pharao i mo láimh agam, agus bhain mé na caoir fhíneamhna, agus bhrúigh isteach sa chorn iad. Agus thug an corn do Pharao.” 12D'fhreagair Sheosamh: “Seo míniú na brionglóide: Na trí craobha—, is trí lá iad. 13Agus indéidh na dtrí lá, cuimheóchaidh Pharao ar do sheirbhís, agus gheobhaidh tú an post a bhí agat ar ais arís, agus bhearfaidh tú an corn dó, d'réir do chéime, mar ba ghnáthach leat a dheanamh. 14Acht, cuimhnigh thusa orm-sa tráth 'bhéas gach rud i gceart agat. Agus dean an gar seo domh, cuir i gcuimhne do Pharao mise a scaoileadh amach as an phríosún so. 15Óir fuaduigheadh ar shiubhal as crích na n-Eabhrach mé, agus, gan coir ná locht i mo leith, tligeadh isteach i ndubh-charcair annso mé.”
16Nuair a chualadh an príomh-bhaicéar an míniú ciallmhar thug sé ar an bhrionglóid, ars eisean: “Bhí brionglóid agam-sa fosta, go rabh trí bascoidí lán de bhiadh ar mo chionn agam, 17agus go raibh an bhascoid a bhí ar bharr agus é líonta lán de'n bhiadh a báicealtar go cliste, agus go rabh scaoth éanach ag ithe as an bhascoid sin.” 18D'fhreagair Seosamh: “Seo míniú na brionglóide: Na trí bascidí—, is trí lá iad. 19I gcionn na dtrí lá (sin) bainfidh Pharao an ceann díot, agus cróchfaidh sé as croic thú, agus strócfaidh na h-éanacha an fheoil díot.”
20Bhí lá breithe Pharao ann an treas lá in a dhéidh seo, agus rinne sé fleadh agus féasta do n-a chuid seirbhíseach, agus le linn na fleidhe, chuimhnigh sé ar an phríomh-ghiolla, agus an phríomh-bháicéar. 21Agus seaoil sé duine aca chun a phosta aí[s] leis an chorn a thabhairt dó. 22Chroch sé an fear eile ar chroich, fé mar mhínigh Seosamh dó. 23Acht fa'n am go raibh an príomh-ghiolla [a ] mhuin na muice arís, rinne sé dearmad glan ar Sheosamh—, fear mínighthe na briongloide.

Currently Selected:

Geinis 40: ABNPOD

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in