YouVersion Logo
Search Icon

Geinis 41

41
Bheir Seosamh míniú ar d'á aisling ag Pharao: Ghnítear rialthóir ar an Éighphte de.
1In dhéidh dhá bhliain thárla brionglóid ag Pharao. Shaoil sé go rabh sé 'n-a seasamh ar bhruachabhna. 2Agus go dtáinig seacht gcinn de bhuaibh (ba) aníos as an abhainn, iad breagh sár-áluinn agus reamhar, agus gur thosaigh siad ag inghilt ar fhéarach na riascán. 3Agus go dtáinig seacht gcinn eile aníos as an abhainn, acht iad-san leiche, caithte, agus thusaigh ag inghilt díreach ar bhruach na h-abhna, san bhféarach úr-ghlas. 4Agus gur alp siad na ba eile a bhí áluinn, reamhar. Mhúscail Pharao le n-a linn sin.
5Thuit sé 'n-a chodladh arís, agus thárlaigh brionglóid eile aige. Tháinig seacht gcinn de dhiasa arbhair aníos, ar aon ghas amháin, agus iad breagh lán. 6Annsin phreab seacht gcinn eile aníos, agus iad caithte, feoidhte. 7Agus shlug siad áilneacht uile na gceann eile. Mhúscail Pharao tar éis a scíste.
8Agus ar theacht na maidne, ghabh eagla mhór é, agus chuir sé fios ar gach uile draoi san Éighphte, agus ar lucht céille. Agus nuair glaoidheadh ortha-san, d'innis sé a bhrionglóid dóbhtha, acht ní rabh fear aca ábalta é 'mhíniú dó.
9Fa dheireadh chumhnigh an giolla freasdail, agus ars eisean: “Admhuighim mo pheaca. 10Tráth d'á rabh fearg ar an righ, thug sé órdú, mé féin agus an príomh-bháicear a chaitheamh isteach i bpríosún chaptain na saighdiur. 11Áit a rabh brionglóid againn beirt, oidhche amháin, 'ghá thaidhbhriú (dúinn) rudaí a bhí le teacht. 12Bhí fear óg annsin—Eabhrach—bhí 'n-a sheirbhíseach ag captain na saighdiuir céadna. Agus d'ársuigh muid ár mbrionglóidí dó. 13Agus chualamar 'n-a dhiaidh sin cad ba chiall dó (do'n bhrionglóid). Óir tugadh mo host ar ais dom-sa: agus do crochadh eisean ar chroich.”
14Gan aon mhoill thug an rí órdú go dtabharfaidhe Seosamh amach as an phríosún. Agus do bhearraigh siad é, agus chuir siad áthrú éadaigh air, agus thug isteach i láthair an ríogh é. 15Agus ars eisean (an rí) leis: “Bhí brionglóidí agam, agus níl éinne i ndom iad a mhíniú. Aniois, cluinim go bhfuil tusa go maith (ciallmhar) ag n-a míniú.” 16D'fhreagair Seosamh: “Chan mise, acht Dia a bhearfas an freagra ceart do Pharao.”
17Agus d'innis Pharao an bhrionglóid 'bhí aige: “Tógadh domh go rabhas 'mo sheasamh ar bhruach na h-abhna. 18Agus go dtáinig seacht gcinn de bhuaibh aníos as an abhainn, agus iad go sár-áluinn, agus go breagh reamhar, agus thisaigh siad ag inghilt ar fhéarach san riascán. 19Agus féach! Tháinig seacht gcinn eile 'n-a ndiaidh, iad chomh tánaidh, caithte, nach bhfaca mé a léithid ariamh i dtír na h-Éighphte. 20Agus d'ith siad 's d'alp siad na cinn remhra. 21Agus ní thabharfá fa dtear ortha go rabh siad lán, acht iad chomh tánaidh, caithte 's bhí cheana. Mhúscail mé, agus annsin thuit mo chodladh orm ath-uair.
22“Agus bhí brionglóid agam, d'fhás seacht gcinn de dhiasa arbhair aníos, ar aon ghas amháin, iad lán (máith) agus go fíor-dheas. 23Scéith seacht gcinn eile fosta, ón ghas, acht bhí siad tánaidh, críon, feoidhte. 24Agus shlug siad áilneacht na gceann ndeas. D'innis mé an scéal so do'n lucht feasa, agus níl fear aca indán é a mhíniú.”
25D'fhregair Seosamh: “Is ionnan í aisling an ríogh. Tá sé foillsighthe ag Dia do Pharao cad tá sé ar tí a dheanta. 26Na seacht mba áilne agus na seacht ndiasa lána (méithe), is ionnan iad agus seacht mbliadna ráthmhara. Agus is ionnan ciall do'n dá rud sa bhrionglóid. 27Agus na seacht mba tánaidhe caithte, a tháinig aníos 'n-a ndiadh, agus na seacht ndiasa dóighte, ag an ghaoith nimhnigh, ionnan iad agus seacht mbliadna de ghorta atá le teacht. 28Agus coimhlíonfar iad san órdú so.
29“Féach! Tiocfaidh seacht mbliadna de ráthmhnas mór i grích uile na h-Éighphte. 30Agus tiocfaidh seacht mbliadna eile 'n-a ndéidh, de ghanntanas chomh géar sin, nach mbéidh aon chuimhne ann ar an ráthmhnas a tháinig cheana, óir scriosfaidh an ganntanas an tír uilig-go-léir. 31Agus scriosfar iomlán an ráthmhnais le h-uathbhas an ghanntanais. 32Agus fa'n méad a chonnaic tú an dara uair san bhrionglóid, a' baint leis an rud céadna: cómhartha fíor é, agus go gcoimhlíonfar briathar Dé, agus go mbíonn amhlaidh ga teip.
