1
Roṁánaċ 6:23
An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)
BedellG
Oír asé as tuarasdal don ṗeacaḋ bás; aċd asé taḃartus De an ḃeaṫa ṁárrṫanaċ tré Iosa Críosd ar Dtiġearna.
Compare
Explore Roṁánaċ 6:23
2
Roṁánaċ 6:14
Oír ní ḃiáiḋ tiġearnus ag an bpeacaḋ oraiḃ: do ḃríġ náċ fáoi an dliġeaḋ atá siḃ, aċd faói ġrásuiḃ.
Explore Roṁánaċ 6:14
3
Roṁánaċ 6:4
Ar a naḋḃarsin atámuid aḋlaice maráon risean tré ḃaisdeaḋ ċum báis: ionnus do réir mar do tógḃaḋ súas Críosd ó ṁarḃaiḃ ċum glóire a Náṫar, gur mar sin mar an gcéudna do ḋéunmais siuḃal a núaiḋeaċd beaṫa.
Explore Roṁánaċ 6:4
4
Roṁánaċ 6:13
Agus na tugaiḋ ḃur mbaill na nármuiḃ éugcóra don ṗeacaḋ: aċd tugaiḋ siḃ féin do Ḋía, mar ḋruing atá béo ó ṁarḃuiḃ, agus ḃur mbaill na nármuiḃ firéantaċda do Ḋía.
Explore Roṁánaċ 6:13
5
Roṁánaċ 6:6
Ar mbeiṫ ḟios so aguinn, go ḃfuil ar seanduine ar ná ċéusaḋ maráon rision, do ċum go sgriosfuiḋe corp an ṗeacaiḋ, ionnus náċ déanamaóis seirḃis ó so súas don ṗeacaḋ.
Explore Roṁánaċ 6:6
6
Roṁánaċ 6:11
Agus mar an gcéudna is measda ḋáoiḃsi go ḃfuilti go deiḃin marḃ don ṗeacaḋ, agus béo do Ḋía tré Iósa Críosd ar Dtiġearna.
Explore Roṁánaċ 6:11
7
Roṁánaċ 6:1-2
Ar a naḋḃarsin créd a déurum? An ḃfanfum a gcóṁnuiḋe a bpeacaḋ, ionnus go líonfaḋ grás Dé? Nár léige Día sin. Cionnas do ḟéadfamaóisne, atá marḃ don ṗeacaḋ fuireaċ béo fós ann?
Explore Roṁánaċ 6:1-2
8
Roṁánaċ 6:16
An é naċ ḃfuil a ḟios aguiḃ, giḋ bé ḋá dtaḃarṫaói siḃ féin mar ṡeirḃíseaċuiḃ ċum úṁlaċda, gur seirḃísiġ siḃ don tí sá núṁlaiġṫí; mas do ṗeacaḋ ċum báis, no dúṁlaċd ċum firéantaċda?
Explore Roṁánaċ 6:16
9
Roṁánaċ 6:17-18
Aċd buiḋeaċas ré Día, go raḃaḃair ḃur seirḃíseaċuiḃ ag an bpeacaḋ, aċd dúṁlaiġ siḃ ó ċróíḋe don ḟoirm ṫeaguisg do tugaḋ ḋíḃ. Agus ar mbeiṫ ḋíḃ ar ḃur sáoraḋ ó ṗeacaḋ, do rinneaḋ seirḃísiġ don ḟíréuntaċd ḋaóiḃ.
Explore Roṁánaċ 6:17-18