Tituis 2
2
Caibidil II
Teagusg agus eisiomlar Ṫituis ré ḃeiṫ 11 do reir ṡoluis an tsoisgeil, do nuile ċáil ḋaóine.
1Aċd laḃairse na neiṫe ṫig ré teagusg fallin: 2Eaḋon dáoine áosda do ḃeiṫ aireaċ, trómġa, measárġa, diongṁálta a gcréideaṁ, a ngráḋ, agus a ḃfoiġid. 3Na mná áosda mar an gcéudna, a naibíd iomċuḃaiḋ do náoṁṫaċd, gan ḃeiṫ na luċd eíliġe go héugcoir, gan íad féin do ṫaḃairt go hiomarcaċ dfíon, na luċd teaguisg neiṫeann maiṫ; 4As go dtiuḃradáois fo deara do na mnáiḃ óga ḃeiṫ súaiṁneaċ ann a ninntinn, gráḋaċ air a ḃfearuiḃ, agus air a gcloinn, 5Measárrġa, geanmnuiḋ, coṁnuiġeaċ na dtiġṫiḃ, maiṫ, úṁal da ḃfearuiḃ féin, deagla ḃréiṫre Dé do ṁasluġaḋ. 6Teaguisg na hóganuiḋ mar an gcéudna fá ḃeiṫ suáiṁneaċ na ninntinn. 7Taisbein ṫú fein sna huile neiṫiḃ ad eisiompláir ḋeaġoibriġṫeaḋ: maille ré teagusg neaṁṫruáilliġe, trómġa, fiórġlanaḋ, 8Briaṫar ḟalláin náċ feidir a loċduġaḋ; ionnus go mbíaḋ aḋnáire ar an to ċuireas ḃur naġuiḋ, ar mbeiṫ ḋó gan droċ ní ar biṫ aige ré a raḋ ḃur dtáoḃso. 9Teaguisg na searḃḟoġantuiġiḋ fá ḃeiṫ úṁal dá maiġisdriġiḃ, fa na dtoil do ḋéunaṁ sna huile neiṫiḃ; gan cur a naġuiḋ a mbriaṫar; 10Gan éinní ḋa gcuid do ṫéultóġ úaṫa, aċd a nuile ċoinġioll maiṫ do ṫáisbéunaḋ ḋóiḃ; ionnus go ndéunaidís teagusg Dé ar Slánaiġṫeóra taitneaṁaċ ar gaċ éunċor.
11Oír do ṡoillsiġ gras Dé go deallruiġeaċ do ḃeir slánuġaḋ ris, ċum na nuile ḋáoineaḋ, 12Ag taḃairt teagusg ḋúinne, fá neaṁḋíaġaċd agus ainmbían a tsáoġáilse do ṡeaċna, agus fa ar mbeaṫa do ċaiṫeaṁ ḋúinn go measarrġa, agus go cóṁṫrom, agus godíaġa, sa tsáoġalsa a láṫair; 13Ar mbeiṫ ḋúinn ag fuireaċ ris an muinġin ḃeannuiġe, agus re teaċd deallruiġeaċ ġloire an Dé ṁóir eaḋon ar Slánaiġṫeóra Iósa Críosd; 14Tug é féin air ar son, ċum ar bfúasgalta ó gaċ uile ṗeacaḋ, agus ċum ar nglanta ionnus go mbeimís ar pobal geanaṁuil aige féín, ag leanṁuin go dúṫraċdaċ do ḋeaġoíbriġiḃ. 15Laḃair, agus teaguisg na neiṫese, agus ceartuiġ maille ris a nuile úġdarrás. Ná tarcaisniġeaḋ éunduine ṫú.
Currently Selected:
Tituis 2: BedellG
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.