YouVersion Logo
Search Icon

Tituis 1

1
Caibidil I
Móḋa na ndeaġ easbóg agus na seanóireaḋ; 12 re peacaḋ dúṫaiḋ na Gcrétánuiġ, in-imḋeargaḋ.
1Pol, searḃḟoġantuiġ Dé, agus absdal Iosa Críosd, do réir ċreidiṁ ḋáoine ṫóġṫa Dé, agus adṁála na fírinne, noċ atá réir ḋíaġaċda; 2Ċum muiniġne na beaṫa marṫanuiġe, noċ do ġeall Día, ris naċ féidir bréug a ḋéunaṁ, suil do crúṫuiġeaḋ an dóṁan; 3Aċd do ḟoillsiġ sé a ḃríaṫar a nám iomċuḃaiḋ tré ṡeanmóir an tsoisgeil, do fágḃaḋ táoḃ riumsa do réir áiṫne De ar Slánaiġṫeóra; 4Ċum Títuis, mo ṁac ionṁuin, do réir an ċréidiṁ ċoitċinn: Grása, trócaire, agus síoṫċáin ó Ḋía Aṫair agus ón Dtíġearna Iósa Críosd ar Slánaiġṫeóir.
5A sé áḋḃar fár ḟág mé ṫú a Gcréta, ionnus go leanfá do ċéartuġaḋ na neiṫeann atá fós gan ċeartuġaḋ, agus go nóirdeóċa sagairt ann gaċ caṫair, do réir mar do aiṫin mé ḋiot: 6Má atá neaċ ar biṫ neaṁloċdaċ, na ḟior éun ṁná, agá ḃfuil clann ionnruic, naċ féidir éiliuġaḋ fá neaṁmeasarrġaċd, na easúṁal. 7Oír as cóir easbog do ḃeiṫ neaṁloċdaċ, mar ḟeaḋmantaċ Dé, gan ḃeiṫ ḋó ag ríoṫ réir a ṫóla féin, ná feargaċ, ná ró ḟonnṁar a ḃfíon, ná buáilteaċ, ná dúil do ḃeiṫ aige a néudáil neaṁġloin; 8Aċd na ḟear tiġe áoiġeaḋ do ċongṁáil, gráḋaċ air ḋáóiniḃ maiṫe, na ḋuine aireaċ, ċoṁṫrom, náóṁṫa, ṁeasarrġa; 9Ag comgṁáil na bréiṫre dísle go daingean do réir ṫeaguisg, ionnus go maḋ féidir léis teagusg do ṫaḃairt úaḋ maille ré foirceadal fallain agus an dream laḃrus na aġuiḋ do ḃréugnuġaḋ.
10Oír atáid iomad do ḋáoiniḃ easúṁla ann laḃras go dioṁaoin agus na mealltóiriḋ, go háiriġe an luċd atá don timċillġearraḋ: 11Dár ab éigean a mbéul do stopaḋ, dream ċuireas tiġṫe go huiliḋe fá ċéile, ag teagusg neiṫeann naċ cóir, do ġráḋ eudála néaṁġloine. 12A duḃairt neaċ áiriġe ḋíoḃ féin, a ḃfáiḋ díleas féin, Bréugairiġ do ġnáṫ na Crétánuiġ, droċ ainṁinteaḋa, builg ḟallsa. 13As fíor an ḟáiḋnuisese. Uime sin spreag íad go géur, ċum a mbeiṫ diongṁálta sa gcreideaṁ; 14Agus gan aire do ṫaḃairt do sgéuluiḃ fáḃuill na Níuduiġeaḋ, agus daiṫeantuiḃ dáoineaḋ, atá ar niompóġ on ḃfírinne. 15Atáid na huile neiṫe go deiṁin glan don druing atá glan: aċd don druing atá salaċ agus gan ċreideaṁ ni ḃfuil éinní glan; aċd fós atá a ninntinn agus a ccoinnsías salaċ. 16Adṁuiġid síad eólas do ḃeiṫ aca air Ḋía; giḋeaḋ séunuid a ngníoṁarṫuiḃ é, ar mbeiṫ ḋóiḃ aḋḟúaṫṁar, easúṁal, agus mearuiġṫe a dtáoḃ gaċ uile ḋéaġoibbre.

Currently Selected:

Tituis 1: BedellG

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in