33“Mar sin de, faigheadh an rí fear stuamdha dúthrachta, agus cuireadh se in a rialthóir ar thír na hÉighphte é. 34Ionnus go gcuiridh sesean maoir i mbun na dtíortha uile, agus leis an chúigeadh cuid de'n tóradh le linn na seacht mblian ráthmhar a bháiliú isteach i sciobalaibh. 35A bhéas ann ar ball beag: agus cuirtear an t-arbhar uilig isteach, faoi chúram Pharao, chun é a choigilt ins na cathrachaibh. 36Agus bíodh sé réidh i gcóir ganntanais na seacht mblian a thiocfas, a dheanfas leathtrom ar an Éighphte, agus ní scriosfar an tír ag an ghanntanas.”
37Bhí Pharao agus a chuid sairbhíseach sásta leis an gcómhairle. 38Agus ars é leobhtha: “An féidir linn a léithid eile d'fhear 'fhagháil, fear atá lán de Spiorad Dé?” 39Le sin arsa é le Seosamh: “Ós léar gurab é Dia a d'fhoillsigh duit gach atá ráidhte agat, an féidir liom duine níos ciallmhara, no cosamhail leat-sa d'fhagháil? 40Bí-se i bhféidhil mo theaghlaigh, agus deanaidís gach éinne d'réir do bhriathair béil. Ins an t-suidheachán ríoghdha amháin 'seadh bhéas mise níos mó ná thusa.” 41Agus arís arsa Pharao le Seosamh: “Féach, go dtug mé duit rialú ar thír uile na h-Éighphte.” 42Agus bhain sé a fháinne d'á mhéar 's thug dó (do Sheosamh) in a láimh é, agus chuir sé brat (róba) síoda air, agus slabhradh óir fa n-a mhuinéal. 43Agus thug air dhul in-áirde ins an dara carbad aige, 's an bollscaire 'ghá fhógairt do chách go raibh ar gach éinne a ghlún a fheacú dó in a láthair, agus fios a bheith aca go ndearn[a] rialtóir ar chrích uile na h-Éighphte de.
44Agus ars an rí le Seosamh: “Is mise Pharao, gan cead 's órdú uait-se, 'ná corruigheadh éinne i dtír uile na h-Éighphte lámh ná cos.” 45Agus thug sé áthrú ainme air, agus i dteangaidh na n-Éighphteach, ghlaoidh sé Psothemphane .i. “slánuightheoir an domhain,” mar ainm air. Agus thug sé Aseneth dó mar bhean-chéile .i. nínghean Phutiphare, sagart an Heliopolis. Le sin d'imthigh Seosamh amach go tí na h-Éighphte. 46(Anois, bhí sé 'n-a thriochmhadh bliain d'aois an uair sheas sé i láthair Pharao).
Agus chuaidh sé thart thríd tíortha uile na h-Éighphte. 47Agus tháinig ráthmhnas na seacht mblian, agus tráth bhí an t-arbhar ceangailte in a phunnánaibh, do bailigheadh isteach le chéile i sciobalaibh na h-Éighphte é. 48Agus cuireadh an iomad de ghrán i dtaisce in gach cathair. 49Agus bhí oiread cruichneachta ann gur cosamhail le gaineamh na fairrge í, 'n-a méid as cuimse.
50Agus sul má tháinig an gorta, rugadh beirt mhac do Sheosamh, a rug Aseneth, nínghean Phutiphare sagart na Heliopolise, dó. 51Agus thug sé Manasses mar ainm ar an chead mhac, a rádh: “Thug Dia orm mo chuid saothair uilig, agus teach m'athar, a dhearmadú.” 52Agus thug sé Éphraim mar ainm ar an dara mac, a rádh: “Chuir Dia an ráth orm i dtír mo bhuadhartha 's mo bhochtanais.”
53Agus tráth bhí na seacht mbliadna de'n ráthmhnas san Éighphte thart, 54tháinig seacht mbliadna an ghanntanais, fé mar a dubhairt Seosamh. Agus leathnuigh an gorta amach thríd an domhan, acht do bhí arán ar fágháil i dtír uile na h-Éighphte. 55Agus an uair tháinig an cruadhtanas ar an Éighphte (féin), do scáirt na daoiní ar Pharao biadh a thabhairt dóibh. Agus dubhairt sé leo: “Téighigid chuige Seosamh, agus deanaigidh cibé rud a deirfeas sé libh (a dheanamh).” 56Agus d'eirigh an gorta ní ba mheasa i n-aghaidh an lae ar fud na tíre uilig. Agus d'fhoscail Seosamh na sciobail go léir, agus dhíol sé (an t-arbhar) do na h-Éighphtínigh, óir ghoil an gorta go géar ortha-san chomh maith. 57Agus tháinigeadar as gach críoch isteach san Éighphte, le biadh do cheannach, agus le fortacht éigin 'fhagháil in a gcruadh-chás.

Currently Selected:

Geinis 41: ABNPOD

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in