Tituis 3
3
Caibidil III
Feíle Dé, agus deaġ oibriġe do ċur a gcuiṁne; 9 aċd ní híad ceasda éigcéilliḋe.
1Cuir a gcuiṁne ḋóiḃ ḃeiṫ úṁal duaċdaránaċduiḃ agus do ċúṁaċduiḃ, urruim do ṫaḃairt úaṫa úṁaḋ dá ḃeiṫ ullaṁ ċum gaċ uile ḋeaġoibre ṁaóriḃ, 2Gan neaċ ar biṫ do ṁasluġaḋ, gan ḃeiṫ brúiġneaċ, aċd suáiṁneaċ, ag táisbéunaḋ na huile ċeannsaċda do na huile ḋáoiniḃ. 3Oír do ḃamairne féin ar úairiḃ éigcéilliḋe, easúṁal, ag dul ar seaċrán, ag leanṁuin dainmíanuiḃ agus danntoiliḃ eugsáṁla, ag caiṫeaṁ ar mbeaṫa a miosguis agus a dtnúṫ, fúaṫṁar, agus ag fúaṫuġaḋ a ċeilé. 4Aċd an tan do ṡoillsiġ féile agus gráḋ Dé ar Slánaiġṫeóra do ḋáoiniḃ, 5Ní do réir na noibriġṫeaḋ ḃfiréunnda do rinneamairne, aċd do réir a ṫrócaire féin do ṡáor sé sinn, tré ionnlaḋ na haiṫġineaṁna, agus tré aṫnúaḋuġaḋ an Spiorad Náoiṁ; 6Do ḋóirt sé oruinn go saiḋḃir tré Iósa Críosd ar Slanuiġṫeoir. 7Ionnus ar mbeiṫ ḋúinn air ar sáoraḋ tré na ġrásuiḃsion, go ndeuntáoi oiġreaḋa ḋínn do réir ṁuiniġne na beaṫa marṫannuiġe. 8As fírinneaċ an ráḋ so, agus is áill leam ṫú ḋeiṁniuġaḋ na neiṫeansa, ionnus go mbíaḋ an dream do ċreid do Ḋía ro ḋíṫċiollaċ a ndéaġoibriġiḃ do ḋéunaṁ. As íad so na neiṫe ṫéid a sóċar agus a dtarḃa do ḋáoiniḃ. 9Aċd toirmisg ceasda éigcéilliḋe, agus seanċuis, agus connsbóid, agus imreasana a dtimċioll an reaċda; óir atáid síad gan tarḃa gan éifeaċd. 10An tí atá na eiriceaċ tair éis fógra no ḋó ṫaḃairt dó seaċuin é; 11Ar mbeíṫ a ḟeasa agad go ḃfuil a ṡaṁuil sin do neaċ ar ndul fá ċéile, agus go bpeacuiġeann sé, ar mbeiṫ ḋó damnuiġṫe úaḋ féín.
12An tan ċuirfeas mé Artemas ċugad, nó Tiċicus, déun deiṫeas ré ṫeaċd ċugam go Nicopolis: óir is ann sin do ċuir mé roṁan an geiṁreaḋ ċaiṫeaṁ. 13Seól uáid go dúṫraċdaċ sa tslíġe Sénas an fear dliġe agus Apollos, ar ġléus náċ mbiáiḋ uireasḃuiḋ éinneiṫe orrṫa. 14Agus déunuid an dream as dínne mar an gcéudna fóġluim ar ḋeaġoibriġiḃ do ḋéunaṁ ċum na ngnáhuiġṫeaḋ riaċdanaċ, ionnus naċ beídis neaṁṫoruiḋeaċ.
15Cuirid a ḃfuil um ḟoċairse uile a mbeannaċd ċugad. Teann riot an ṁéid ġráḋuiġeas sinne sa gcreideaṁ. Grása maille riḃ uile. Amen.
Currently Selected:
Tituis 3: BedellG
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.