Roṁánaċ 6
6
Caibidil VI
Ar ċum peacaḋ do scrios, 4 aiṫġintear duine tré baisde, 12 agus ḟásas sé a Gcríosd.
1Ar a naḋḃarsin créd a déurum? An ḃfanfum a gcóṁnuiḋe a bpeacaḋ, ionnus go líonfaḋ grás Dé? 2Nár léige Día sin. Cionnas do ḟéadfamaóisne, atá marḃ don ṗeacaḋ fuireaċ béo fós ann? 3A né naċ ḃfuil a ḟios agaiḃ, an ṁéid ḋínne do baisdeaḋ a Níosa Críosd gur baisdeaḋ sinn ann a ḃás san? 4Ar a naḋḃarsin atámuid aḋlaice maráon risean tré ḃaisdeaḋ ċum báis: ionnus do réir mar do tógḃaḋ súas Críosd ó ṁarḃaiḃ ċum glóire a Náṫar, gur mar sin mar an gcéudna do ḋéunmais siuḃal a núaiḋeaċd beaṫa. 5Oír dá raiḃ sinn air ar bplannduġaḋ maráon rision a gcosṁuilaċd a ḃáis: bíam mar an gcéadna a gcosṁuilaċd a eiséiriġe: 6Ar mbeiṫ ḟios so aguinn, go ḃfuil ar seanduine ar ná ċéusaḋ maráon rision, do ċum go sgriosfuiḋe corp an ṗeacaiḋ, ionnus náċ déanamaóis seirḃis ó so súas don ṗeacaḋ. 7Oír an tí fuáir bás, is sáor é ó ṗeacaḋ. 8Agus má fúaramar bás mar áon ré Críosd, creidmid go mairfeam mar an gcéudna maráon ris: 9Ar mbeiṫ a ḟios aguinn ar néirġe do Ċríosd ó ṁarḃaiḃ naċ ḃfuiġe sé bás ní sa ṁó; ní ḃfuil tiġearnus feasda ag an mbás air. 10Oir ar ḃfaġáil ḃáis dó, is don ṗeacaḋ fuáir sé bás éunuáir aṁáin: aċd ar mbeiṫ béo ḋó, is do Ḋía atá sé béo. 11Agus mar an gcéudna is measda ḋáoiḃsi go ḃfuilti go deiḃin marḃ don ṗeacaḋ, agus béo do Ḋía tré Iósa Críosd ar Dtiġearna.
12Ar a naḋḃarsin na bioḋ rioġaċd ag an bpeacaḋ ion ḃur gcorp sóṁarḃṫa, ionnus go dtiuḃraḋ siḃ úṁlaċd dó ann ainṁianaiḃ. 13Agus na tugaiḋ ḃur mbaill na nármuiḃ éugcóra don ṗeacaḋ: aċd tugaiḋ siḃ féin do Ḋía, mar ḋruing atá béo ó ṁarḃuiḃ, agus ḃur mbaill na nármuiḃ firéantaċda do Ḋía. 14Oír ní ḃiáiḋ tiġearnus ag an bpeacaḋ oraiḃ: do ḃríġ náċ fáoi an dliġeaḋ atá siḃ, aċd faói ġrásuiḃ.
15Créd eile maseaḋ? a ndéanam peacaḋ, ar a naḋḃar náċ ḃfuilmíd faói an dliġeaḋ, aċd faói ġrásuiḃ? nar léige Día sin. 16An é naċ ḃfuil a ḟios aguiḃ, giḋ bé ḋá dtaḃarṫaói siḃ féin mar ṡeirḃíseaċuiḃ ċum úṁlaċda, gur seirḃísiġ siḃ don tí sá núṁlaiġṫí; mas do ṗeacaḋ ċum báis, no dúṁlaċd ċum firéantaċda? 17Aċd buiḋeaċas ré Día, go raḃaḃair ḃur seirḃíseaċuiḃ ag an bpeacaḋ, aċd dúṁlaiġ siḃ ó ċróíḋe don ḟoirm ṫeaguisg do tugaḋ ḋíḃ. 18Agus ar mbeiṫ ḋíḃ ar ḃur sáoraḋ ó ṗeacaḋ, do rinneaḋ seirḃísiġ don ḟíréuntaċd ḋaóiḃ. 19Is mar ḋuine laḃrum ar son anḃfainne ḃur ḃféolasa: oír do réir mar ṫugaḃair ḃur mbaill na seirḃíseaċuiḃ do neaṁġloine agus do ḃriseaḋ na naiṫeantaḋ ċum éagcóra; taḃruiġ a nois mar an gcéudná ḃur mbaill na seirḃíseaċuiḃ don ḟíréantaċd ċum náoṁṫaċda. 20Oír an tan do ḃí siḃ ḃur seirḃíseaċuiḃ ag an bpeacaḋ, do ḃí siḃ sáor ó ḟíréuntaċd. 21Ar a naḋḃarsin créd é an toraḋ fúaraḃair a nuáirsin ann sna neiṫiḃ fá a ḃfuil náire a nois oraiḃ? oír as é as críoċ ḋóiḃ bás. 22Aċd a nois ar mbeiṫ ḋáoiḃ ar ḃur sáoraḋ ó ṗeacaḋ, agus ar ḃur ndéunaṁ ḃur seirḃiseaċuiḃ dó Ḋía, atá toraḋ aguiḃ ċum náoṁṫaċda, agus an ċríoċ ḋeiġeanaċ an ḃeaṫa ṁarrṫanaċ. 23Oír asé as tuarasdal don ṗeacaḋ bás; aċd asé taḃartus De an ḃeaṫa ṁárrṫanaċ tré Iosa Críosd ar Dtiġearna.
Currently Selected:
Roṁánaċ 6: BedellG
Highlight
Share
Compare
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.