YouVersion Logo
Search Icon

Roṁánaċ 12

12
Caibidil XII
Ata aḋra úṁal Dé, maílle re graḋ ċarad agus náṁad, fúagarṫa orrainn trid ṡompla ṫrócaire Ċríosd.
1Ar a naḋḃarsin sirim daṫċuinge oraiḃ, a ḋearḃraiṫreaċa, tré trócaire Dé, ḃur gcuirp do ṫaḃairt na ḃéo-ioḋbairt, náoṁṫa, geanaṁail do Ḋía, ḃur seirḃís réusúnta. 2Agus na cumaiḋ siḃ féin ris an tsáoġalsa: aċd cuiriḋ siḃ féin a naṫarraċ croṫa ré haṫnúaḋuġaḋ ḃur ninntinne, ionnus go mbíaḋ a ḋearḃ aguiḃ créud í toil ṁaiṫ, ġeanaṁuil, ḋiongṁála Dé.
3Oír a deirim, ré gaċ áon eadruiḃse, trés an ngrás do tugaḋ ḋaṁ, gan ġaḃáil ré a ais ní do ṫuigsin ós cionn a neiṫe is iomċuḃaiḋ ḋó do ṫuigsin; aċd a ṫuigsi do ḃeiṫ réir ṁeasarrḋaċda, aṁail as do roinn Día ré gaċ áoinneaċ miosúr creidiṁ. 4Oír do réir mar atá iomad ball aguinn a néunċorp aṁáin, agus naċ éunoifig aṁáin atá ag na huile ḃallaiḃ sin: 5As mar an gcéudna, atámaóidne morán, ar néanċorp a Gcríosd, agus gaċ áon fo leiṫ ar ṁallaiḃ agá ċéile. 6Uime sin ar mbeiṫ do ṫioḋlaiciḃ éugsáṁla aguinn do réir na ngrás tugaḋ ḋúinn, más fáiḋedóireaċd atá aguinn, déanam faiḋedóireaċd do réir ṁéud an ċreidiṁ; 7Nó más oifig atá aguinn, tugam aire don oifig: nó an té ṫeaguisgeas, tugaḋ aire ḋa ṫeagusg; 8Nó an té do ḃeir foirceadal úaḋa, tugaḋ aire ḋá ḟoirceadal: an tí roinneas an déirc, roinneaḋ í maille ré neaṁurċóid; an tí agá ḃfuil ceannus ós cionn ċáiċ, déunaḋ é maille ré dúṫraċd; an tí do ní trócaire, déunaḋ í maille ré súḃaċus.
9 Bíoḋ ḃur ngráḋ gan ċeilg. Bíoḋ gráin agaiḃ ar a nolc; agus ceangluiġ don ṁaiṫ. 10Bíoḋ toil aguiḃ ḋá ċéile maillé ré gráḋ bráiṫreaṁuil; ag taḃairt onóra uáiḃ gaċ áon ag dul roiṁe a ċéile; 11bíġiḋ leisgeaṁuil a ngnoṫuiġiḃ; Bíġiḋ ar fiuċaḋ ann ḃur spioraid; ag déanaṁ seirḃísi don Tiġearna; 12Ag déunaṁ gáirdeaċais tré ḋóṫċas; foiġideaċ a mbuáiḋearṫuiḃ; cóṁnuiġeaċ a núrnaiġe; 13Ag cóṁroinn ris na náoṁaiḃ iona ríaċdanusaiḃ; ag gnáṫuġaḋ luċd áoiḋeaċda do ġlacaḋ. 14Taḃruiḋ ḃur mbeannaċd don dreim ḋíḃreas síḃ: taḃruiḋ ḃir mbeannaċd dóiḃ, agus na malluiḋe íad. 15Bíoḋ gairdeaċus oráiḃ ma ráon ris an muinntir ar a ḃfuil gairdeaċus, agus bígiḋ ag cáoi maráon ris an muinntir do ní cáoi. 16Go maḋ háontoil ḋíḃ ré ċéile. Ná bígiḋ áirdinntinneaċ, aċd cumaiḋ siḃ féin ris a ndreim is ísle. Nó biġiḋ glic ann ḃur mbaraṁluiḃ féin. 17Na déanaiḋ olc a naġaiḋ uilc ar éainneaċ. Bíoḋ cúram na neiṫeann maiṫ oraiḃ a ḃfíaḋnuise na nuile ḋáoine. 18Mas féidir é, an ṁéid ṫig ḋíḃsé ḋe, bíoḋ síoṫċáin agaiḃ ris na huile ḋaóiniḃ 19A ċairde gráḋaċa, ná déunaiḋ dioġaltus ar ḃur son féin, aċd fanaiḋ ris an ḃfeirg: óir atá sgríoḃṫa, Is leamsa an dioġaltus; do ḃéura mé cúitiuġaḋ uáim, a deir an Tiġearna. 20Uime sin dá raiḃ ocarus ar do náṁuid, taḃair bíaḋ ḋó; dá raiḃ tart air, taḃair deoċ ḋó: óir tré so do ḋéunaṁ ḋuit carnfuiḋ tú gríosaċ ar a ċeann. 21Na beireaḋ an tolc buáiḋ ort, aċd beirse buáiḋ ar a nolc ré maiṫ.

Currently Selected:

Roṁánaċ 12: BedellG

Highlight

Share

Compare

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in