Roṁánaċ 5
5
Caibidil V
Toraḋ na saóirsinne tré ċreideaṁ; 12 agus Coiṁṡíneaḋ Aḋaíṁ agus Ċríosd ré ċéile.
1Ar a naḋḃarsin tar éis ar soárṫa tré ċreideaṁ, atá sioṫċáin aguinn ré Día tré ar Dtiġearna Iósa Críosd: 2Tré na ḃfúaramar mar an gcéadna sliġe trés an gcreideaṁ ċum na ngrása ann a seasmáoid, agus a ndéanmáoid gáirdeaċás fá ṁuiníġin ġlóire Dé. 3Agus ní hé aṁáin, aċd do nimid gáirdeaċus mar an gcéadna a dtrioblóidiḃ: do ḃríġ go ḃfuil a ḟios aguinn go noibriġeann an trioblóid foiġid; 4Agus an ḟoiġid, dearḃaḋ; agus an dearḃaḋ, dóṫċus: 5Aċd ní aḋnáirġeann an dóċus; do ḃríġ go ḃfuil gráḋ Dé ar na ḋórtuḋ an ar gcroiḋiḃne trés an Spiorad Náoṁ atá ar na ṫaḃairt dúinn. 6Oír do ḟúlaing Críosd bás na am féin ar son na ndaóineaḋ neaṁḋíaḋa, an tan do ḃámar fós anḃann. 7Oír deiṁin is deacair go ḃfuileongaḋ duine bás ar son ḟírénuiġ: óir dob éidir go laṁṫaḋ duine éigin bás dfulang ar son ḋuine ṁaiṫ. 8Aċd foillsiġiḋ Día a ġráḋ féin dúinne ann so, do ḃriġ ag mbeiṫ ḋúinn fós ar bpeacṫaċuiḃ, gur ḟuiling Críosd bás air ar son. 9Ar a naḋḃarsin, tar éis ar sáorṫa a nois lé na ḟuilsion, is mó go mór ċoiṁéudfuiḋṫear sinn ṫrídsion ó ḟeirg. 10Oir má, réiḋeaḋ eadruinne agus Día tré bás a Ṁic, a nuáir do ḃámar ar náiṁdiḃ, is mó ná sin go mór, ar mbeiṫ a naṫṁuinntearḋas dúinn, ċoiṁéadfuiġṫear sinn tré na ḃeaṫasan. 11Agus ní hé sin aṁáin, aċd már an gcéudna do nímíd máoiḋeaṁ a Ndía tré ar Dtiġearna Iósa Críosd, tré a ḃfúaramar a nois an taṫṁuinntearḋas.
12Ar a naḋḃarsin mar ṫáinic an peacaḋ air a tsáoġal tré áonduine aṁain, agus an bás trés an bpeacaḋ; is mar sin ráinic an bás na huile ḋaóine, ar son gur ṗeacuiġeadar uile: 13Oír gus an dliġeaḋ do ḃí an peacaḋ ann sa tsáoġal, aċd ní cuirṫear an peacaḋ a leiṫ ḋuine a nuáir naċ mbíonn dliġeaḋ ann. 14Giḋeaḋ do ḃí rioġaċd ag an mbás ó Aḋaṁ go Maóisi, ar a ndréim fós nar ṗeacaiġ do réir ċosaṁlaċda easuṁlaċda Aḋuiṁ, noċ atá na ḟioġair ag an té úd do ḃí ċum teaċda. 15Aċd ní mar an gcoir, atá an tioḋlacaḋ. Oir má fúaradar mórán bás tré ṫuitim áonduine aṁáin, is roṁó na sin do acfuinniġ grás Dé, agus an tioḋlacaḋ tré ġrás a náonduine Iósa Críosd, do ṁórán. 16Agus ní mar an táonduine do ṗeacuiġ, atá an taḃartas: óir ṫáinic an ḃreiṫeaṁnus tré áonċoir aṁáin ċum dámanta, aċd tainic an taḃartus ó iomad cionntaḋ ċum sáorṫa. 17Oír más do ḃríġ áonċoire aṁáin do ġaḃ an bás rioġaċd tré áonduine; is mó ná sin go mór do ġéuḃá an ṁuinntir ġlacas fáirsingi ġrása agus ṫaḃartais na fireantaċda rioġaċd a mbeaṫa tré áon, eaḋon Iósa Críosd.
18Ar a naḋḃarsin, aṁail as tré áonċoir aṁáin ṫáinic bréiṫeaṁnus air ná huile ḋaóiniḃ ċum damanta; is mar sin ṫáinic an taḃartus tré áontsáoraḋ aṁáin air gaċ uile ḋuine ċum sáorṫa na beaṫa. 19Oír mar is tré easúṁlaċd éunduine aṁáin do rinneaḋ peacuiġ do ṁórán, is mar sin tré úṁlaċd éunduine aṁáin do ḋéantar firéanuiġ do ṁórán. 20Aċd ṫáinic an dliġeaḋ, ionnus go méidéoċṫaói an ċoir. Aċd sa ḃall ar ṁéuduiġ an peacaḋ is ann rug an grás bárr: 21Ionnus dó réir mar do ṫiġearnuiġ an peacaḋ ċum báis, go dtiġearnóċaḋ grás mar an gcéudna tré ḟiréantaċd ċum na beaṫa marṫanuiġe tré Iosa Críosd ar Dtiġearna.
Currently Selected:
Roṁánaċ 5: BedellG
Highlight
Share
Compare
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.