Roṁánaċ 7
7
Caibidil VII
Gu ḃfuil duine marḃ don réaċd (noċ ḟéuċas a ċoire ḋó, naċ eidir leis a ċlaói, tré ċaṫ na mbaill re na inntinne;) 25 aċ beó tré ċreidiṁ Ċríosd.
1A ne naċ ḃfuil a ḟios aguiḃ, a ḋearḃraiṫre, (óir as ris an luċd agá ḃfuil fios an reaċda laḃruim,) go ḃfuil cúṁaċda ag an reaċd ar ḋuine ar feaḋ a ṡáoġail? 2Oir an ḃean atá pósda ré fear atá sí ceangailte ḋé feaḋ a ṡáoġail do réir an reaċda; giḋeaḋ dá ḃfáġaḋ a fear bás, atá sise sáor ó reaċd a nfir. 3Uime sin ré sáoġal a fir dá raiḃ sí ag fear éile, goirfiġṫear meirdreaċ ḋí: giḋeaḋ dá ḃfaġaiḋ a fear bás, atá sí sáor ón reaċd; ionnus naċ meirdreaċ í, ar son í ḃeiṫ ag fear eile. 4Ar a naḋḃarsin, a ḃraiṫreaċa, atá siḃse leis marḃ don reaċd tré ċorp Ċríosd; ionnus go mbíaḋ siḃ ag fear eile, eaḋon, ḋosan noċ do tógḃaḋ súas ó ṁarḃaiḃ, ċum sinne toraiḋ ṫaḃairt do Ḋía. 5Oír tan do ḃámair sa ḃfeóil, do ḃioḋ míangus na bpeacaḋ, trés an reaċd, ag oibriuġaḋ ann ar mballaiḃ ċum toraiḋ do ṫaḃairt ċum báis. 6Aċd a nois atámaid air ar sáoraḋ ón reaċd, ar mbeiṫ don ní lér congṁaḋ sinn marḃ; ionnus go ndéanamaóis seirbís a nuáiḋeaċd na spioráide, agus ní an narsaiġeaċd na leitre.
7Ar a naḋḃarsin créud a déuram? A né gur peacaḋ an reaċd? nar léige Día sin. Giḋeaḋ, ní raiḃ fios peacaiġ agum aċd trés an reaċd: oír ní ḃíaḋ éolus air mbíangus agum, muna nabraḋ an reaċd, Na bioḋ míanġus ort. 8Agus ar ngaḃáil ċionfáṫa don ṗeacaḋ, trés a naiṫne, do oibriġ sé íonnum gaċ uile ġné ṁíanġuis. Oir a ḃféugṁuis an reaċda do ḃi an peacaḋ marḃ. 9Agus do ḃí misi ar uáiriḃ beó a ḃféugṁais an reaċda: aċd ar dteaċd do náiṫne, do aiṫḃéoḋaiḋ an peacaḋ, agus fuáir misi bás. 10Agus a náiṫna úd, do hórduiġeaḋ ċum beaṫa, fríṫ ḋaṁsa í ċum báis. 11Oír ar ngaḃáil ċionfáṫa don ṗeacaḋ, trés a naiṫne, do ṁeall sé mé, agus lé sin do ṁarḃ sé mé. 12Ar a naḋḃarsin atá an reaċd gan aṁarus náoṁṫa, agus a náiṫne náoṁṫa, agus coṁṫrom, agus maiṫ.
13Uime sin an ḃfuil a ní maiṫ ar na ḋéunaṁ na ḃás ḋáṁsa? nar léigiḋ Día sin. Aċd an peacaḋ, ionnus go ṁíaḋ sé follus na ṗeacaḋ, doibriġ sé bás ionnum trés a ní maiṫ; do ċum go mbíaḋ an peacaḋ na ṗeacaḋ áiḋḃéileaċ trés a náiṫne. 14Oir atá a ḟios aguinn go ḃfuil an reaċd sbioradálta: aċd atáimse collaiġe, ar mo reic faói ṗeacaḋ. 15Oir ní ṫuigim an ní do ním: óir ní hé an ní is mían ríom, do ním; aċd a ní fúaṫaiġim, a sé do ním. 16Agus má sé a ní naċ mían riom do ním, tigim ris an reaċd gur maiṫ é. 17Ar a naḋḃarsin ní misi feasda do ní é, aċd an peacaḋ ċoṁnaiġeas ionnum. 18Oír atá a ḟios agam, naċ ḃfuil maiṫ ar biṫ na coṁnuiḋe íonnum, eaḋon am ḟeóil: óir ata an toil a ḃfogus daṁ; aċd ní ḟaġuim sliġe ar biṫ ċum na maiṫeasa do ċríoċnuġaḋ. 19Oír ní ḋéanuim an ṁaiṫ is mían riom: aċd an tolc naċ mían riom, a sé do ním. 20Agus má nímse a ní naċ mían riom, ní misi do ní é feasda, aċd an peacaḋ ċoṁnuiġeas ionnum. 21Ar a naḋḃarsin do ġeiḃim dliġeaḋ, an tan is mían riom maiṫ do ḋéanaṁ, go ḃfuil an tolc do laṫuir agam. 22Oír atá fonn agam a reaċd Dé do réir an duine táoḃ asdiġ: 23Aċd do ċím reaċd eile ann mo ḃallaiḃ, ag caṫuġaḋ a naġaiḋ reaċda minntinne, agus dom ṫaḃairt a mbruid do reaċd an ṗeacaiḋ noċ atá am ḃallaiḃ. 24Uċ mo ṫrúaiġe um ḋuine truailleánta! cía ṡáorfus mé ó ċorp an ḃáis so? 25Beirim buíḋeaċus ré Día tré Iósa Críosd ar Dtiġearna. Uime sin do nímse go deiṁin am intinn seirḃís do reaċd Dé; aċd am ḟéoil reaċd an ṗeacaiḋ.
Currently Selected:
Roṁánaċ 7: BedellG
Highlight
Share
Compare
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.