YouVersion Logo
Search Icon

Geinis 39

39
Seosamh i mbun toighe a mhaighisir. Bréag na mná air. Seosamh i bpríosún:
1Agus tugadh Seosamh isteach san Éighphte agus cheannuigh Pútiphar, oifigeach Pharao, captain an airm (Éighphteach) é, ó na h-Ismaelítigh a thug ann é. 2Agus bhí an Tighearna 'n-a chuideachta. Agus bhí an sonas air agus ar a chuid gnaithe uilig, agus chómhnuigh sé i dtigh a mhaighistir. 3A bhí eolach go rabh an Tighearna in a chuideachta leis, agus gur chuir sé an sonas air i ngach ghnaithe faoi n-a láimh.
4Agus bhí meas ag an maighistear ar Seosamh, agus bhí sé go maith dó. Chuir sé i mbun an tige é, agus rinne Seosamh stiuradh maith ar gach uile rud a fágadh fao n-a chúram. 5Agus do bheannuigh an Tighearna teach an Éighphtigh mar gheall ar Seosamh, agus mhéaduigh sé ar a mhaoin uile astoigh 's amuigh (sa mbaile 's sa machaire). 6Ní rabh aige acht an t-arán fuair sé le n-ithe. Agus ba dhóigheamhail an buachaill Seosamh, agus éadán sciamhach dathamhail air.
7Agus indiaidh tamaill leag a mhaighistreas súil ar Seosamh, agus ars ise: “Tar a luighe liom.” 8Acht níor thoil leis-sean a léithid de dhroch-ghníomh, agus ars é léithe: “Féach, d'fhág mo mhaighistear gach uile rud faoi mo chúram 's 9m'aire acht amháin tú féin—a bhean-chéile-se; mar sin de, caidé mar thiocfadh liom a léithid de dhroch-ghníomh a dheanamh, agus peaca i n-aghaidh mo Dhé 'dheanmh?—Agus tá sé gan eolas ar a bhfuil in a thigh féin aige. Níl aon rud ann nár fhág sé fé mo chúram 's m'aire, acht amháin tusa a bhean-chéile-se; mar sin de caidé mar thiocfadh liom-sa a léithid de droch-ghníomh a dheanamh,—peacú in-aghaidh mo Dé?” 10Le caint mar seo ó ló go ló, bhí an bhean ag iarraidh an fear óg a mheallú, agus dhiultuigh Seosamh do'm drúis. 11Thárla, lá, go dteachaidh Seosamh isteach san tigh ar ghnaithe éigin, agus é 'n-a aonar. 12Agus rug sise ar bheinn a bhrait air, agus dubhairt: “Luig liom.” Acht d'fhág seisean an brat n-a láimh aicí, agus thug do na bonnaí agus amach leis. 13Agus nuair d'amaharc an bhean ar an bhrat in a láimh, agus díombáidh uirthí, 14scáirt sí ar mhuintir a' tighe, agus d'innis dóibh: “Féachaidh! Thug sé Éabhrach isteach chugam le sinn a mhasclú. Tháinig sé isteach chugam-sa le dhul a luighe liom, agus nuair leig mise béic asam i. 15Agus nuair mhothuigh sé mo bhéic, d'fhág sé an brat i mo ghreim agam, agus théic leis amach. 16Agus le n-a dílseacht a chruthú choinnigh sí an brat agus thaisbeáin d'á fear-chéile é, an uair phill sé a bhaile.”
17Agus dubhairt: “An seirbhíseach Eabhrach sin a thug tú annseo, tháinig sé orm ag iarraid mé a leagú. 18Agus nuair leig mise béic asam, d'fhág sé an brat seo i mo láimh, in a dhéidh, agus thug do na bonnái amach leis.” 19Nuair chualadh an maighistear an scéal s[] bhí sé ar buile, óir chreid sé scéal dó-chreidthe na mná. 20Agus thlig sé Seosamh isteach sa phríosú[in] mar a rabh príosúnaigh an ríogh, agus cuireadh faoi ghlas é.
21Acht bhí an Tighearna i bhfochair Sheosaimh, agus ó bhí truaigh aige dó, thug sé ar cheann-Choimhéadaidhe an phríosúin bheith báidheamhail dó. 22Agus thug seisean cúram na bpríosúnach uilig a stoigh dó, agus cibé rud deanfaidhe ann, ba faoi n-a stiurú-san deanfaidhe é. 23Agus níor bhac sé le rud ar bith, acht d'fhág uile rud faoi n-a láimh, óir bhí an Tighearna aige, agus chuir sé an ráth ar gach a ndearn sé.

Currently Selected:

Geinis 39: ABNPOD

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in