Agus indiaidh tamaill leag a mhaighistreas súil ar Seosamh, agus ars ise: “Tar a luighe liom.” Acht níor thoil leis-sean a léithid de dhroch-ghníomh, agus ars é léithe: “Féach, d'fhág mo mhaighistear gach uile rud faoi mo chúram 's m'aire acht amháin tú féin—a bhean-chéile-se; mar sin de, caidé mar thiocfadh liom a léithid de dhroch-ghníomh a dheanamh, agus peaca i n-aghaidh mo Dhé 'dheanmh?—Agus tá sé gan eolas ar a bhfuil in a thigh féin aige. Níl aon rud ann nár fhág sé fé mo chúram 's m'aire, acht amháin tusa a bhean-chéile-se; mar sin de caidé mar thiocfadh liom-sa a léithid de droch-ghníomh a dheanamh,—peacú in-aghaidh mo Dé?”